14.11.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1099/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Deireadh Fómhair 2008

maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh

(Téacs atá ábhartha ma idir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sonraí beachta, tráthúla ag teastáil ón gCoimisiún maidir le cainníochtaí fuinnimh, lena bhfoirmeacha, a bhfoinsí, a nginiúint, a soláthar, a gclaochlú agus a dtomhaltas, chun monatóireacht a dhéanamh ar thionchar agus ar iarmhairtí a chuid oibre beartais i dtaca le fuinneamh.

(2)

Go dtí seo bhíodh staidreamh i dtaca le fuinneamh dírithe go traidisiúnta ar sholáthar fuinnimh agus ar fhuinnimh iontaise. Sna blianta atá amach romhainn, caithfear díriú níos mó ar eolas agus ar mhonatóireacht ar thomhaltas deiridh fuinnimh, ar fhuinneamh inathnuaite agus ar fhuinneamh núicléach a threisiú.

(3)

Tá sé riachtanach go mbeidh faisnéis atá cruinn, cothrom le dáta ar fáil i dtaca le fuinneamh chun tionchar tomhaltais fuinnimh ar an gcomhshaol a mheasúnú, go háirithe i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa. Ceanglaítear an fhaisnéis sin a sholáthar le Cinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le sásra chun monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de chuid an Chomhphobail agus maidir le Prótacal Kiótó a chur chun feidhme (2).

(4)

Le Treoir 2001/77/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 maidir le leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh a chur chun cinn sa mhargadh inmheánach leictreachais (3) agus le Treoir 2004/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhghiniúint, arna bunú ar éileamh teasa úsáidigh sa mhargadh inmheánach fuinnimh, a chur chun cinn (4), ceanglaítear ar na Ballstáit sonraí cainníochtúla i dtaca le fuinneamh a thuairisciú. D’fhonn monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis na cuspóirí a leagtar amach sna Treoracha sin, tá sonraí mionsonraithe, cothrom le dáta i dtaca le fuinneamh de dhíth.

(5)

Cuireann Treoir 2002/91/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le feidhmiúlacht fuinnimh foirgneamh (5), Treoir 2006/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le héifeachtúlacht críochúsáide fuinnimh agus seirbhísí fuinnimh (6) agus Treoir 2005/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2005 lena mbunaítear creat maidir le ceanglais éicidheartha le haghaidh táirgí fuinneamh-úsáidte a leagan síos (7) de cheangal ar na Ballstáit sonraí tomhaltais fuinnimh cainníochtúla a thuairisciú. Chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis na cuspóirí a leagtar amach sna Treoracha sin a bhaint amach, tá sonraí mionsonraithe, cothrom le dáta i dtaca le fuinneamh, chomh maith le comhéadan níos fearr idir na sonraí sin i dtaca le fuinneamh agus suirbhéanna staidrimh gaolmhara amhail na daonáirimh agus na háirimh thithíochta, mar aon le sonraí iompair, de dhíth.

(6)

Maidir leis na Páipéir Uaine ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2005 maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh agus an 8 Márta 2006 maidir le Straitéis Eorpach i dtaca le Soláthar Inmharthana, Iomaíoch agus Slán Fuinnimh, déantar plé iontu ar bheartais fuinnimh an AE dá bhfuil fáil ar shonraí i dtaca le fuinneamh an AE de dhíth, lena n-áirítear chun Faireachlann ar Mhargadh Fuinnimh na hEorpa a bhunú.

(7)

Ní mór sonraí mionsonraithe, cothrom le dáta i dtaca le fuinneamh a sholáthar chun samhail um thuar fuinnimh san fhearann poiblí a bhunú, faoi mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa ina Rún an 14 Nollaig 2006 maidir le Straitéis Eorpach i dtaca le Soláthar Inmharthana, Iomaíoch agus Slán Fuinnimh (8).

(8)

Sna blianta amach romhainn, ba cheart aird níos mó a thabhairt ar shlándáil soláthair na mbreoslaí is tábhachtaí agus tá gá le sonraí níos tráthúla agus níos cruinne ar leibhéal an AE chun réitigh de chuid an AE ar ghéarchéimeanna soláthair a d’fhéadfadh tarlú a thuar agus a chomhordú.

(9)

Mar gheall ar léirscaoileadh an mhargaidh fuinnimh, agus mar gheall ar a chastacht atá ag dul i méid, tá sé ag éirí níos deacra sonraí iontaofa, tráthúla i dtaca le fuinneamh a fháil d’uireasa, go háirithe, bunús dlí maidir le soláthar na sonraí sin.

(10)

Chun go mbeidh an córas staidrimh i dtaca le fuinneamh ina chabhair don chinnteoireacht pholaitiúil san Aontas Eorpach agus ina Bhallstáit agus chun díospóireacht phoiblí a mbeadh na saoránaigh páirteach inti a spreagadh, ní foláir dó ráthaíochtaí a thabhairt maidir le hinchomparáideacht, le trédhearcacht, le solúbthacht agus le cumas chun fhoráis. Ba cheart, dá bhrí sin, go luath amach anseo, staidreamh i dtaca le fuinneamh núicléach a ionchorprú agus ba cheart sonraí iomchuí i dtaca le fuinneamh inathnuaite a fhorbairt tuilleadh. Ar an gcaoi chéanna, maidir le héifeachtacht fuinnimh, bheadh fáil ar staidreamh mionsonraithe i dtaca le gnáthóga agus i dtaca le hiompar thar a bheith úsáideach.

(11)

Tá soláthar staidrimh Chomhphobail faoi rialú ag na rialacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 maidir le Staidreamh Comhphobail (9).

(12)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon réim coiteann a bhunú maidir le soláthar, tarchur, meastóireacht agus scaipeadh staidrimh inchomparáide i dtaca le fuinneamh sa Chomhphobal, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(13)

Agus staidreamh Comhphobail á sholáthar á scaipeadh faoin Rialachán seo, ba cheart go gcuirfeadh na húdaráis staidrimh náisiúnta agus Comhphobail san áireamh na prionsabail a leagtar amach sa Chód Cleachtais don Staidreamh Eorpach a ghlac an Coiste um an gClár Staidrimh, a bunaíodh le Cinneadh 89/382/CE ón gComhairle, Euratom, an 24 Feabhra 2005 (10) agus a cuireadh i gceangal leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le neamhspleáchas, le hiontaofacht agus le cuntasacht na n-údarás náisiúnta agus Comhphobail staidrimh.

(14)

Na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (11).

(15)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún liosta na bhfoinsí sonraí, an staidreamh náisiúnta agus na soiléirithe nó na sainmhínithe is infheidhme a mhodhnú mar aon leis na socruithe tarchuir, agus staidreamh bliantúil i dtaca le fuinneamh núicléach a bhunú agus a mhodhnú, a luaithe a ionchorprófar é, staidreamh i dtaca le fuinneamh inathnuaite a mhodhnú, a luaithe agus a ionchorprófar é, agus staidreamh maidir le tomhaltas deiridh fuinnimh a bhunú agus a mhodhnú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(16)

Is gá a fhoráil go bhféadfaidh an Coimisiún díolúintí nó maoluithe a dheonú do Bhallstáit ó na gnéithe sin den bhailiú sonraí i dtaca le fuinneamh a chuirfeadh ualach iomarcach ar fhreagróirí. Níor chóir na díolúintí ná na maolaithe a dheonú ach amháin ar údar maith a fháil a léiríonn go trédhearcach an cás atá ann faoi láthair agus na hualaí iomarcacha. Ba cheart go dteorannófaí an tréimhse ar lena linn a bheidh na díolúintí nó na maoluithe sin i bhfeidhm go dtí an tréimhse ama is giorra is gá.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um an gClár Staidrimh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo creat coiteann maidir le soláthar, tarchur, meastóireacht agus scaipeadh staidrimh inchomparáide i dtaca le fuinneamh sa Chomhphobal.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí staidrimh a bhaineann le táirgí fuinnimh agus lena gcomhiomláin sa Chomphobal.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘staidreamh Comhphobail’ staidreamh Comhphobail mar a shainmhínítear é sa chéad fhleasc d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97;

(b)

ciallaíonn ‘staidreamh a chur ar fáil’ staidreamh a chur ar fáil mar a shainmhínítear é sa dara fleasc d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97;

(c)

ciallaíonn ‘an Coimisiún (Eurostat)’ an t-údarás Comhphobail mar a shainmhínítear é sa cheathrú fleasc d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97;

(d)

ciallaíonn ‘táirgí fuinnimh’ breoslaí indóite, teas, fuinneamh inathnuaite, leictreachas, nó aon fhoirm eile fuinnimh;

(e)

ciallaíonn ‘comhiomláin’ sonraí comhiomlánaithe ar an leibhéal náisiúnta maidir le cóireáil nó le húsáid táirgí fuinnimh, eadhon táirgeadh, trádáil, stoic, claochlú, tomhaltas, agus saintréithe struchtúracha an chórais fuinnimh amhail toilltí suiteáilte maidir le giniúint leictreachais nó toilltí táirgthe maidir le táirgí ola;

(f)

ciallaíonn ‘cáilíocht sonraí’ na gnéithe seo a leanas de cháilíocht staidrimh: ábharthacht, cruinneas, tráthúlacht agus poncúlacht, inrochtaineacht agus soiléire, inchomparáideacht, comhleanúnachas agus iomláine.

Airteagal 3

Foinsí sonraí

1.   Agus na bprionsabal maidir le hualach laghdaithe a chur ar fhreagróirí agus maidir le simpliú riaracháin a choinneáil á bhfeidhmiú, tiomsóidh na Ballstáit sonraí a bhaineann le táirgí fuinnimh agus lena gcomhiomláin sa Chomhphobal ó na foinsí seo a leanas:

(a)

suirbhéanna sonracha staidrimh a bheidh dírithe ar na táirgeoirí agus trádalaithe fuinnimh phríomhúil agus ar na táirgeoirí agus trádalaithe fuinnimh chlaochlaithe agus ar dháileoirí agus iompróirí, ar allmhaireoirí agus onnmhaireoirí táirgí fuinnimh;

(b)

suirbhéanna staidrimh eile a bheidh dírithe ar úsáideoirí deiridh fuinnimh in earnáil an tionscail déantúsaíochta, in earnáil an iompair, agus in earnálacha eile, lena n-áirítear líonta tí;

(c)

nósanna imeachta eile maidir le meastachán staidrimh nó foinsí eile, lena n-áirítear foinsí riaracháin, amhail rialtóirí na margaí leictreachais agus gáis.

2.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha mionsonraithe a bhaineann leis an tslí a dtuairisceoidh gnóthais agus foinsí eile na sonraí a bheidh de dhíth le haghaidh staidrimh náisiúnta mar a shonraítear in Airteagal 4.

3.   Féadfar liosta na bhfoinsí sonraí a mhodhnú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 4

Comhiomláin, táirgí fuinnimh agus minicíocht tarchuir an staidrimh náisiúnta

1.   Leagtar amach sna hIarscríbhinní an staidreamh náisiúnta a thuairisceofar. Déanfar é a tharchur ag na minicíochtaí seo a leanas:

(a)

go bliantúil, maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh in Iarscríbhinn B;

(b)

go míosúil, maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh in Iarscríbhinn C;

(c)

go míosúil gearrthéarmach, i dtaca le staidreamh fuinnimh in Iarscríbhinn D.

2.   Tugtar soiléirithe nó sainmhínithe is infheidhme ar na téarmaí teicniúla a úsáidtear sna hiarscríbhinní aonair agus in Iarscríbhinn A, (Soiléirithe ar Théarmaíocht), freisin.

3.   Féadfar an staidreamh a chuirfear ar aghaidh agus na soiléirithe nó na sainmhínithe is infheidhme a mhodhnú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 5

Tarchur agus scaipeadh

1.   Déanfaidh na Ballstáit an staidreamh náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4 a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat).

2.   Is mar a leagtar amach sna hIarscríbhinní a bheidh na socruithe maidir lena dtarchur, lena n-áirítear na teorainneacha ama, na maoluithe agus na díolúintí is infheidhme a ghabhann leis.

3.   Féadfar na socruithe i dtaca le tarchur an staidrimh náisiúnta a mhodhnú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

4.   Ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún díolúintí nó maoluithe breise a dheonú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(3), i leith na gcodanna sin den staidreamh náisiúnta a gcuirfeadh a dtiomsú ualach iomarcach ar fhreagróirí.

5.   Scaipfidh an Coimisiún (Eurostat) an staidreamh bliantúil i dtaca le fuinneamh faoin 31 Eanáir den dara bliain tar éis na tréimhse tuairiscithe.

Airteagal 6

Measúnú cháilíochta agus tuarascálacha cáilíochta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit cáilíocht na sonraí a tharchuirfear.

2.   Déanfar gach iarracht réasúnta chun comhleanúnachas a áirithiú idir sonraí fuinnimh a dhearbhófar i gcomhréir le hIarscríbhinn B agus sonraí a dhearbhófar i gcomhréir le Cinneadh 2005/166/CE ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2005 lena leagtar síos na rialacha i ndáil le cur chun feidhme Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de chuid an Chomhphobail agus maidir le Prótacal Kiótó a chur chun feidhme (12).

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na gnéithe measúnachta cáilíochta seo a leanas i leith na sonraí a bheidh le tarchur:

(a)

tagróidh ‘ábharthacht’ don mhéid a fhreastalaíonn an staidreamh ar riachtanais reatha agus féideartha na n-úsáideoirí;

(b)

tagróidh ‘cruinneas’ do ghaireacht na meastachán do na fíorluachanna anaithnide;

(c)

tagróidh ‘tráthúlacht’ don aga moille idir fáil a bheith ar an bhfaisnéis agus an teagmhas nó an feiniméan a dtugann sí tuairisc air;

(d)

tagróidh ‘poncúlacht’ don aga moille idir dáta scaoilte na sonraí agus an spriocdháta faoinar chóir iad a bheith seachadta;

(e)

tagróidh ‘inrochtaineacht’ agus ‘soiléireacht’ do na coinníollacha agus do na modúlachtaí trína bhféadfaidh úsáideoirí sonraí a fháil, a úsáid agus a léirmhíniú;

(f)

tagróidh ‘inchomparáideacht’ don tomhas ar thionchar na ndifríochtaí idir coincheapa feidhmeacha staidrimh agus uirlisí agus nósanna imeachta tomhais i gcás ina ndéantar comparáid idir staidreamh ó thaobh limistéar geografach nó fearann earnála, nó thar thréimhse ama;

(g)

tagróidh ‘comhleanúnachas’ dá leordhóthanaí atá na sonraí lena nascadh go hiontaofa ar bhealaí difriúla agus le haghaidh úsáidí éagsúla.

4.   Gach cúig bliana, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar fáil don Choimisiún (Eurostat) maidir le cáilíocht na sonraí arna dtarchur agus maidir le haon athruithe modheolaíochta a rinneadh chomh maith.

5.   Laistigh de shé mhí ón iarraidh a fháil ón gCoimisiún (Eurostat), agus chun deis a thabhairt dó cáilíocht na sonraí arna dtarchur a mheasúnú, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil ina mbeidh aon fhaisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur chuig an gCoimsiún (Eurostat).

Airteagal 7

Am tagartha agus minicíocht

Tiomsóidh na Ballstáit na sonraí go léir a shonraítear sa Rialachán seo ó thús na bliana féilire tar éis ghlacadh an Rialacháin seo, agus tarchuirfidh siad iad as sin amach ag na minicíochtaí a leagtar síos in Airteagal 4(1).

Airteagal 8

Staidreamh bliantúil i dtaca le fuinneamh núicléach

Sainmhíneoidh an Coimisiún (Eurostat), i gcomhar leis an earnáil fuinnimh núicléach san AE, tacar staidrimh bhliantúil i dtaca le fuinneamh núicléach a bheidh le tuairisciú agus le scaipeadh ón mbliain 2009 ar aghaidh, arb í an bhliain sin an chéad bhliain tuairiscithe, gan dochar do rúndacht, i gcás inar gá sin, agus seachnófar aon dúbailt ar bhailiú sonraí agus, ag an am céanna, coinneofar an costas a bhaineann lena chur ar fáil íseal agus an t-ualach tuairiscithe réasúnta.

Bunófar an tacar staidrimh bhliantúil i dtaca le fuinneamh núicléach agus féadfar é a mhodhnú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 9

Staidreamh i dtaca le fuinneamh inathnuaite agus staidreamh i dtaca le tomhaltas deiridh fuinnimh

1.   D’fhonn feabhas a chur ar cháilíocht an staidrimh i dtaca le fuinneamh inathnuaite agus i dtaca le tomhaltas deiridh fuinnimh, áiritheoidh an Coimisiún (Eurostat), i gcomhar leis na Ballstáit, go mbeidh an staidreamh seo inchomparáideach, trédhearcach, mionsonraithe agus solúbtha:

(a)

trí athbhreithniú a dhéanamh ar an modheolaíocht a úsáidtear chun staidreamh i dtaca le fuinneamh inathnuaite a chruthú d’fhonn staidreamh breise, ábhartha agus mionsonraithe a chur ar fáil i dtaca le gach foinse fuinnimh inathnuaite, go bliantúil agus ar shlí chostéifeachtach. Tíolacfaidh an Coimisiún (Eurostat) an staidreamh a chruthófar ón mbliain 2010 (an bhliain thagartha) ar aghaidh agus scaipfidh sé an staidreamh sin;

(b)

tríd an mhodheolaíocht a bheidh in úsáid ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Chomhphobail i gcruthú an staidrimh maidir le tomhaltas deiridh fuinnimh (foinsí, athróga, cáilíocht, costais) a athbhreithniú agus a shocrú bunaithe ar an staid reatha, ar staidéir atá ann cheana agus ar threoirstaidéir féidearthachta, chomh maith le hanailísí costais/sochair atá fós le déanamh, agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí na dtreoirstaidéar agus na n-anailísí costais/sochair d’fhonn eochracha miondealaithe a bhunú do na fuinnimh deiridh de réir earnála agus de réir príomhúsáide fuinnimh agus na míreanna comhthoraidh a lánpháirtiú sa staidreamh de réir a chéile ón mbliain 2012 (an bhliain tagartha) ar aghaidh.

2.   Féadfar an tacar staidrimh i dtaca le fuinneamh inathnuaite a mhodhnú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

3.   Bunófar an tacar staidrimh i dtaca le tomhaltas deiridh fuinnimh agus féadfar é a mhodhnú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 10

Bearta cur chun feidhme

1.   Na bearta seo a leanas, atá riachtanach do chur chun feidhme an Rialacháin seo, agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2):

(a)

modhnuithe ar liosta na bhfoinsí sonraí (Airteagal 3(3));

(b)

modhnuithe ar an staidreamh náisiúnta agus ar na soiléirithe nó ar na sainmhínithe is infheidhme (Airteagal 4(3));

(c)

modhnuithe ar na socruithe tarchuir (Airteagal 5(3));

(d)

an staidreamh bliantúil i dtaca le fuinneamh núicléach a bhunú agus modhnuithe a dhéanamh air (Airteagal 8(2));

(e)

modhnuithe ar an staidreamh i dtaca le fuinneamh inathnuaite (Airteagal 9(2));

(f)

staidreamh i dtaca le tomhaltas deiridh fuinnimh a bhunú agus modhnuithe a dhéanamh air (Airteagal 9(3)).

2.   Deonófar díolúintí nó maoluithe breise (Airteagal 5(4)) i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

3.   Tabharfar aird ar an bprionsabal go bhfanfaidh na costais bhreise agus an t-ualach tuairiscithe breise laistigh de theorainneacha réasúnta.

Airteagal 11

An Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 22 Deireadh Fómhair 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-P. JOUYET


(1)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2008.

(2)   IO L 49, 19.2.2004, lch. 1.

(3)   IO L 283, 27.10.2001, lch. 33.

(4)   IO L 52, 21.2.2004, lch. 50.

(5)   IO L 1, 4.1.2003, lch. 65.

(6)   IO L 114, 27.4.2006, lch. 64.

(7)   IO L 191, 22.7.2005, lch. 29.

(8)   IO C 317 E, 23.12.2006, lch. 876.

(9)   IO L 52, 22.2.1997, lch. 1.

(10)   IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.

(11)   IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(12)   IO L 55, 1.3.2005, lch. 57.


IARSCRÍBHINN A

SOILÉIRITHE AR THÉARMAÍOCHT

Tugann an iarscríbhinn seo mínithe nó sainmhínithe ar théarmaí a úsáidtear sna hiarscríbhinní eile.

1.   NÓTAÍ GEOGRAFACHA

Chun críocha staidreamh a thuairisciú, agus chun na críocha sin amháin, beidh feidhm ag na sainmhínithe geografacha seo a leanas:

Ní chuimsítear leis an Astráil críocha thar lear na hAstráile.

Ní chuimsítear leis an Danmhairg Oileáin Fharó ná an Ghraonlainn.

Cuimsítear leis an bhFrainc Monacó ach ní chuimsítear léi na críocha Francacha thar lear: Guadalúip, Martinique, Guáin na Fraince, Réunion, St. Pierre agus Miquelon, An Nua-Chaladóin, Polainéis na Fraince, Vailís agus Futúna, Mayotte.

Cuimsítear leis an Iodáil San Mairíne agus Cathair na Vatacáine.

Cuimsítear leis an Seapáin Okinawa.

Ní chuimsíter leis an Ísiltír Suranam ná Aintillí na hÍsiltíre.

Cuimsítear leis an bPortaingéil na hAsóir agus Maidéara.

Cuimsítear leis an Spáinn na hOileáin Chanáracha, na hOileáin Bhailéaracha, agus Ceuta agus Melilla.

Ní chuimsítear leis an Eilvéis Lichtinstéin.

Cuimsítear leis na Stáit Aontaithe an 50 Stát, Ceantar Columbia, Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean, Pórtó Ríce agus Guam.

2.   COMHIOMLÁIN

Aicmítear táirgeoirí de réir chuspóir an táirgthe:

Táirgeoir Príomhghníomhaíochta: fiontair, ar úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, a ghineann leictreachas agus/nó teas lena dhíol le tríú páirtithe mar a bpríomhghníomhaíocht.

Uath-tháirgeoirí: fiontair, ar úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, a ghineann leictreachas agus/nó teas go hiomlán nó go páirteach dá n-úsáid féin mar ghníomhaíocht a thacaíonn lena bpríomhghníomhaíocht.

Tabhair ar aird: féadfaidh an Coimisiún téarmaíocht a shoiléiriú tuilleadh trí thagairtí ábhartha NACE a chur leis an téarmaíocht i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(2) tar éis teacht i bhfeidhm d’athbhreithniú ar aicmiú NACE.

2.1.   Earnálacha an tSoláthair agus an Chlaochlaithe

Táirgeacht/Táirgeacht Dhúchasach

Cainníochtaí breoslaí a eastósctar nó a tháirgtear, arna ríomh tar éis aon oibríocht a dhéanamh chun támhábhar a bhaint. Áirítear leis an táirgeacht na cainníochtaí a chaitheann an táirgeoir sa phróiseas táirgthe (e.g. do théamh nó d’oibriú trealaimh agus trealaimh cúnta) mar aon le soláthairtí chuig táirgeoirí fuinnimh eile lena gclaochlú nó le haghaidh úsáidí eile.

Modhanna dúchasacha: táirgeadh ó acmhainní laistigh den stát lena mbaineann.

Allmhairí/Onnmhairí

Féach an roinn maidir le ‘Nótaí Geografacha’ le haghaidh sainmhínithe geografacha.

Mura sonraítear a mhalairt, tagraíonn ‘allmhairí’ don chéad tionscnamh (an tír inar táirgeadh an táirge fuinnimh) lena n-úsáid sa tír agus tagraíonn ‘onnmhairí’ don tír dheiridh ina gcaithtear an táirge fuinnimh táirgthe.

Measfar méideanna a bheith allmhairithe nó onnmhairithe nuair a thrasnóidh siad teorainneacha polaitiúla na tíre, cibé acu an mbeidh imréiteach custam déanta nó nach mbeidh.

Féadfar ‘Eile’ a úsáid i gcás nach féidir aon tionscnamh nó aon cheann scríbe a thuairisciú.

Féadfaidh difríochtaí staidrimh teacht chun cinn mura mbeidh ach an t-iomlán ar fáil d’allmhairí agus d’onnmhairí ar an mbonn thuas, agus i gcás ina mbeidh an miondealú geografach bunaithe ar shuirbhé, ar fhoinse nó ar choincheap éagsúil. Sa chás sin, áireofar difríochtaí faoi ‘Eile’.

Umair Mhuirí Idirnáisiúnta

Cainníochtaí breoslaí arna seachadadh chuig longa de gach bratach a bhíonn ag gabháil do loingseoireacht idirnáisiúnta. Féadfaidh loingseoireacht idirnáisiúnta tarlú ar muir, ar lochanna agus ar uiscebhealaí intíre, agus in uiscí cósta. Ní chuimsítear:

tomhaltas ag longa a bhíonn ag gabháil do loingseoireacht intíre. Ba cheart go ndéanfaí an deighilt intíre/idirnáisiúnta a chinneadh ar bhonn an chalafoirt fágála agus an chalafoirt teachta seachas ar bhonn bhratach nó náisiúntacht na loinge,

tomhaltas ag soithí iascaireachta,

tomhaltas ag fórsaí míleata.

Athruithe ar Stoic

An difríocht idir an leibhéal stoic tosaigh agus an leibhéal stoic deiridh le haghaidh stoc atá á sealbhú ar chríoch náisiúnta.

Olltomhaltas (ríofa)

Luach ríofa, arna shainiú mar seo a leanas:

Táirgeadh dúchasach + Ó fhoinsí eile + Allmhairí – Onnmhairí – Umair mhuirí idirnáisiúnta + Athruithe ar stoic

Olltomhaltas (breathnaithe)

An chainníocht a taifeadadh go hiarbhír i suirbhéanna ar earnálacha críochúsáide.

Difríochtaí Staidrimh

Luach ríofa, arna shainiú mar seo a leanas:

Olltomhaltas ríofa – olltomhaltas breathnaithe.

Áirítear leis sin athruithe ar stoic faoi thomhaltóirí deiridh murar féidir iad sin a shonrú mar chuid de ‘Athruithe ar stoic’.

Ba cheart na cúiseanna a bheidh le haon mhórdhifríochtaí a lua.

Gléasraí Leictreachais na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun leictreachas a tháirgeadh.

Déanfar breoslaí arna n-úsáid ag gléasraí agus a bhfuil aonad TCÉ amháin ar a laghad iontu a thuairisciú faoi Ghléasraí TCÉ na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta.

Gléasraí Teasa agus Cumhachta in Éineacht (TCÉ) na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun leictreachas agus teas a tháirgeadh.

Gléasraí Teasa na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun teas a tháirgeadh.

Gléasraí Leictreachais Uath-tháirgeoirí

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun leictreachas a tháirgeadh.

Déanfar breoslaí arna n-úsáid ag gléasraí agus a bhfuil aonad TCÉ amháin ar a laghad iontu a thuairisciú faoi ‘Gléasraí TCÉ Uath-Tháirgeoirí’.

Gléasraí Teasa agus Cumhachta in Éineacht (TCÉ) Uath-Tháirgeoirí

Cainníochtaí breoslaí a fhreagraíonn don chainníocht leictreachais a tháirgtear agus don chainníocht teasa a dhíoltar.

Gléasraí Teasa Uath-Tháirgeoirí

Cainníochtaí breoslaí a fhreagraíonn don chainníocht teasa a dhíoltar.

Gléasraí Breosla Paitinne

Cainníochtaí a úsáidtear chun breoslaí a tháirgeadh.

Ní cóir cainníochtaí a úsáidtear do théamh agus d’oibriú trealaimh a dhearbhú anseo, ach is cóir iad a dhearbhú mar thomhaltas san earnáil fuinnimh.

Oighinn Chóic

Cainníochtaí a úsáidtear in oighinn chóic.

Ní cóir cainníochtaí a úsáidtear do théamh agus d’oibriú trealaimh a dhearbhú anseo, ach is cóir iad a dhearbhú mar thomhaltas san earnáil Fuinnimh.

Gléasraí BKB/PB

Cainníochtaí ligníte nó guail dhoinn a úsáidtear chun brícíní guail dhoinn (BKB) a tháirgeadh nó cainníochtaí móna a úsáidtear chun brícíní móna (PB) a tháirgeadh.

Ní cóir cainníochtaí a úsáidtear do théamh agus d’oibriú trealaimh a dhearbhú anseo, ach is cóir iad a dhearbhú mar thomhaltas san earnáil Fuinnimh.

Oibreacha Gáis

Cainníochtaí a úsáidtear chun gás a tháirgeadh in oibreacha gáis agus i ngléasraí gásúcháin guail.

Ní cóir cainníochtaí a úsáidtear mar bhreosla do théamh agus d’oibriú trealaimh a áireamh anseo, ach is cóir iad a dhearbhú mar thomhaltas san earnáil Fuinnimh.

Foirnéis Soinneáin

Cainníochtaí de ghual cóic agus/nó de ghual biotúmanach (dá ngairtear PCI i gcoitinne) agus de chóc oigheann cóic arna gclaochlú i bhfoirnéisí soinneáin.

Ní cóir cainníochtaí a úsáidtear do théamh agus d’oibriú foirnéisí soinneáin (e.g.: gás foirnéisí soinneáin) a áireamh anseo, ach is cóir iad a dhearbhú mar thomhaltas san earnáil Fuinnimh.

Leachtú Guail

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun ola shintéiseach a tháirgeadh.

Scaglanna peitriliam

Cainníochtaí a úsáidtear chun táirgí peitriliam a tháirgeadh.

Ní cóir cainníochtaí a úsáidtear mar bhreosla do théamh agus d’oibriú trealaimh a dhearbhú anseo, ach is cóir iad a dhearbhú mar thomhaltas san earnáil fuinnimh.

Nach Sonraítear in aon áit eile – Claochlú

Cainníochtaí a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí claochlaithe agus nach n-áirítear in aon áit eile. Má úsáidtear iad, ba cheart an méid a áirítear faoin gceannteideal seo a mhíniú sa tuarascáil.

2.2.   An Earnáil Fuinnimh agus an Tomhaltas Deiridh

An Earnáil Fuinnimh ina hiomláine

Cainníochtaí arna gcaitheamh ag an tionscal fuinnimh chun tacú le hoibríochtaí eastósctha (mianadóireacht, táirgeadh ola agus gáis) nó le hoibríochtaí gléasra de chuid gníomhaíochtaí claochlaithe.

Ní áirítear cainníochtaí breoslaí arna gclaochlú i bhfoirm eile fuinnimh (is cóir iad sin a thuairisciú faoi earnáil an Chlaochlaithe) nó cainníochtaí a úsáidtear chun tacú le hoibriú píblínte ola, gáis agus sciodair guail (is cóir iad sin a thuairisciú in Earnáil an Iompair).

Áirítear monarú ábhar ceimiceach do chomhleá agus d’eamhnú adamhach agus táirgí na bpróiseas sin.

Gléasraí Leictreachais, TCÉ agus Teasa

Cainníochtaí arna gcaitheamh mar fhuinneamh i ngléasraí leictreachais, i ngléasraí teasa agus cumhachta in éineacht (TCÉ) agus i ngléasraí teasa.

Mianaigh Ghuail

Cainníochtaí arna gcaitheamh mar fhuinneamh chun tacú le gual a eastóscadh agus a ullmhú laistigh de thionscal na gualmhianadóireachta.

Ba cheart gual arna dhó i stáisiúin chumhachta bhéal an tsloic a thuairisciú in Earnáil an Chlaochlaithe.

Gléasraí breosla paitinne

Cainníochtaí arna gcaitheamh mar fhuinneamh i ngléasraí breosla paitinne.

Oighinn Chóic

Cainníochtaí arna gcaitheamh mar fhuinneamh i ngléasraí cóic.

Gléasraí BKB/PB

Cainníochtaí arna n-úsáid mar fhuinneamh i ngléasraí BKP/PB.

Oibreacha Gáis/oibreacha gásúcháin

Cainníochtaí arna gcaitheamh mar fhuinneamh in oibreacha gáis agus i ngléasraí gásúcháin guail.

Foirnéisí Soinneáin

Cainníochtaí arna gcaitheamh mar fhuinneamh i bhfoirnéisí soinneáin.

Leachtú Guail

Cainníochtaí arna gcaitheamh mar fhuinneamh i ngléasraí leachtaithe guail.

Scaglanna Peitriliam

Cainníochtaí arna gcaitheamh mar fhuinneamh i scaglanna peitriliam.

Eastóscadh Ola agus Gáis

Cainníochtaí arna gcaitheamh mar bhreosla i bpróiseas eastósctha ola agus gáis agus i ngléasraí próiseála gáis nádúrtha.

Ní áirítear caillteanais ó phíblíne (atá le tuairisciú mar chaillteanais dáilte) agus cainníochtaí a úsáidtear chun píblínte a oibriú (atá le tuairisciú in earnáil an Iompair).

Tomhaltas deiridh ina iomláine

Arna shainmhíniú (arna ríomh) mar seo a leanas:

= Úsáid neamhfhuinnimh ina hiomláine + Tomhaltas Deiridh Fuinnimh (Tionscal + Iompar + Earnálacha eile)

Ní áirítear seachadtaí lena gclaochlú, úsáid ag na tionscail táirgthe fuinnimh, ná caillteanais dáilte.

Úsáid neamhfhuinnimh

Cainníochtaí arna n-úsáid mar amhábhair sna hearnálacha éagsúla; i.e. cainníochtaí nach gcaithtear mar bhreosla nó nach gclaochlaítear ina mbreosla eile.

2.3.   Sonrú don Chríochúsáid fuinnimh

Tomhaltas Deiridh Fuinnimh

Iomlán an tomhaltais fuinnimh in earnálacha an tionscail, an iompair agus in earnálacha eile.

Earnáil an Tionscail

Tagraíonn sé seo do chainníochtaí breoslaí arna gcaitheamh ag an ngnóthas tionscail d’fhonn tacú lena chuid príomhghníomhaíochtaí.

Maidir le gléasraí teasa amháin nó maidir le gléasraí TCÉ, ní bheidh sé seo infheidhme ach amháin maidir le cainníochtaí breoslaí arna gcaitheamh chun teas a tháirgeadh, ar teas é a úsáidfidh an gléasra féin. Maidir le cainníochtaí breoslaí arna gcaitheamh chun teas a dhíolfar a tháirgeadh, agus chun leictreachas a tháirgeadh, ba cheart iad sin a thuairisciú faoin earnáil chuí Chlaochlaithe.

Iarann agus Cruach

Ceimic (lena n-áirítear Peitriceimic)

Na tionscail cheimiceacha agus pheitriceimiceacha.

Miotail Neamhfheiriúla

Tionscal na miotal neamhfheiriúil.

Mianraí Neamh-Mhiotalacha

Tionscail an ghloine, na criadóireachta, na stroighne agus tionscail eile ábhar tógála.

Trealamh Iompair

Tionscail a bhaineann leis an trealamh a úsáidtear le haghaidh iompair.

Innealra

Táirgí déanta as miotal, innealra agus trealamh seachas trealamh iompair.

Mianadóireacht agus Cairéalacht

Ní áirítear tionscail táirgthe fuinnimh.

Bia, Deochanna agus Tobac

Laíon, Páipéar agus Clódóireacht

Áirítear táirgeadh meán taifeadta.

Adhmad agus Táirgí Adhmaid (seachas laíon agus páipéar)

Foirgníocht

Teicstíl agus Leathar

Nach sonraítear in aon Áit Eile – Tionscal

Tomhaltas in earnálacha nach bhfolaítear thuas.

Earnáil an Iompair

Fuinneamh arna úsáid sna gníomhaíochtaí iompair go léir beag beann ar an earnáil gheilleagair ina dtarlaíonn an ghníomhaíocht.

Earnáil an Iompair – Iarnród

An tomhaltas go léir a úsáidtear i dtrácht iarnróid, lena n-áirítear iarnróid thionsclaíocha.

Earnáil an Iompair – Loingseoireacht Intíre

Cainníochtaí arna seachadadh chuig soithí de gach bratach nach bhfuil ag gabháil do loingseoireacht idirnáisiúnta (feic umair mhuirí idirnáisiúnta). Ba cheart go ndéanfaí an deighilt intíre/idirnáisiúnta a chinneadh ar bhonn an chalafoirt fágála agus an chalafoirt teachta seachas ar bhonn bhratach nó náisiúntacht na loinge.

Earnáil an Iompair – Bóthar

Cainníochtaí arna n-úsáid i bhfeithiclí bóthair.

Áirítear breosla arna úsáid ag feithiclí talmhaíochta ar mhórbhealaí agus bealaí lena n-úsáid i bhfeithiclí bóthair.

Ní áirítear fuinneamh arna úsáid in innill dho-aistrithe (féach an earnáil ‘Eile’), le haghaidh úsáide neamh-mhórbhealaí i dtarracóirí (féach Talmhaíocht), le haghaidh úsáide míleata i bhfeithiclí bóthair (féach an earnáil ‘Eile’ – Nach sonraítear in aon áit eile), le haghaidh biotúmain arna úsáid i ndromchlú bóthair nó le haghaidh fuinnimh arna úsáid in innill ar láithreáin fhoirgníochta (féach an fho-earnáil Foirgníocht in earnáil an Tionscail).

Earnáil an Iompair – Iompar Píblíne

Cainníochtaí arna n-úsáid mar fhuinneamh chun tacú le píblínte a bheidh ag iompar gás, leachtanna, sciodar agus tráchtearraí eile agus chun na píblínte sin a oibriú.

Áirítear fuinneamh a úsáidtear le haghaidh stáisiún caidéil agus chun an phíblíne a chothabháil.

Ní áirítear fuinneamh arna úsáid chun gás nádúrtha nó gás monaraithe, uisce te nó gal a dháileadh trí phíblíne ón dáileoir chuig úsáideoirí deiridh (atá le tuairisciú san earnáil fuinnimh), fuinneamh arna úsáid maidir le dáileadh deiridh uisce ar úsáideoirí tí, ar úsáideoirí tionscail, ar úsaideoirí tráchtála agus ar úsáideoirí eile (atá le háireamh sna Seirbhísí Tráchtála agus Poiblí) agus caillteanais a tharlaíonn le linn an iompair sin idir an dáileoir agus úsáideoirí deiridh (atá le tuairisciú mar chaillteanais dáilte).

Earnáil an Iompair – Eitlíocht Idirnáisiúnta

Cainníochtaí breoslaí eitlíochta arna seachadadh chuig aerárthaí le haghaidh eitlíochta idirnáisiúnta. Ba cheart go ndéanfaí an deighilt intíre/idirnáisiúnta a chinneadh ar bhonn suíomh fágála agus tuirlingthe seachas ar bhonn náisiúntacht na haerlíne.

Ní áirítear breoslaí arna n-úsáid ag aerlínte dá bhfeithiclí bóthair (atá le tuairisciú in earnáil an iompair – Nach sonraítear in aon áit eile) nó úsáid mhíleata breoslaí eitlíochta (atá le tuairisciú in Earnálacha eile – Nach sonraítear in aon áit eile).

Earnáil an Iompair – Eitlíocht Intíre

Cainníochtaí breoslaí eitlíochta arna seachadadh chuig aerárthaí le haghaidh eitlíochta intíre – eitlíocht tráchtála, eitlíocht phríobháideach, eitlíocht talmhaíochta, etc.

Áirítear breosla arna úsáid le haghaidh críoch eile seachas eitilt, e.g. tagarthástáil inneall. Ba cheart go ndéanfaí an deighilt intíre/idirnáisiúnta a chinneadh ar bhonn suíomh fágála agus tuirlingthe seachas ar bhonn náisiúntacht na haerlíne.

Ní áirítear breoslaí arna n-úsáid ag aerlínte dá bhfeithiclí bóthair (atá le tuairisciú in earnáil an iompair – Nach sonraítear in aon áit eile) ná úsáid mhíleata breoslaí eitlíochta (atá le tuairisciú in earnálacha Eile – Nach sonraítear in aon áit eile).

Earnáil an Iompair – Nach Sonraítear in aon áit eile

Cainníochtaí a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí iompair agus nach n-áirítear in aon áit eile.

Áirítear breoslaí arna n-úsáid ag aerlínte dá bhfeithiclí bóthair agus breoslaí arna n-úsáid i gcalafoirt le haghaidh díluchtóirí long, cineálacha éagsúla craenacha.

Ní mór an méid a áirítear faoin gceannteideal seo a dhearbhú.

Earnálacha Eile

Earnálacha nach luaitear go sonrach nó nach mbaineann le fuinneamh, le tionscal ná le hiompar.

Earnálacha Eile – Seirbhísí Tráchtála agus Poiblí

Breoslaí arna gcaitheamh ag gnólachtaí agus ag oifigí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach.

Earnálacha Eile – Cónaitheach

Déanfar breoslaí arna gcaitheamh ag gach teaghlach lena n-áirítear ‘teaghlaigh ina bhfuil daoine fostaithe’ a dhearbhú.

Earnálacha Eile – Talmhaíocht/Foraoiseacht

Breoslaí arna gcaitheamh ag úsáideoirí a aicmeofar mar thalmhaíocht, sealgaireacht agus foraoiseacht.

Earnálacha Eile – Iascaireacht

Breoslaí arna seachadadh le haghaidh iascaireachta intíre, cósta agus domhainfharraige. Ba cheart go gcumhdódh an iascaireacht breoslaí arna seachadadh chuig longa de gach bratach a athbhreoslaíonn sa tír (lena n-áirítear iascaireacht idirnáisiúnta) agus fuinneamh arna úsáid in earnáil na hiascaireachta.

Earnálacha Eile –Nach Sonraítear in aon áit eile

Is gníomhaíochtaí iad seo nach n-áirítear in aon áit eile. Áirítear leis an aicme seo úsáid mhíleata breoslaí do thomhaltas soghluaiste agus doghluaiste (e.g. longa, aerárthaí, bóthar agus fuinneamh a úsáidtear i gceathrúna cónaithe), is cuma cibé acu an ndéanfar an breosla a sheachadadh do lucht míleata na tíre sin nó do lucht míleata tíre eile. Má úsáidtear iad, is cóir an méid a áirítear faoin gceannteideal seo a mhíniú sa tuarascáil.

3.   TÉARMAÍ EILE

Beidh feidhm ag brí na ngiorrúchán seo a leanas:

LTM: luaidhe theitrimeitile,

LTE: luaidhe theitreitile,

FPS: fiuchphointe speisialta,

GPL: Gás peitriliam leachtaithe,

LGNanna: Leachtanna Gáis Nádúrtha,

GNL: Gás Nádúrtha Leachtaithe,

GNC: Gás nádúrtha comhbhrúite.


IARSCRÍBHINN B

STAIDREAMH BLIANTÚIL FUINNIMH

Tugann an iarscríbhinn seo tuairisc ar an raon, ar na haonaid, ar an tréimhse thuairiscithe, ar an minicíocht, ar an sprioc agus ar na modúlachtaí tarchuir i ndáil le staidreamh fuinnimh a bhailiú go bliantúil.

Beidh feidhm ag Iarscríbhinn A maidir le mínithe ar théarmaí nach dtugtar míniú sonrach orthu san Iarscríbhinn seo.

1.   BREOSLAÍ SOLADACHA IONTAISE AGUS GÁIS MHONARAITHE

1.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Mura sonraítear a mhalairt beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí fuinnimh seo a leanas:

Táirge Fuinnimh

Sainmhíniú

1.

Antraicít

Gual ardghráid a úsáidtear le haghaidh feidhmeanna tionscail agus cónaithe. Go hiondúil bíonn níos lú ná 10 % d'ábhar soghalaithe ann agus bíonn cion ard de charbóin ann (thart ar 90 % de charbón fosaithe) ann. Is mó ná 23 865 kJ/kg (5 700 kcal/kg) a oll-luach calrach agus é saor ó luaith ach tais.

2.

Gual Cóic

Gual biotúmanach ag a bhfuil cáilíocht a éascaíonn táirgeadh cóic atá oiriúnach chun lánán foirnéise soinneáin a sheasamh. Is mó ná 23 865 kJ/kg (5 700 kcal/kg) a oll-luach calrach agus é saor ó luaith ach tais.

3.

Gual Biotúmanach Eile

(Galghual)

Gual a úsáidtear chun gal a ardú agus lena náirítear gach gual biotúmanach nach n-áirítear faoi ghual cóic nó faoi antraicít. Is é a phríomhthréith gur mó an t-ábhar soghalaithe atá ann ná mar atá in antraicít (níos mó ná 10 %) agus gur lú an cion de charbóin atá ann (níos lú ná 90 % de charbón fosaithe). Is mó ná 23 865 kJ/kg (5 700 kcal/kg) a oll-luach calrach agus é saor ó luaith ach tais. Má úsáidtear gual biotúmanach in oighinn chóic ba cheart é a thuairisciú mar ghual cóic.

4.

Gual Fo-Bhiotúmanach

Tagraíonn sé do ghual neamhcheirtleánaithe ag a bhfuil oll-luach calrach idir 17 435 kJ/kg (4 165 kcal/kg) agus 23 865 kJ/kg (5 700 kcal/kg) agus ina bhfuil níos mó 31 % d'ábhar soghalaithe agus é tirim agus saor ó ábhar mianrach.

5.

Lignít/Gual Donn

Gual neamhcheirtleánaithe ag a bhfuil oll-luach calrach níos lú ná 17 435 kJ/kg (4 165 kcal/kg) agus níos mó ná 31 % d'ábhar soghalaithe agus é tirim agus saor ó ábhar mianrach.

Ba cheart sceall ola agus gaineamh tarra a tháirgtear agus a dhóitear go díreach a thuairisciú san aicme seo. Ba cheart sceall ola agus gaineamh tarra a úsáidtear mar ionchuir le haghaidh próiseas claochlaithe eile a thuairisciú san aicme seo.

Áirítear leis sin an cion den sceall ola nó den ghaineamh tarra a thomhlaítear sa phróiseas claochlaithe. Ba cheart ola scealla agus táirgí eile a dhíorthaítear ó leachtú a thuairisciú sa Cheistiúchán Bliantúil maidir le hOla.

6.

Móin

Fosú dríodrach atá indóite, bog, póiriúil nó comhbhrúite, de thionscnamh plandaí agus ina bhfuil cion ard uisce (suas le 90 % i staid amh), a ghearrtar go héasca, agus atá ar dhath donn éadrom nó dúdhonn. Ní áirítear móin a úsáidtear chun críocha neamhfhuinnimh.

Tá an sainmhíniú seo gan dochar don sainmhíniú ar fhoinsí inathnuaite fuinnimh i dTreoir 2001/77/CE agus i dTreoirlínte IPCC 2006 d'Fhardail Náisiúnta Gáis Cheaptha Teasa.

7.

Breosla Paitinne

Breosla comhdhéanta a mhonaraítear as mínbhrus guail chrua trí oibreán nasctha a chur leis. Dá bhrí sin, féadfaidh méid an bhreosla paitinne a tháirgtear a bheith beagán níos airde ná an méid iarbhír guail a thomhlaítear sa phróiseas claochlaithe.

8.

Cóc Oigheann Cóic

An táirge soladach a dhéantar trí charbónú guail, go príomha gual cóic, ag teocht ard, agus a bhfuil taisleach agus ábhar soghalaithe íseal aige. Úsáidtear cóc oigheann cóic go príomha sa tionscal iarainn agus cruach agus é ag gníomhú mar fhoinse fuinnimh agus oibreán ceimiceach. Áirítear bríos cóic agus cóc teilgcheárta san aicme seo.

Ba cheart leathchóc (táirge soladach a dhéantar trí charbónú guail ag teocht íseal) a áireamh san aicme seo. Bíonn leathchóc á úsáid mar bhreosla tí nó ag an ngléasra claochlaithe féin. Áirítear leis an gceannteideal seo freisin cóc, bríos cóic agus leathchóc a dhéantar as lignít/gual donn.

9.

Gás-Chóc

Fotháirge guail chrua a úsáidtear chun gás baile a tháirgeadh in oibreacha gáis. Úsáidtear Gás-chóc chun críocha téimh.

10.

Tarra Guail

Toradh ar dhriogadh deighilteach guail bhiotúmanaigh. Maidir le tarra guail, is fotháirge leachtach é as driogadh guail chun cóc a dhéanamh i bpróiseas an oighinn cóic nó déantar é as gual donn (‘tarra ísealteochta’). Féadfar tarra guail a dhriogadh thairis sin ina tháirgí orgánacha éagsúla (e.g. beinséin, tolúéin, naftailéin) a thuairisceofaí de ghnáth mar stoc cothaithe don tionscal peitriceimiceach.

11.

BKB

(Brícíní Guail Dhoinn)

Is breosla comhdhéanta é BKB a mhonaraítear as lignít/gual donn, agus a tháirgtear trí bhrícíniú faoi ardbhrú gan oibreán nasctha a chur leis. Áirítear leis na bhfigiúirí sin brícíní móna, mínbhrus ligníte triomaithe agus deannach ligníte triomaithe.

12.

Gás Oibreacha Gáis

Áirítear gach cineál gás a tháirgtear i ngléasraí fóntais phoiblí nó i ngléasraí príobháideacha, arb é is príomhchuspóir dóibh gás a mhonarú, a iompar agus a dháileadh. Áirítear gás a tháirgtear trí charbónú (lena n-áirítear gás a tháirgtear in oighinn chóic agus a aistrítear chuig gás oibreacha gáis), trí ghásúchán iomlán fara nó d'éagmais saibhriú le táirgí ola (GPL, fuíoll-ola bhreosla, etc.), agus trí athfhoirmiú agus meascadh simplí a dhéanamh ar gháis agus/nó aer, agus a thuairiscítear faoi na sraitheanna ‘Ó Fhoinsí Eile’. Faoi earnáil an chlaochlaithe sonraigh méideanna gáis de chuid oibreacha gáis arna n-aistriú chuig gás nádúrtha cumaiscthe a dhéanfar a dháileadh agus a chaitheamh tríd an eangach gáis nádúrtha.

Ba cheart táirgeadh gualghás eile (i.e. gás oigheann cóic, gás foirnéise soinneáin agus gás foirnéise cruach ocsaigine) a thuairisciú sna colúin a bhaineann leis na gáis sin seachas mar tháirgeadh gáis oibreacha gáis. Ba cheart na gualgháis arna n-aistriú chuig gléasraí oibreacha gáis a thuairisciú ansin (ina gcolún féin) in earnáil an chlaochlaithe sa tsraith ar na gléasraí oibreacha gáis. Ba cheart go ndéanfaí méid iomlán an gháis oibreacha gáis a thagann ó aistrithe gualghás eile a thaispeáint sa líne táirgeachta maidir le gás oibreacha gáis.

13.

Gás Oigheann Cóic

Faightear é mar fhotháirge ó mhonarú cóic oigheann cóic chun iarann agus cruach a tháirgeadh.

14.

Gás Foirnéise Soinneáin

Déantar é a tháirgeadh le linn cóc a dhó i bhfoirnéisí soinneáin sa tionscal iarann agus cruach. Déantar é a ghnóthú agus a úsáid mar bhreosla laistigh den ghléasra go páirteach agus i bpróisis eile thionscal na cruach go páirteach nó i stáisiúin chumhachta atá trealmhaithe chun é a dhó. Ba cheart cainníocht an bhreosla a thuairisciú ar bhonn oll-luacha chalraigh.

15.

Gás Foirnéise Cruach Ocsaigine

Fotháirge ó tháirgeadh cruach i bhfoirnéis ocsaigine, agus a fhaightear nuair a fhágann sé an fhoirnéis. Tugtar gás tiontaire, gás LD nó gás BOS air chomh maith.

16.

Gual crua

Tagraíonn an téarma ‘gual crua’ do ghual ar mó a oll-luach calrach ná 23 865 kJ/kg (5 700 kcal/kg) agus é saor ó luaith ach tais agus ag a bhfuil meán-fhrithchaiteas randamach vitriníte de 0,6 ar a laghad. Cuimsítear le gual crua gach táirge fuinnimh ó 1 go 3 le chéile (antraicít, Gual cóic agus Gual eile Biotúmanach).

1.2.   Liosta na gcomhiomlán

Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.

Beidh feidhm ag Iarscríbhinn A maidir le mínithe ar théarmaí nach dtugtar míniú sonrach orthu san Iarscríbhinn seo.

1.2.1.   Earnálacha an tSoláthair agus an Chlaochlaithe

1.

Táirgeacht

1.1.

Mar atá: faoi thalamh

Neambhbhainteach ach amháin maidir le hantraicít, gual cóic, gual eile biotúmanach, gual fobhiotúmanach agus lignít/gual donn.

1.2.

Mar atá: dromchla

Neambhbhainteach ach amháin maidir le hantraicít, gual cóic, gual biotúmanach eile, gual fobhiotúmanach agus lignít/gual donn.

2.

Ó Fhoinsí Eile

Tá dhá chuid i gceist leis seo:

sciodar athghnóthaithe, meánaigh agus táirgí eile guail de ghrád íseal, nach féidir a aicmiú de réir chineál an ghuail. Áirítear gual arna ghnóthú ó chairn fuíll agus ó ghabhdáin eile fuíll,

soláthairtí breosla a gcuimsítear a dtáirgeadh i gcomhordaithe fuinnimh eile breosla, ach ar ina leith a tharlóidh tomhaltas sa chomhardú fuinnimh guail.

2.1.

Mar atá: ó tháirgí ola

Neambhbhainteach maidir le hantraicít, gual cóic, gual biotúmanach eile, gual fobhiotúmanach agus lignít/gual donn agus móin.

E.g. cóc peitriliam a chur le gual cóic le haghaidh oigheann cóic

2.2.

Mar atá: ó ghás nádúrtha

Neambhbhainteach maidir le hantraicít, gual cóic, gual biotúmanach eile, gual fobhiotúmanach agus lignít/gual donn agus móin.

E.g. gás nádúrtha a chur le gás oibreacha gáis lena chaitheamh go díreach agus go críochnaitheach

2.3.

Mar atá: ó fhoinsí inathnuaite

Neambhbhainteach maidir le hantraicít, gual cóic, gual biotúmanach eile, gual fobhiotúmanach agus lignít/gual donn agus móin.

E.g. dramhaíl thionsclaíoch mar oibreán nasctha i monarú breosla paitinne

3.

Allmhairí

4.

Onnmhairí

5.

Umair Mhuirí Idirnáisiúnta

6.

Athruithe ar Stoic

Taispeántar méadú ar stoc mar uimhir dhiúltach agus taispeántar laghdú ar stoc mar uimhir dheimhneach.

7.

Olltomhaltas

8.

Difríochtaí Staidrimh

9.

Earnáil an chlaochlaithe ina hiomláine

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear i dtiontú príomhúil nó tánaisteach fuinnimh (e.g. gual go leictreachas, gás oigheann cóic go leictreachas) nó a úsáidtear sa chlaochlú go táirgí díorthaithe fuinnimh (e.g.: gual cóic go cóc).

9.1.

Mar atá: Gléasraí Leictreachais na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta

9.2.

Mar atá: Gléasraí CTÉ na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta

9.3.

Mar atá: Gléasraí Teasa na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta

9.4.

Mar atá: Gléasraí Leictreachais Uath-tháirgeoirí

9.5.

Mar atá: Gléasraí CTÉ Uath-tháirgeoirí

9.6.

Mar atá: Gléasraí Teasa Uath-tháirgeoirí

9.7.

Mar atá: Gléasraí Breosla Paitinne

9.8.

Mar atá: Oighinn Chóic

9.9.

Mar atá: Gléasraí BKB/PB

9.10.

Mar atá: Oibreacha Gáis

9.11.

Mar atá: Foirnéisí Soinneáin

Cainníochtaí de ghual cóic agus/nó de ghual biotúmanach (dá ngairtear PCI i gcoitinne) agus de chóc oigheann cóic arna gclaochlú i bhfoirnéisí soinneáin. Ní cóir cainníochtaí a úsáidtear do théamh agus d'oibriú foirnéisí soinneáin (e.g.: gás foirnéisí soinneáin) a áireamh in earnáil an chlaochlaithe, ach is cóir iad a thuairisciú mar thomhaltas san earnáil Fuinnimh.

9.12.

Mar atá: Leachtú Guail

Ba cheart ola scealla agus táirgí eile a dhíorthaítear ó leachtú a thuairisciú de réir Chaibidil 4 den Iarscríbhinn seo.

9.13.

Mar atá: Gás Nádúrtha Cumaiscthe

Cainníochtaí gás guail arna gcumasc le gás nádúrtha.

9.14.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Claochlú

1.2.2.   An Earnáil Fuinnimh

1.

An Earnáil Fuinnimh ina hiomláine

1.1.

Mar atá: Gléasraí Leictreachais, TCÉ agus Teasa

1.2.

Mar atá: Mianaigh Ghuail

1.3.

Mar atá: Gléasraí Breosla Paitinne

1.4.

Mar atá: Oighinn Chóic

1.5.

Mar atá: Gléasraí BKB/PB

1.6.

Mar atá: Oibreacha Gáis

1.7.

Mar atá: Foirnéisí Soinneáin

1.8.

Mar atá: Scaglanna Peitriliam

1.9.

Mar atá: Leachtú Guail

1.10.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Fuinneamh

2.

Caillteanais dáilte

Caillteanais mar gheall ar iompar agus dáileadh, mar aon le bladhmadh gás monaraithe.

3.

Tomhaltas deiridh ina Iomláine

4.

Úsáid Neamhfhuinnimh ina hiomláine

4.1.

Mar atá: Earnálacha an Tionscail, an Chlaochlaithe agus an Fhuinnimh

Úsáid neamhfhuinnimh i bhfo-earnálacha uile an tionscail, an chlaochlaithe agus an fhuinnimh, e.g. gual a úsáidtear chun meatánól nó amóinia a dhéanamh.

4.1.1.

Ó 4.1, mar atá: san earnáil pheitriceimiceach

Úsáid neamhfhuinnimh e.g. úsáid guail mar stoc cothaithe chun leasachán a tháirgeadh agus mar stoc cothaithe le haghaidh táirgí peitriceimiceacha eile.

4.2.

Mar atá: Earnáil an Iompair

Úsáid neamhfhuinnimh i bhfo-earnálacha uile an Iompair.

4.3.

Mar atá: Earnálacha Eile

Úsáid neamhfhuinnimh i Seirbhísí Tráchtála agus Poiblí, i dTeaghaisí Cónaithe, i dTalmhaíocht agus Nach Sonraítear in aon Áit Eile.

1.2.3.   Críochúsáid fuinnimh a shonrú

1.

Tomhaltas Deiridh Fuinnimh

2.

Earnáil an Tionscail

2.1.

Mar atá: Iarann agus Cruach

2.2.

Mar atá: Ceimiceach agus Peitriceimiceach

2.3.

Mar atá: Miotail Neamhfheiriúla

2.4.

Mar atá: Mianraí Neamh-Mhiotalacha

2.5.

Mar atá: Trealamh Iompair

2.6.

Mar atá: Innealra

2.7.

Mar atá: Mianadóireacht agus Cairéalacht

2.8.

Mar atá: Bia, Deochanna agus Tobac

2.9.

Mar atá: Laíon, Páipéar agus clódóireacht

2.10.

Mar atá: Adhmad agus Táirgí Adhmaid

2.11.

Mar atá: Foirgníocht

2.12.

Mar atá: Teicstíl agus Leathar

2.13.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Tionscal

3.

Earnáil an Iompair

3.1.

Mar atá: Iarnród

3.2.

Mar atá: Loingseoireacht Intíre

3.3.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Iompar

4.

Earnálacha Eile

4.1.

Mar atá: Seirbhísí Tráchtála agus Poiblí

4.2.

Mar atá: Teaghaisí Cónaithe

4.3.

Mar atá: Talmhaíocht/Foraoiseacht

4.4.

Mar atá: Iascaireacht

4.5.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Eile

1.2.4.   Allmhairí agus onnmhairí

Allmhairí de réir tíre tionscnaimh, agus onnmhairí de réir tíre cinn scríbe.

Neambhbhainteach maidir le móin, cóc gáis, gás oibreacha gáis, gás oigheann cóic, gás foirnéise soinneáin nó gás foirnéise cruach ocsaigine.

1.2.5.   Ionchuir chuig uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus teasa

Déanfar ionchuir chuig uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus teasa a dhearbhú go leithleach do ghléasraí leictreachais amháin, do ghléasraí TCÉ, agus do ghléasraí teasa amháin.

Déantar na hionchuir seo chuig uath-tháirgeoirí a dheighilt maidir leis na príomhghníomhaíochtaí a liostaítear sa tábla seo a leanas:

1.

An Earnáil Fuinnimh ina hiomláine

1.1.

Mar atá: Mianaigh Ghuail

1.2.

Mar atá: Gléasraí Breosla Paitinne

1.3.

Mar atá: Oighinn Chóic

1.4.

Mar atá: Gléasraí BKB/PB

1.5.

Mar atá: Oibreacha Gáis

1.6.

Mar atá: Foirnéisí Soinneáin

1.7.

Mar atá: Scaglanna Peitriliam

1.8.

Mar atá: Leachtú Guail

1.9.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Fuinneamh

2.

Earnáil an Tionscail

2.1.

Mar atá: Iarann agus Cruach

2.2.

Mar atá: Ceimiceach agus Peitriceimiceach

2.3.

Mar atá: Miotail Neamhfheiriúla

2.4.

Mar atá: Mianraí Neamh-Mhiotalacha

2.5.

Mar atá: Trealamh Iompair

2.6.

Mar atá: Innealra

2.7.

Mar atá: Mianadóireacht agus Cairéalacht

2.8.

Mar atá: Bia, Deochanna agus Tobac

2.9.

Mar atá: Laíon, Páipéar agus clódóireacht

2.10.

Mar atá: Adhmad agus Táirgí Adhmaid

2.11.

Mar atá: Foirgníocht

2.12.

Mar atá: Teicstíl agus Leathar

2.13.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Tionscal

3.

Earnáil an Iompair

3.1.

Mar atá: Iarnród

3.2.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Iompar

4.

Earnálacha Eile:

4.1.

Mar atá: Seirbhísí Tráchtála agus Poiblí

4.2.

Mar atá: Teaghaisí Cónaithe

4.3.

Mar atá: Talmhaíocht/Foraoiseacht

4.4.

Mar atá: Iascaireacht

4.5.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile

1.3.   Luachanna calracha

Déanfar oll-luachanna agus glanluachanna calracha a dhearbhú do na táirgí fuinnimh a luaitear i mír 1.1 do na príomh-chomhiomláin seo a leanas.

Neambhbhainteach maidir le gás oibreacha gáis, gás oigheann cóic, gás foirnéise soinneáin nó gás foirnéise cruach ocsaigine:

1.

Táirgeacht

2.

Allmhairí

3.

Onnmhairí

4.

A úsáidtear in oighinn chóic

5.

A úsáidtear i bhfoirnéisí soinneáin

6.

A úsáidtear i nGléasraí Leictreachais, TCÉ agus Teasa na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta

7.

A úsáidtear i dTionscal

8.

Le haghaidh Úsáidí Eile

1.4.   Táirgeadh agus stoic i mianaigh ghuail

Neambhbhainteach ach amháin maidir le gual crua agus lignít/gual donn.

Caithfear na cainníochtaí seo a leanas a dhearbhú:

1.

Táirgeacht faoi thalamh

2.

Táirgeacht dromchla

3.

Ó fhoinsí eile

4.

Stoic ag deireadh na tréimhse

4.1.

Mar atá: stoic ag mianaigh

1.5.   Aonaid tomhais

1.

Cainníochtaí Fuinnimh

103 tona

Eisceacht: i gcás gás (gás oibreacha gáis, gás oigheann cóic, gás foirnéise soinneáin, gás foirnéise cruach ocsaigine) beidh an tomhas i gcion fuinnimh go díreach agus dá bhrí sin is é an t-aonad TJ (bunaithe ar oll-luachanna calracha) an t-aonad a bheidh le húsáid.

2.

Luachanna Calracha

MJ/tona

1.6.   Maoluithe agus díolúintí

Neamhbhainteach.

2.   GÁS NÁDÚRTHA

2.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gás nádúrtha, a chuimsíonn gáis i bhfoslaigh faoi thalamh, cibé acu leachtaithe nó gásach, agus ar meatán is mó atá ann.

Áirítear gás ‘neamhghaolmhar’ a thagann as ceantair a tháirgeann hidreacarbóin i bhfoirm ghásach amháin, agus gás ‘gaolmhar’ a tháirgtear in éineacht le hamhola mar aon le meatán a ghnóthaítear ó mhianaigh ghuail (gás gualchan) nó ó shíoga guail (gás síge guail).

Ní áirítear gáis a chruthaítear trí dhíleá anaeróbach ar bhithmhais (e.g. gás nó séarachas cathrach) ná gás oibreacha gáis.

2.2.   Liosta na gcomhiomlán

Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.

2.2.1.   Earnálacha an tSoláthair agus an Chlaochlaithe

Is iad na cainníochtaí a bheidh le dearbhú na cainníochtaí a shloinnfear in aonaid toirte agus fuinnimh, agus lena n-áirítear na holl-luachanna agus na glanluachanna calracha, do na comhiomláin seo a leanas:

1.

Táirgeacht Dhúchasach

Gach táirgeacht thirim inmhargaidh laistigh de theorainneacha náisiúnta, lena n-áirítear táirgeacht amach ón gcósta. Déanfar táirgeacht a thomhas tar éis an íonúcháin agus tar éis LGNanna agus sulfar a eastóscadh.

Ní áirítear leis caillteanais eastósctha ná cainníochtaí a chuirtear ar ais isteach, a scaoiltear amach nó a bhladhmtar.

Áirítear leis cainníochtaí a úsáidtear i dtionscal an gháis nádúrtha; in eastóscadh gáis, i gcórais phíblíne agus i ngléasraí próiseála.

1.1.

Mar atá: Gás Gaolmhar

Gás nádúrtha a tháirgtear in éineacht le hamhola.

1.2.

Mar atá: Gás Neamhghaolmhar

Gás nádúrtha a thagann as ceantair a tháirgeann hidreacarbóin i bhfoirm ghásach amháin.

1.3.

Mar atá: Gás Gualchan

Meatán a tháirgtear i mianaigh ghuail nó ó shíoga guail, agus a sheoltar trí phíopaí chuig an dromchla agus a thomhlaítear i ngualchana nó a tharchuirtear trí phíblíne chuig tomhaltóirí.

2.

Ó Fhoinsí Eile

Breoslaí arna gcumasc le gás nádúrtha, agus arna gcaitheamh mar chumasc.

2.1.

Mar atá: ó tháirgí ola

GPL chun an caighdeán a uasghrádú e.g. inneachar teasa

2.2.

Mar atá: ó ghual

gás monaraithe lena chumasc le gás nádúrtha

2.3.

Mar atá: ó fhoinsí inathnuaite

bithghás lena chumasc le gás nádúrtha

3.

Allmhairí

4.

Onnmhairí

5.

Umair Mhuirí Idirnáisiúnta

6.

Athruithe ar Stoic

Taispeántar méadú ar stoc mar uimhir dhiúltach agus taispeántar laghdú ar stoc mar uimhir dheimhneach.

7.

Olltomhaltas

8.

Difríochtaí Staidrimh

Ní bheidh an ceanglas maidir le dearbhú luachanna calracha infheidhme anseo.

9.

Gás inghnóthaithe: stoic tosaigh agus stoic deiridh

Cainníochtaí gáis atá ar fáil lena seachadadh le linn aon timthrialla ionchuir-aschuir. Tagraíonn sé seo do ghás nádúrtha inghnóthaithe arna stóráil i saoráidí stórála speisialta (gáscheantar agus/nó olacheantar ídithe, uiscíoch, cuas salainn, uaimheanna measctha, nó eile) mar aon le stóráil gháis nádúrtha leachtaithe. Ní cóir gás stuáilte a áireamh.

Ní bheidh an ceanglas maidir le dearbhú luachanna calracha infheidhme anseo.

10.

Gás arna Scaoileadh

Toirt an gháis a scaoiltear isteach san aer ar an láithreán táirgeachta nó ag an ngléasra próiseála gáis.

Ní bheidh an ceanglas maidir le dearbhú luachanna calracha infheidhme anseo.

11.

Gás arna Bhladhmadh

Toirt an gháis a dhóitear i mbladhmanna ar an láithreán táirgeachta nó ag an ngléasra próiseála gáis.

Níl an ceanglas maidir le dearbhú luachanna calracha infheidhme anseo.

12.

Earnáil an Chlaochlaithe ina hiomláine

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear i dtiontú príomhúil nó tánaisteach fuinnimh (e.g. gás nádúrtha go leictreachas) nó a úsáidtear sa chlaochlú go táirgí díorthaithe fuinnimh (e.g. gás nádúrtha go meatánól).

12.1.

Mar atá: Gléasraí Leictreachais na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta

12.2.

Mar atá: Gléasraí Leictreachais Uath-tháirgeoirí

12.3.

Mar atá: Gléasraí TCÉ na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta

12.4.

Mar atá: Gléasraí TCÉ Uath-tháirgeoirí

12.5.

Mar atá: Gléasraí Teasa na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta

12.6.

Mar atá: Gléasraí Teasa Uath-tháirgeoirí

12.7.

Mar atá: Oibreacha Gáis

12.8.

Mar atá: Oighinn Chóic

12.9.

Mar atá: Foirnéisí Soinneáin

12.10.

Mar atá: Gás go leachtanna

Cainníochtaí gáis nádúrtha a úsáidtear mar stoc cothaithe i dtaca leis an tiontú go leachtanna e.g. na cainníochtaí breoslaí a théann isteach sa phróiseas táirgthe meatánóil lena gclaochlú go meatánól.

12.11.

Mar atá: Nach sonraítear – Claochlú

2.2.2.   An Earnáil Fuinnimh

1.

An Earnáil Fuinnimh ina hiomláine

1.1.

Mar atá: Mianaigh Ghuail

1.2.

Mar atá: Eastóscadh Ola agus Gáis

1.3.

Mar atá: Ionchuir chuig scaglanna ola

1.4.

Mar atá: Oighinn Chóic

1.5.

Mar atá: Foirnéisí Soinneáin

1.6.

Mar atá: Oibreacha Gáis

1.7.

Mar atá: Gléasraí Leictreachais, TCÉ agus Teasa

1.8.

Mar atá: Leachtú (GNL) nó Gásúchán

1.9.

Mar atá: Gás go Leachtanna

1.10.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Fuinneamh

2.

Caillteanais dáilte agus iompair

2.2.3.   Críochúsáid fuinnimh a shonrú

Ní mór tomhaltas gáis nádúrtha a thuairisciú d'úsáid fuinnimh agus (más infheidhme) d'úsáid neamhfhuinnimh go leithleach, maidir leis na comhiomláin uile seo a leanas:

1.

Tomhaltas deiridh ina iomláine

Déanfar tomhaltas deiridh fuinnimh agus úsáid neamhfhuinnimh a dhearbhú go leithleach faoin gceannteideal seo.

2.

Earnáil an Iompair

2.1.

Mar atá: Iompar de bhóthar

Áirítear GNC agus bithghás.

2.1.1.

Mar atá: An codán bithgháis in Iompar de Bhóthar

2.2.

Mar atá: Iompar trí phíblíne

2.3.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Iompar

3.

Earnáil an Tionscail

3.1.

Mar atá: Iarann agus Cruach

3.2.

Mar atá: Ceimiceach agus Peitriceimiceach

3.3.

Mar atá: Miotail Neamhfheiriúla

3.4.

Mar atá: Mianraí Neamh-Mhiotalacha

3.5.

Mar atá: Trealamh Iompair

3.6.

Mar atá: Innealra

3.7.

Mar atá: Mianadóireacht agus Cairéalacht

3.8.

Mar atá: Bia, Deochanna agus Tobac

3.9.

Mar atá: Laíon, Páipéar agus clódóireacht

3.10.

Mar atá: Adhmad agus Táirgí Adhmaid

3.11.

Mar atá: Foirgníocht

3.12.

Mar atá: Teicstíl agus Leathar

3.13.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Tionscal

4.

Earnálacha Eile

4.1.

Mar atá: Seirbhísí Tráchtála agus Poiblí

4.2.

Mar atá: Teaghaisí Cónaithe

4.3.

Mar atá: Talmhaíocht/Foraoiseacht

4.4.

Mar atá: Iascaireacht

4.5.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Eile

2.2.4.   Allmhairí agus onnmhairí

Déanfar cainníochtaí an gháis nádúrtha iomláin, agus na coda GNL de, a dhearbhú de réir na tíre tionscnaimh le haghaidh allmhairí agus de réir na tíre cinn scríbe le haghaidh onnmhairí.

2.2.5.   Ionchuir chuig uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus teasa

Déanfar ionchuir chuig uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus teasa a dhearbhú go leithleach do Ghléasraí Leictreachais Uath-Tháirgeoirí, do Ghléasraí TCÉ Uath-Tháirgeoirí, agus do Ghléasraí Teasa Uath-Tháirgeoirí.

Tá feidhm ag ionchuir maidir leis na gléasraí nó leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

1.

An Earnáil Fuinnimh ina hiomláine

1.1.

Mar atá: Mianaigh Ghuail

1.2.

Mar atá: Eastóscadh Ola agus Gáis

1.3.

Mar atá: Ionchuir chuig Scaglanna Ola

1.4.

Mar atá: Oighinn Chóic

1.5.

Mar atá: Oibreacha Gáis

1.6.

Mar atá: Foirnéisí Soinneáin

1.7.

Mar atá: Gléasraí Leachtaithe (GNL) agus Athghásúcháin

1.8.

Mar atá: Gás go Leachtanna

1.9.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Fuinneamh

2.

Earnáil an Tionscail

2.1.

Mar atá: Iarann agus Cruach

2.2.

Mar atá: Ceimiceach agus Peitriceimiceach

2.3.

Mar atá: Miotail Neamhfheiriúla

2.4.

Mar atá: Mianraí Neamh-Mhiotalacha

2.5.

Mar atá: Trealamh Iompair

2.6.

Mar atá: Innealra

2.7.

Mar atá: Mianadóireacht agus Cairéalacht

2.8.

Mar atá: Bia, Deochanna agus Tobac

2.9.

Mar atá: Laíon, Páipéar agus clódóireacht

2.10.

Mar atá: Adhmad agus Táirgí Adhmaid

2.11.

Mar atá: Foirgníocht

2.12.

Mar atá: Teicstíl agus Leathar

2.13.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Tionscal

3.

Earnáil an Iompair

3.1.

Mar atá: Iompar trí Phíblíne

3.2.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Iompar

4.

Earnálacha Eile

4.1.

Mar atá: Seirbhísí Tráchtála agus Poiblí

4.2.

Mar atá: Teaghaisí Cónaithe

4.3.

Mar atá: Talmhaíocht/Foraoiseacht

4.4.

Mar atá: Iascaireacht

4.5.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile

2.2.6.   Toilltí Stórála Gáis

1.

Ainm

Ainm láithreán na saoráide stórála.

2.

Cineál

Cineál na stórála, amhail gáscheantar ídithe, cuas salainn, etc.

3.

Toilleadh Oibre

Toilleadh iomlán stórála gáis, lúide an gás stuáilte. Is é an gás stuáilte toirt iomlán an gháis atá ag teastáil mar fhardal buan chun brúnna leordhóthanacha taiscumar stórála faoi thalamh agus rátaí inseachadachta a chothabháil i gcaitheamh an timthrialla aschuir.

4.

Buaic-aschur

An ráta uasta ag a bhféadtar gás a bhaint as an stóráil lena mbaineann.

2.3.   Aonaid tomhais

1.

Cainníochtaí Fuinnimh

Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, déanfar cainníochtaí gáis nádúrtha a dhearbhú de réir a chion fuinnimh, i.e. in TJ, bunaithe ar an oll-luach calrach.

I gcás ina mbeidh cainníochtaí fisiciúla ag teastáil, is i 106 m3 a bheidh an t-aonad agus coinníollacha tagartha gáis á dtoimhdeadh (15 oC, 101 325 kPa).

2.

Luachanna Calracha

KJ/m3, agus coinníollacha tagartha gáis á dtoimhdeadh (15 oC, 101 325 kPa).

3.

Toilleadh oibre stórála

106 m3, agus coinníollacha tagartha gáis á dtoimhdeadh (15 oC, 101 325 kPa).

4.

Buaic-aschur

106 m3/lá, agus coinníollacha tagartha gáis á dtoimhdeadh (15 oC, 101 325 kPa).

2.4.   Maoluithe agus díolúintí

Neamhbhainteach.

3.   LEICTREACHAS AGUS TEAS

3.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Cumhdaíonn an chaibidil seo teas agus leictreachas.

3.2.   Liosta na gcomhiomlán

Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.

Beidh feidhm ag Iarscríbhinn A maidir le mínithe ar théarmaí nach dtugtar míniú sonrach orthu sa chaibidil seo. Beidh feidhm ag na mínithe agus ag na haonaid a luaitear i gCaibidil 1, Caibidil 2, Caibidil 4 agus Caibidil 5 maidir le táirgí fuinnimh a bhaineann le breoslaí soladacha agus gáis mhonaraithe, gás nádúrtha, ola agus táirgí peitriliam, agus fuinneamh inathnuaite agus fuinneamh ó dhramhaíl.

3.2.1.   Earnálacha an tSoláthair agus an Chlaochlaithe

Beidh feidhm ag na sainmhínithe sonracha seo a leanas maidir le comhiomláin le haghaidh leictreachais agus teasa sa chaibidil seo:

Olltáirgeacht Leictreachais: suim na táirgeachta fuinnimh leictrigh ó na tacair ghiniúna go léir lena mbaineann (lena n-áirítear taisce pumpála) arna tomhas ag teirminéil aschuir na bpríomhghineadóirí.

Olltáirgeacht Teasa: an teas iomlán a tháirgeann an tsuiteáil lena n-áirítear an teas a úsáideann cúntóirí na suiteála ina n-úsáidtear leacht te (téamh spáis, téamh breosla leachtaigh etc.) agus caillteanais sna malartuithe teasa suiteáil/líonra, mar aon le teas ó phróisis cheimiceacha a úsáidtear mar phríomh-fhoirm fuinnimh.

Glantáirgeacht Leictreachais: an olltáirgeacht leictreachais lúide an fuinneamh leictreach a ghlacann na cúntóirí giniúna agus na caillteanais sna príomh-chlaochladáin giniúna.

Glantáirgeacht Teasa: an teas a sholáthraítear chuig an gcóras dáilte agus a chinntear ó thomhais sreafaí eisimeachta agus aisfhillte.

Ní mór na comhiomláin a luaitear sa chéad tábla eile a dhearbhú go leithleach do ghléasraí táirgeoirí príomhghníomhaíochta agus do ghléasraí uath-tháirgeoirí. Sa dá chineál gléasra sin, ní mór olltáirgeacht leictreachais agus teasa agus glantáirgeacht leictreachais agus teasa a dhearbhú go leithleach do ghléasraí leictreachais amháin, do ghléasraí TCÉ agus do ghléasraí teasa amháin, más cuí, do na comhiomláin seo a leanas:

1.

Táirgeacht ina iomláine

1.1.

Mar atá: Fuinneamh núicléach

1.2.

Mar atá: Hidreafhuinneamh

1.2.1.

Mar atá: an chuid den hidreafhuinneamh a tháirgtear ó thaisce pumpála

1.3.

Mar atá: Geoiteirmeach

1.4.

Mar atá: Grianfhuinneamh

1.5.

Mar atá: Fuinneamh taoide, tonnfhuinneamh, fuinneamh aigéin

1.6.

Mar atá: Fuinneamh Gaoithe

1.7.

Mar atá: Breoslaí indóite

Breoslaí is féidir a lasadh nó a dhó, i.e. a imoibríonn le hocsaigin chun ardú teochta suntasach a chruthú agus a dhóitear go díreach chun leictreachas agus/nó teas a tháirgeadh.

1.8.

Mar atá: Teaschaidéil

Aschur teasa ó theaschaidéil i gcás ina ndíoltar an teas le tríú páirtithe (i.e. i gcásanna ina dtarlaíonn táirgeadh in Earnáil an Chlaochlaithe).

1.9.

Mar atá: Coirí Leictreacha

Cainníochtaí teasa ó choirí leictreacha i gcás ina ndíoltar an t-aschur le tríú páirtithe.

1.10.

Mar atá: Teas ó Phróisis Cheimiceacha

Teas a thagann as próisis gan ionchur fuinnimh, amhail imoibriú ceimiceach.

Ní áirítear teas dramhaíola a thagann as próisis faoi thiomáint fuinnimh, agus is cóir é a thuairisciú mar theas a tháirgtear ón mbreosla comhfhreagrach.

1.11.

Mar atá: Foinsí Eile – Leictreachas (sonraigh le do thoil)

Ní mór na comhiomláin a luaitear sa chéad tábla eile a dhearbhú mar iomláin do leictreachas agus do theas go leithleach, más iomchuí. Maidir leis na trí chomhiomlán tosaigh sa chéad tábla eile, ba cheart na cainníochtaí a ríomh ó na luachanna a dhearbhaítear de réir an tábla roimhe sin agus ba cheart go mbeidís i gcomhréir leis na luachanna a dhearbhaítear de réir an tábla sin.

1.

Olltáirgeacht ina hiomláine

2.

Féinúsáid ag an nGléasra

3.

Glantáirgeacht ina hiomláine

4.

Allmhairí

Féach freisin an míniú faoi 5 ‘Onnmhairí’.

5.

Onnmhairí

Measfar méideanna leictreachais a bheith allmhairithe nó onnmhairithe nuair a thrasnóidh siad teorainneacha polaitiúla na tíre, cibé acu an mbeidh imréiteach custam déanta nó nach mbeidh. I gcás ina ndéanfar leictreachas a iompar trí thír, ba cheart an méid den chéanna a thuairisciú mar allmhaire agus mar onnmhaire araon.

6.

A úsáidtear le haghaidh Caidéal Teasa

7.

A úsáidtear le haghaidh Galchoirí a Chumachtaítear go Leictreach

8.

A úsáidtear le haghaidh Taisce Pumpála

9.

A úsáidtear chun Leictreachas a Tháirgeadh

10.

Fuinneamh a Sholáthraítear

Maidir le leictreachas: suim na glantáirgeachta fuinnimh leictrigh a sholáthraíonn na gléasraí cumhachta go léir laistigh den tír, arna laghdú den mhéid a úsáidtear go comhuaineach le haghaidh caidéal teasa, galchoirí a chumhachtaítear go leictreach, pumpála, agus arna laghdú nó arna méadú le honnmhairí nó le hallmhairí ón gcoigrích.

Maidir le teas: suim na glantáirgeachta teasa a bheidh le díol ag gach gléasra laistigh de thír, arna laghdú den teas a úsáidtear chun leictreachas a tháirgeadh agus arna laghdú nó arna méadú le honnmhairí nó le hallmhairí ón gcoigrích.

11.

Caillteanais Tarchurtha agus Dáilte

Gach caillteanas mar gheall ar iompar agus dáileadh fuinnimh agus teasa leictrigh.

Maidir le leictreachas, áirítear caillteanais i gclaochladáin a mheasfar nach codanna dílse de na gléasraí cumhachta iad.

12.

Tomhaltas Iomlán (ríofa)

13.

Difríocht Staidrimh

14.

Tomhaltas Iomlán (breathnaithe)

Maidir leis an leictreachas a tháirgtear, leis an teas a dhíoltar agus leis na cainníochtaí breosla a úsáidtear lena n-áirítear a bhfuinneamh iomlán comhfhreagrach (atá bunaithe ar a nglanluach calrach ach amháin maidir le gás nádúrtha atá bunaithe ar oll-luach calrach) ó na hábhair indóite a liostaítear sa chéad tábla eile, ní mór iad a dhearbhú go leithleach do ghléasraí táirgeoirí príomhghníomhaíochta agus do ghléasraí uath-tháirgeoirí. Maidir leis an dá chineál gléasraí seo, ní mór an táirgeacht leictreachais agus teasa sin a dhearbhú go leithleach do ghléasraí leictreachais (amháin), do ghléasraí TCÉ agus do ghléasraí teasa (amháin) i gcás inar iomchuí:

1.

Breoslaí soladacha agus gáis mhonaraithe:

1.1.

Antraicít

1.2.

Gual Cóic

1.3.

Gual Biotúmanach Eile

1.4.

Gual Fo-Bhiotúmanach

1.5.

Lignít/Gual Donn

1.6.

Móin

1.7.

Breosla Paitinne

1.8.

Cóc Oigheann Cóic

1.9.

Gás-Chóc

1.10.

Tarra Guail

1.11.

BKB (Brícíní Guail Dhoinn)

1.12.

Gás Oibreacha Gáis

1.13.

Gás Oigheann Cóic

1.14.

Gás Foirnéise Soinneáin

1.15.

Gás Foirnéise Cruach Ocsaigine

2.

Táirgí Ola agus Peitriliam:

2.1.

Amhola

2.2.

LGN

2.3.

Gás Scaglainne

2.4.

GPL

2.5.

Nafta

2.6.

Scaird-Bhreosla de Chineál Ceirisíneach

2.7.

Ceirisín Eile

2.8.

Gás/Díosal (Ola Bhreosla Driogáite)

2.9.

Ola Bhreosla Throm

2.10.

Biotúman (lena n-áirítear Orimulsion)

2.11.

Cóc Peitriliam

2.12.

Táirgí Ola Eile

3.

Gás Nádúrtha

4.

Fuinneamh Inathnuaite agus Fuinneamh ó Dhramhaíl

4.1.

Dramhaíl Thionsclaíoch (Neamh-Inathnuaite)

4.2.

Dramhaíl Chathrach (Inathnuaite)

4.3.

Dramhaíl Chathrach (Neamh-Inathnuaite)

4.4.

Adhmad, Dramhaíl Adhmaid agus Dramhaíl Sholadach Eile

4.5.

Gás Líonta Talún

4.6.

Gás Sludaigh Séarachais

4.7.

Bithghás Eile

4.8.

Bithbhreoslaí Leachtacha

3.2.2.   Tomhaltas leictreachais agus teasa san Earnáil Fuinnimh

1.

An Earnáil Fuinnimh ina hiomláine

Ní áirítear féinúsáid ag an ngléasra, a úsáidtear maidir le taisce pumpála, caidéil teasa agus coirí leictreacha.

1.1.

Mar atá: Mianaigh Ghuail

1.2.

Mar atá: Eastóscadh Ola agus Gáis

1.3.

Mar atá: Gléasraí Breosla Paitinne

1.4.

Mar atá: Oighinn Chóic

1.5.

Mar atá: Gléasraí BKB/PB

1.6.

Mar atá: Oibreacha Gáis

1.7.

Mar atá: Foirnéisí Soinneáin

1.8.

Mar atá: Scaglanna Peitriliam

1.9.

Mar atá: An Tionscal Núicléach

1.10.

Mar atá: Gléasraí Leachtaithe Guail

1.11.

Mar atá: Gléasraí Leachtaithe (GNL)/Athghásúcháin

1.12.

Mar atá: Gléasraí Gásúcháin (bithghás)

1.13.

Mar atá: Gás go Leachtanna

1.14.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Fuinneamh

3.2.3.   Críochúsáid fuinnimh a shonrú

1.

Earnáil an Tionscail

1.1.

Mar atá: Iarann agus Cruach

1.2.

Mar atá: Ceimiceach agus Peitriceimiceach

1.3.

Mar atá: Miotail Neamhfheiriúla

1.4.

Mar atá: Mianraí Neamh-Mhiotalacha

1.5.

Mar atá: Trealamh Iompair

1.6.

Mar atá: Innealra

1.7.

Mar atá: Mianadóireacht agus Cairéalacht

1.8.

Mar atá: Bia, Deochanna agus Tobac

1.9.

Mar atá: Laíon, Páipéar agus clódóireacht

1.10.

Mar atá: Adhmad agus Táirgí Adhmaid

1.11.

Mar atá: Foirgníocht

1.12.

Mar atá: Teicstíl agus Leathar

1.13.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Tionscal

2.

Earnáil an Iompair

2.1.

Mar atá: Iarnród

2.2.

Mar atá: Iompar trí phíblíne

2.3.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Iompar

3.

Earnáil na dTeaghaisí Cónaithe

4.

Seirbhísí Tráchtála agus Poiblí

5.

Talmhaíocht/Foraoiseacht

6.

Iascaireacht

7.

Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Eile

3.2.4.   Allmhairí agus onnmhairí

Allmhairí agus onnmhairí cainníochtaí fuinnimh leictreachais agus teasa de réir tíre.

3.2.5.   Glantáirgeacht giniúna leictreachais agus glantáirgeacht teasa ag uath-tháirgeoirí

Déanfar glantáirgeacht leictreachais agus glanghiniúint teasa ag uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus táirgthe teasa a dhearbhú go leithleach do ghléasraí TCÉ, do ghléasraí leictreachais (amháin) agus do ghléasraí teasa (amháin), do na gléasraí nó do na gníomhaíochtaí seo a leanas:

1.

An Earnáil Fuinnimh ina hiomláine

1.1.

Mar atá: Mianaigh Ghuail

1.2.

Mar atá: Eastóscadh Ola agus Gáis

1.3.

Mar atá: Gléasraí Breosla Paitinne

1.4.

Mar atá: Oighinn Chóic

1.5.

Mar atá: Gléasraí BKB/PB

1.6.

Mar atá: Oibreacha Gáis

1.7.

Mar atá: Foirnéisí Soinneáin

1.8.

Mar atá: Scaglanna Peitriliam

1.9.

Mar atá: Gléasraí Leachtaithe Guail

1.10.

Mar atá: Gléasraí Leachtaithe (GNL)/Athghásúcháin

1.11.

Mar atá: Gléasraí Gásúcháin (bithghás)

1.12.

Mar atá: Gás go Leachtanna

1.13.

Mar atá: Gléasraí Táirgthe Gualaigh

1.14.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Fuinneamh

2.

Gach earnáil eile: is ionann é agus liosta na gcomhiomlán atá in ‘3.2.3 Críochúsáid fuinnimh a shonrú’.

3.2.6.   Ionchuir chuig uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus teasa

Déanfar ionchuir chuig uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus teasa a dhearbhú go leithleach do Ghléasraí Leictreachais Uath-Tháirgeoirí, do Ghléasraí TCÉ Uath-Tháirgeoirí, agus do Ghléasraí Teasa Uath-Tháirgeoirí.

1.

Maidir le breoslaí soladacha agus gáis mhonaraithe a úsáideann uath-tháirgeoirí, ní mór cainníochtaí a thuairisciú maidir leis na táirgí fuinnimh seo a leanas: antraicít, gual cóic, gual biotúmanach eile, gual fo-bhiotúmanach, lignít/gual donn, móin, breosla paitinne, cóc oigheann cóic, cóc gáis, tarra guail, BKB/PB, gás oibreacha gáis, gás oigheann cóic, gás foirnéise soinneáin agus gás foirnéise cruach ocsaigine. Ní mór a gcuid cainníochtaí ionchuir a thuairisciú do na gléasraí sna gníomhaíochtaí seo a leanas:

1.

An Earnáil Fuinnimh ina hiomláine

1.1.

Mar atá: Mianaigh Ghuail

1.2.

Mar atá: Gléasraí Breosla Paitinne

1.3.

Mar atá: Oighinn Chóic

1.4.

Mar atá: Gléasraí BKB/PB

1.5.

Mar atá: Oibreacha Gáis

1.6.

Mar atá: Foirnéisí Soinneáin

1.7.

Mar atá: Scaglanna Peitriliam

1.8.

Mar atá: Leachtú Guail

1.9.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Fuinneamh

2.

Earnáil an Tionscail

2.1.

Mar atá: Iarann agus Cruach

2.2.

Mar atá: Ceimiceach agus Peitriceimiceach

2.3.

Mar atá: Miotail Neamhfheiriúla

2.4.

Mar atá: Mianraí Neamh-Mhiotalacha

2.5.

Mar atá: Trealamh Iompair

2.6.

Mar atá: Innealra

2.7.

Mar atá: Mianadóireacht agus Cairéalacht

2.8.

Mar atá: Bia, Deochanna agus Tobac

2.9.

Mar atá: Laíon, Páipéar agus clódóireacht

2.10.

Mar atá: Adhmad agus Táirgí Adhmaid

2.11.

Mar atá: Foirgníocht

2.12.

Mar atá: Teicstíl agus Leathar

2.13.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Tionscal

3.

Earnáil an Iompair:

3.1.

Mar atá: Iarnród

3.2.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Iompar

4.

Earnálacha Eile

4.1.

Mar atá: Seirbhísí Tráchtála agus Poiblí

4.2.

Mar atá: Teaghaisí Cónaithe

4.3.

Mar atá: Talmhaíocht/Foraoiseacht

4.4.

Mar atá: Iascaireacht

4.5.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile

2.

Maidir le tairgí ola a úsáideann uath-tháirgeoirí, ní mór cainníochtaí a thuairisciú do na táirgí fuinnimh seo a leanas: amhola, LGN, gás scaglainne, GPL, nafta, scaird-bhreosla de chineál ceirisíneach, ceirisín eile, gás/díosal (ola bhreosla driogáite), ola bhreosla throm, biotúman (lena n-áirítear Orimulsion), cóc peitriliam agus táirgí ola eile. Ní mór a gcuid cainníochtaí ionchuir do na gléasraí a thuairisciú sna gníomhaíochtaí seo a leanas:

1.

An Earnáil Fuinnimh ina hiomláine

1.1.

Mar atá: Mianaigh Ghuail

1.2.

Mar atá: Eastóscadh Ola agus Gáis

1.3.

Mar atá: Oighinn Chóic

1.4.

Mar atá: Foirnéisí Soinneáin

1.5.

Mar atá: Oibreacha Gáis

1.6.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Fuinneamh

2.

Earnáil an Tionscail

2.1.

Mar atá: Iarann agus Cruach

2.2.

Mar atá: Ceimiceach agus Peitriceimiceach

2.3.

Mar atá: Miotail Neamhfheiriúla

2.4.

Mar atá: Mianraí Neamh-Mhiotalacha

2.5.

Mar atá: Trealamh Iompair

2.6.

Mar atá: Innealra

2.7.

Mar atá: Mianadóireacht agus Cairéalacht

2.8.

Mar atá: Bia, Deochanna agus Tobac

2.9.

Mar atá: Laíon, Páipéar agus clódóireacht

2.10.

Mar atá: Adhmad agus Táirgí Adhmaid

2.11.

Mar atá: Foirgníocht

2.12.

Mar atá: Teicstíl agus Leathar

2.13.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Tionscal

3.

Earnáil an Iompair:

3.1.

Mar atá: Iompar trí Phíblíne

3.2.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Iompar

4.

Earnálacha Eile

4.1.

Mar atá: Seirbhísí Tráchtála agus Poiblí

4.2.

Mar atá: Teaghaisí Cónaithe

4.3.

Mar atá: Talmhaíocht/Foraoiseacht

4.4.

Mar atá: Iascaireacht

4.5.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile

3.

Maidir le gás nádúrtha a úsáideann uath-tháirgeoirí, ní mór cainníochtaí a thuairisciú do na gléasraí sna gníomhaíochtaí seo a leanas:

1.

An Earnáil Fuinnimh ina hiomláine

1.1.

Mar atá: Mianaigh Ghuail

1.2.

Mar atá: Eastóscadh Ola agus Gáis

1.3.

Mar atá: Ionchuir chuig Scaglanna Ola

1.4.

Mar atá: Oighinn Chóic

1.5.

Mar atá: Oibreacha Gáis

1.6.

Mar atá: Foirnéisí Soinneáin

1.7.

Mar atá: Gléasraí Leachtaithe (GNL) agus Athghásúcháin

1.8.

Mar atá: Gás go Leachtanna

1.9.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Fuinneamh

2.

Earnáil an Tionscail

2.1.

Mar atá: Iarann agus Cruach

2.2.

Mar atá: Ceimiceach agus Peitriceimiceach

2.3.

Mar atá: Miotail Neamhfheiriúla

2.4.

Mar atá: Mianraí Neamh-Mhiotalacha

2.5.

Mar atá: Trealamh Iompair

2.6.

Mar atá: Innealra

2.7.

Mar atá: Mianadóireacht agus Cairéalacht

2.8.

Mar atá: Bia, Deochanna agus Tobac

2.9.

Mar atá: Laíon, Páipéar agus clódóireacht

2.10.

Mar atá: Adhmad agus Táirgí Adhmaid

2.11.

Mar atá: Foirgníocht

2.12.

Mar atá: Teicstíl agus Leathar

2.13.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Tionscal

3.

Earnáil an Iompair:

3.1.

Mar atá: Iompar trí Phíblíne

3.2.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Iompar

4.

Earnálacha Eile:

4.1.

Mar atá: Seirbhísí Tráchtála agus Poiblí

4.2.

Mar atá: Teaghaisí Cónaithe

4.3.

Mar atá: Talmhaíocht/Foraoiseacht

4.4.

Mar atá: Iascaireacht

4.5.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile

4.

Maidir le fuinneamh inathnuaite agus fuinneamh ó dhramhaíl a úsáideann uath-tháirgeoirí, ní mór cainníochtaí a thuarisiciú as na táirgí fuinnimh seo a leanas: fuinneamh geoiteirmeach, grianteirmeach, dramhaíl thionsclaíoch (neamh-inathnuaite), dramhaíl chathrach (inathnuaite), dramhaíl chathrach (neamh-inathnuaite), adhmad/dramhaíl adhmaid/dramhaíl sholadach eile, gás líonta talún, gás sludaigh séarachais, bithghás eile agus bithbhreoslaí leachtacha. Ní mór a gcuid cainníochtaí ionchuir a thuairisciú do na gléasraí sna gníomhaíochtaí seo a leanas:

1.

An Earnáil Fuinnimh ina hiomláine

1.1.

Mar atá: Gléasraí gásúcháin

1.2.

Mar atá: Mianaigh Ghuail

1.3.

Mar atá: Gléasraí Breosla Paitinne

1.4.

Mar atá: Oighinn Chóic

1.5.

Mar atá: Scaglanna peitriliam

1.6.

Mar atá: Gléasraí BKB/PB

1.7.

Mar atá: Oibreacha Gáis

1.8.

Mar atá: Foirnéisí Soinneáin

1.9.

Mar atá: Gléasraí Táirgthe Gualaigh

1.10.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Fuinneamh

2.

Earnáil an Tionscail

2.1.

Mar atá: Iarann agus Cruach

2.2.

Mar atá: Ceimiceach agus Peitriceimiceach

2.3.

Mar atá: Miotail Neamhfheiriúla

2.4.

Mar atá: Mianraí Neamh-Mhiotalacha

2.5.

Mar atá: Trealamh Iompair

2.6.

Mar atá: Innealra

2.7.

Mar atá: Mianadóireacht agus Cairéalacht

2.8.

Mar atá: Bia, Deochanna agus Tobac

2.9.

Mar atá: Laíon, Páipéar agus clódóireacht

2.10.

Mar atá: Adhmad agus Táirgí Adhmaid

2.11.

Mar atá: Foirgníocht

2.12.

Mar atá: Teicstíl agus Leathar

2.13.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Tionscal

3.

Earnáil an Iompair:

3.1.

Mar atá: Iarnród

3.2.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Iompar

4.

Earnálacha Eile:

4.1.

Mar atá: Seirbhísí Tráchtála agus Poiblí

4.2.

Mar atá: Teaghaisí Cónaithe

4.3.

Mar atá: Talmhaíocht/Foraoiseacht

4.4.

Mar atá: Iascaireacht

4.5.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile

3.3.   Sonraí struchtúracha maidir le giniúint leictreachais agus teasa

3.3.1.   Glantoilleadh Uasta Leictreachais agus Buaicualach

Ba cheart an toilleadh a thuairisciú an 31 Nollaig den bhliain iomchuí tuairiscithe.

Áirítear toilleadh leictreach gléasraí leictreachais (amháin) agus gléasraí TCÉ.

Is é an Glantoilleadh Uasta Leictreachais suim ghlantoilltí uasta na stáisiún go léir á dtógáil go leithleach i gcaitheamh tréimhse áirithe oibríochta. Glacfar leis chun na gcríoch sin gur feidhmiú leanúnach a bheidh i gceist leis an tréimhse oibríochta: le fírinne, is ionann sin agus 15 huaire an chloig nó níos mó in aghaidh an lae. Is é an glantoilleadh uasta an chumhacht uasta a thoimhdeofar gur cumhacht ghníomhach amháin í agus gur féidir í a sholáthar, go leanúnach, le linn don ghléasra uile a bheith ag oibriú, ag an bpointe asraoin chuig an líonra. Sainmhínítear an Buaicualach mar luach is airde na cumhachta a ghlacann nó a sholáthraíonn líonra nó teaglaim de líonraí laistigh den tír.

Ní mór na cainníochtaí seo a leanas a dhearbhú don líonra, agus dó sin amháin:

1.

Iomlán

2.

Fuinneamh núicléach

3.

Hidreafhuinneamh

3.1.

Mar atá: Taisce pumpála

4.

Geoiteirmeach

5.

Grianfhuinneamh

6.

Fuinneamh taoide, tonnfhuinneamh, fuinneamh aigéin

7.

Fuinneamh Gaoithe

8.

Breoslaí indóite

8.1.

Mar atá: Gal

8.2.

Mar atá: Dóchan inmheánach

8.3.

Mar atá: Gástuirbín

8.4.

Mar atá: Oibríocht chomh-thimthrialla

8.5.

Mar atá: Eile

Le sonrú i gcás ina ndearbhófar é.

9.

Buaicualach

10.

Toilleadh atá ar fáil ag am an bhuaicualaigh

11.

Dáta agus am an bhuaicualaigh

3.3.2.   Glantoilleadh Uasta Leictreachais de chuid Breoslaí Indóite

Ní mór glantoilleadh uasta leictreachais de chuid breoslaí indóite a dhearbhú do tháirgeoirí príomhghníomhaíochta agus d'uath-tháirgeoirí araon, agus go leithleach do gach gléasra aonbhreoslaithe nó ilbhreoslaithe a luaitear sa chéad tábla eile. Ní mór sonraí a thabhairt maidir leis an gcineál breosla a úsáidtear mar bhreosla príomhúil agus mar bhreosla malartach i gcás gach gléasra ilbhreoslaithe.

1.

Ionaid Aonbhreoslaithe:

1.1.

Breoslaithe le Gual nó le táirgí guail

Áirítear leis sin toilleadh maidir le gás oigheann cóic, gás foirnéisí soinneáin agus gás foirnéisí cruach ocsaigine.

1.2.

Breoslaithe le Breoslaí leachtacha

Áirítear leis sin toilleadh gáis scaglainne.

1.3.

Breoslaithe le Gás nádúrtha

Áirítear leis sin toilleadh gáis oibreacha gáis.

1.4.

Breoslaithe le Móin

1.5.

Breoslaithe le breoslaí inathnuaite Indóite agus le dramhaíl

2.

Ionaid Ilbhreoslaithe, Solaid agus Leachtanna

3.

Ionaid Ilbhreoslaithe, Solaid agus Gás Nádúrtha

4.

Ionaid Ilbhreoslaithe, Leachtanna agus Gás Nádúrtha

5.

Ionaid Ilbhreoslaithe, Solaid, Leachtanna agus Gás Nádúrtha

Is iad aonaid a fhéadfaidh níos mó ná cineál breosla amháin a dhó ar bhonn leanúnach, agus iad sin amháin, atá i gceist le córais ilbhreoslaithe. Ba cheart stáisiúin a bhfuil aonaid leithleacha acu ina n-úsáidtear breoslaí éagsúla a roinnt ina n-aicmí aonbhreoslaithe iomchuí.

3.4.   Aonaid tomhais

1.

Cainníochtaí Fuinnimh

Leictreachas: GWh

Teas: TJ

Breoslaí soladacha agus gáis mhonaraithe: beidh feidhm ag na haonaid tomhais atá i gCaibidil 1 den iarscríbhinn seo.

Gás nádúrtha: beidh feidhm ag na haonaid tomhais atá i gcaibidil 2 den iarscríbhinn seo.

Táirgí ola agus peitriliam: beidh feidhm ag na haonaid tomhais atá i gcaibidil 4 den iarscríbhinn seo.

Fuinneamh inathnuaite agus dramhaíl: beidh feidhm ag na haonaid tomhais atá i gcaibidil 5 den iarscríbhinn seo.

2.

Toilleadh

Toilleadh giniúna leictrí: MWe

Toilleadh giniúna teasa: MWt

3.5.   Maoluithe agus díolúintí

Tá maolú ag an bhFrainc maidir le tuairisciú na gcomhiomlán a bhaineann le teas. Rachaidh an maolú sin i léig a luaithe a bheidh an Fhrainc in ann an tuarascáil sin a chur ar aghaidh agus, ar aon chuma, tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

4.   OLA AGUS TÁIRGÍ PEITRILIAM

4.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Mura sonraítear a mhalairt beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí fuinnimh seo a leanas:

Táirge Fuinnimh

Sainmhíniú

1.

Amhola

Is éard is amhola ann ola mhianrach de thionscnamh nádúrtha ina bhfuil meascán de hidreacarbóin agus d'eisíonachtaí a ghabhann leo, amhail sulfar. Is i bhfoirm leachta a bhíonn sí faoi ghnáth-theocht agus faoi ghnáthbhrú dromchla agus bíonn a saintréithe fisiceacha (dlús, slaodacht, etc.) fíor-athraitheach. Áirítear leis an aicme seo comhdhlútháit olacheantair nó réimsí taiscéalaíochta a ghnóthaítear ó ghás gaolmhar nó ó ghás neamh-ghaolmhar i gcás ina gcumasctar é leis an sruth amhola tráchtála.

2.

LGN

Is hidreacarbóin leachtacha nó leachtaithe iad LGNanna a ghnóthaítear ó ghás nádúrtha i saoráidí deighilte nó i ngléasraí próiseála gáis. Áirítear le leachtanna gáis nádúrtha eatán, própán, bútán (gnáthbhútán agus iseabútán), (isea)peantán agus pluspheantáin (dá ngairtear uaireanta gásailín nádúrtha nó comhdhlútháit ghléasra).

3.

Stoic chothaithe Scaglainne

Is éard is stoc cothaithe scaglainne ann ola phróiseáilte a cheaptar lena próiseáil tuilleadh (e.g. ola bhreosla chomhrite nó ola fholúsgháis) ach gan cumasc a áireamh. Déanfar í a chlaochlú, le tuilleadh próiseála, ina comhábhar agus/nó ina táirge críochnaithe amháin nó níos mó ná táirge críochnaithe amháin. Cumhdaítear leis an sainmhíniú seo freisin aischuir ón tionscal peitriceimiceach go dtí an tionscal scagtha (e.g. gásailín pirealaithe, codáin C4, codáin ola gáis agus codáin ola breosla).

4.

Breiseáin/Ocsaigionáití

Maidir le breiseáin is comhdhúile neamh-hidreacarbóin iad a chuirfear le táirge nó a chumascfar le táirge chun airíonna breosla a mhodhnú (ochtán, ceatán, fuar-airíonna, etc.):

ocsaigionáití, amhail alcóil (meatánól, eatánól), éitir (amhail EBTM (éitear búitileach treasach meitileach), EBTE (éitear búitileach treasach eitileach), EMAT (éitear meitileach aimileach treasach));

eistir (e.g. ráib nó dé-mheitileistir, etc.);

comhdhúile ceimiceacha (ar nós LMT, LET agus glantaigh).

Tabhair ar aird: Ba cheart go mbainfeadh cainníochtaí breiseán/ocsaigionáití (alcóil, éiteir, eistir agus comhdhúile ceimiceacha eile) arna dtuairisciú san aicme seo leis na cainníochtaí atá ceaptha lena gcumasc le breoslaí nó lena n-úsáid mar bhreosla.

4.1.

Mar atá: Bithbhreoslaí

Bithghásailín agus Bithdhíosail. Beidh feidhm ag na sainmhínithe atá i gCaibidil 5, Fuinneamh Inathnuaite agus Fuinneamh ó Dhramhaíl.

Baineann cainníochtaí bithbhreoslaí leachtacha arna dtuairisciú san aicme seo leis an mbithbhreosla seachas le toirt iomlán na leachtanna a ndéanfar na bithbhreoslaí a chumasc leo.

Ní áirítear trádáil ar bith i mbithbhreoslaí nach mbeidh cumaiscthe le breoslaí iompair (i.e. ina bhfoirm íon); ba cheart iad sin a thuairisciú de réir Chaibidil 5. Ba cheart na bithbhreoslaí arna dtrádáil mar chuid de bhreoslaí iompair a thuairisciú sa táirge iomchuí ina léirítear an cion bithbhreosla.

5.

Hidreacarbóin Eile

Amhola shintéiseach ó tharraghainimh, ola scealla, etc., leachtanna ó leachtú guail, (féach Caibidil 1), aschuir leachtanna ó chlaochlú gáis nádúrtha go gásailín (féach Caibidil 2), hidrigin agus olaí eiblithe (e.g. Orimulsion).

Ní áirítear táirgeadh ola scealla, a bhfuil feidhm ag Caibidil 1 maidir leis.

Déanfar táirgeadh ola scealla (táirge tánaisteach) a thuairisciú mar ‘Ó fhoinsí eile’ san aicme ‘Hidreacarbóin eile’.

6.

Gás Scaglainne (nach bhfuil leachtaithe)

Áirítear le gás scaglainne meascán de gháis neamh-inchomhdhlúite arb éard iad go príomha hidrigin, meatán, eatán agus olaifíní a fhaightear le linn amhola a dhriogadh nó táirgí ola a chóireáil (e.g. cnagadh) i scaglanna. Áirítear leis seo freisin gáis a aischuirtear ón tionscal peitriceimiceach.

7.

Eatán

Hidreacarbón dronslabhra atá gásach go nádúrtha, (C2H6) agus a eastósctar ó shruthanna gáis nádúrtha agus gáis scaglainne.

8.

GPL

Is hidreacarbóin phairifíneacha éadroma iad GPL a dhíorthaítear ó na próisis scaglainne, ó ghléasraí cobhsúcháin amhola agus ó ghléasraí próiseála gáis nádúrtha. Is éard atá iontu go príomha própán (C3H8) agus bútán (C4H10) nó cumasc den dá cheann. D'fhéadfaí próipiléin, búitiléin, iseapróipiléin agus iseabúitiléin a áireamh iontu freisin. Go hiondúil, déantar GPL a leachtú faoi bhrú ar mhaithe lena n-iompar agus lena stóráil.

9.

Nafta

Is stoc cothaithe é nafta ar úsáid sa tionscal peitriceimiceach (e.g. monarú eitiléine nó táirgeadh hidreacarbón aramatach) nó chun gásailín a tháirgeadh trí athfhoirmiú nó isiméiriú laistigh den scaglann a bheidh i ndán dó.

Is éard atá i nafta ábhar atá sa réimse driogtha 30 oC agus 210 oC nó i gcuid den réimse sin.

10.

Gásailín Mótair

Is éard atá i ngásailín mótair meascán de hidreacarbóin éadroma a dhriogann idir 35 oC agus 215 oC. Úsáidtear é mar bhreosla d'innill spréach-adhainte ar talamh. Féadfaidh breiseáin, ocsaigionáití agus méadaitheoirí ochtáin, lena n-áirítear comhdhúile luaidhe ar nós LET agus LMT, a bheith i ngásailín mótair.

Áirítear leis comhábhair chumaisc gásailín mótair (seachas breiseáin/ocsaigionáití), e.g. ailcioláití, isimearáit, athfhormáit, gásailín cnagtha ar úsáid mar ghásailín mótair críochnaithe a bheidh i ndán dó.

10.1.

Mar atá: Bithghásailín

Beidh feidhm ag na sainmhínithe atá i gCaibidil 5, Fuinneamh Inathnuaite agus Fuinneamh ó Dhramhaíl.

11.

Gásailín Eitlíochta

Biotáille mhótair a ullmhaítear go sonrach d'innill loine eitlíochta, agus ag a bhfuil uimhir ochtáin atá oiriúnach don inneall, reophointe de -60 oC agus réimse driogtha atá laistigh de na teorainneacha 30 oC agus 180 oC de ghnáth.

12.

Scaird-Bhreosla de Chineál Gásailíneach (Scaird-Bhreosla de Chineál Nafta nó JP4)

Áirítear leis seo gach ola hidreacarbóin éadrom a úsáidtear in aonaid chumhachta tuirbín eitlíochta, agus a dhriogann idir 100 oC agus 250 oC. Faightear iad trí cheirisíní agus gásailín nó naftaí a chumasc ar shlí nach rachaidh an cion hidreacarbón aramatach thar 25 % de thoirt, agus go mbeidh an galbhrú idir 13,7 kPa agus 20,6 kPa.

13.

Scaird-Bhreosla de Chineál Ceirisíneach

Driogáit a úsáidtear d'aonaid chumhachta tuirbín eitlíochta. Tá na hairíonna driogtha céanna, idir 150 oC agus 300 oC (nach airde go hiondúil ná 250 oC), agus an splancphointe céanna aige agus atá ag ceirisín. Ina theannta sin, tá sonraíochtaí áirithe aige (ar nós reophointe) atá bunaithe ag an gComhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta (IATA).

Áirítear leis comhábhair chumaisc ceirisín.

14.

Ceirisín Eile

Driogáit pheitriliam scagtha a úsáidtear in earnálacha seachas iompar aerárthaí. Driogann sé idir 150 oC agus 300 oC.

15.

Ola Gháis/Ola Dhíosail (Ola Bhreosla Driogáite)

Is driogáit mheánach go príomha í ola gháis/ola dhíosail a dhriogann idir 180 oC agus 380 oC. Áirítear leis comhábhair chumaisc. Tá roinnt grád ar fáil ag brath ar úsáidí:

15.1.

Mar atá: Díosal Iompair

Ola dhíosail d'fheithiclí bóthair le hadhaint comhbhrú díosail (carranna, trucailí, etc.), ina mbíonn cion íseal sulfair de ghnáth;

15.1.1.

Ó 15.1, mar atá: Bithdhíosail

Beidh feidhm ag na sainmhínithe atá i gCaibidil 5, Fuinneamh Inathnuaite agus Fuinneamh ó Dhramhaíl.

15.2.

Mar atá: Ola Gháis Teasa agus Eile

Ola éadrom teasa d'úsáidí tionscail agus tráchtála, díosal do shoithí mara agus díosal a úsáidtear i dtrácht iarnróid, ola gháis eile lena n-áirítear olaí troma gáis a dhriogann idir 380 oC agus 540 oC agus a úsáidtear mar stoic chothaithe pheitriceimiceacha.

16.

Ola Bhreosla

Gach ola bhreosla iarmharach (trom) (lena n-áirítear iad sin a fhaightear trí chumasc). Bíonn an tslaodacht chinéimiteach os cionn 10 cSt ag 80 oC. Bíonn an splancphointe i gcónaí os cionn 50 oC agus bíonn an dlús i gcónaí os cionn 0,90  kg/l.

16.1.

Mar atá: Cion Íseal Sulfair

Ola bhreosla throm ina bhfuil cion sulfair is lú ná 1 %.

16.2.

Mar atá: Cion Ard Sulfair

Ola bhreosla throm ina bhfuil cion sulfair 1 % nó níos mó.

17.

Biotáille Bhán agus FPS

Driogáití idirmheánacha scagtha ag a bhfuil driogadh i réimse nafta/ceirisín. Déanfar iad a fhoroinnt mar seo a leanas:

Biotáille Thionsclaíoch (FPS): Olaí éadroma a dhriogann idir 30 oC agus 200 oC. Tá 7 nó 8 ngrád de bhiotáille thionsclaíoch ann, ag brath ar shuíomh na deighilte sa réimse driogtha. Déantar na gráid a shainmhíniú de réir na héagsúlachta teochta idir na pointí driogtha de thoirt 5 % agus de thoirt 90 % (nach airde ná 60 oC).

Biotáille Bhán: Biotáille thionsclaíoch ag a bhfuil splancphointe os cionn 30 oC. Is 135 oC go 200 oC an réimse driogtha do bhiotáille bhán.

18.

Bealaí

Hidreacarbóin a tháirgtear ó fhotháirge driogáite; úsáidtear iad go príomhúil chun frithchuimilt idir dromchlaí imthaca a laghdú.

Áirítear leo gach grád d'ola bhealaithe, ó ola fearsaide go hola sorcóra, agus iad sin a úsáidtear i ngréiscí, in olaí mótair agus i ngach grád de stoic olabhunacha bhealaithe.

19.

Biotúman

Hidreacarbón soladach, leathsholadach nó slaodach ag a bhfuil struchtúr collóideach, atá ar dhath donn go dubh, agus a fhaightear mar iarmhar i ndriogadh amhola, trí fholúsdriogadh iarmhar ola ó dhriogadh atmaisféarach. Tagraítear do bhiotúman go minic mar asfalt agus úsáidtear go príomha é i ndéanamh bóithre agus le haghaidh ábhar dín.

Áirítear leis biotúman sreabhaithe agus siartha.

20.

Céireacha pairifín

Is hidreacarbóin alafatacha sháithithe iad seo. Is iarmhair iad na céireacha seo a eastósctar nuair a bhaintear an chéir as olaí bealaí. Tá struchtúr criostalach acu atá mín a bheag nó a mhór de réir an ghráid. Is iad seo a leanas a bpríomhthréithe: tá siad éadathach, neamhbholaitheach agus tréshoilseach, agus tá leáphointe os cionn 45 oC acu.

21.

Cóc Peitriliam

Fotháirge soladach dubh, a fhaightear go príomha trí stoc cothaithe a dhíorthaítear ó pheitriliam, folúsghrinnill, tarra agus pic a chnagadh agus a charbónú i bpróisis amhail cóc moillithe nó cóc sreabháin. Is éard atá ann go príomha carbón (90 go 95 %) agus tá cion íseal luatha aige. Úsáidtear é mar stoc cothaithe in oighinn chóic i dtionscal na cruach, chun críocha téimh, chun leictreoidí a mhonarú agus chun ceimiceáin a tháirgeadh. Is ‘cóc glas’ agus ‘cóc cailceanáite’ an dá cháilíocht is tábhachtaí.

Áirítear leis ‘cóc catalaíoch’ arna thaisceadh ar an gcatalaíoch le linn próiseas scagtha; níl an cóc seo inghnóthaithe agus de ghnáth dóitear é mar bhreosla scaglainne.

22.

Táirgí eile

Gach táirge nach luaitear go sonrach thuas, mar shampla: tarra agus sulfar.

Áirítear leo hidreacarbóin aramatacha (e.g. BTX nó beinséin, tolúéin agus xiléin) agus olaifíní (e.g. próipiléin) a tháirgtear laistigh de scaglanna.

4.2.   Liosta na gcomhiomlán

Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.

4.2.1.   Earnálacha an tSoláthair agus an Chlaochlaithe

Ní bheidh feidhm ag an tábla seo ach amháin maidir le hamhola, LGN, stoic chothaithe scaglainne, breiseáin, bithbhreoslaí agus hidreacarbóin eile:

1.

Táirgeacht Dhúchasach

Neambhbhainteach maidir le stoic chothaithe scaglainne nó maidir le bithbhreoslaí.

2.

Ó Fhoinsí Eile

Breiseáin, Bithbhreoslaí agus Hidreacarbóin eile, a bhfuil a dtáirgeadh folaithe i gcomharduithe breoslaí eile.

Neambhbhainteach maidir le hamhola, maidir le LGN agus maidir le stoic chothaithe scaglainne.

2.1.

Mar atá: ó Ghual

Áirítear leis leachtanna a tháirgtear ó ghléasraí leachtaithe guail, aschur leachta ó oighinn chóic.

2.2.

Mar atá: ó Ghás Nádúrtha

D'fhéadfadh sé go mbeadh gás nádúrtha ag teastáil mar stoc cothaithe chun gásailín sintéiseach a mhonarú. Déanfar méid an gháis a bheidh ag teastáil do mhonarú meatánóil a dhearbhú de réir Chaibidil 2, cé go ndéanfar fáltais meatánóil a dhearbhú anseo.

2.3.

Mar atá: ó Fhuinneamh inathnuaite

Áirítear leis bithbhreoslaí a bheidh le cumasc le breoslaí iompair.

Déanfar táirgeacht a dhearbhú de réir Chaibidil 5, agus déanfar méideanna atá le cumasc a dhearbhú anseo.

3.

Cúlsreabha ón Earnáil Pheitriceimiceach

Táirgí críochnaithe nó leathchríochnaithe a aischuirfear ó na tomhaltóirí deiridh chuig scaglanna lena bpróiseáil, lena gcumasc nó lena ndíol. Is fotháirgí de mhonarú peitriceimiceach iad de ghnáth.

Neambhbhainteach ach amháin maidir le stoic chothaithe scaglainne.

4.

Táirgí Aistrithe

Táirgí peitriliam allmhairithe a dhéanfar a athaicmiú mar stoic chothaithe lena bpróiseáil tuilleadh sa scaglann, agus nach ndéanfar a sheachadadh chuig tomhaltóirí deiridh.

Neambhbhainteach ach amháin maidir le stoic chothaithe scaglainne.

5.

Allmhairí agus onnmhairí

Áirítear leo cainníochtaí amhola agus táirgí arna n-allmhairiú nó arna n-onnmhairiú faoi chomhaontuithe próiseála (i.e. scagadh ar chuntas). Ba cheart amhola agus LGNanna a thuairisciú mar chainníochtaí a tháinig ó thír an chéad tionscnaimh; ba cheart stoic chothaithe scaglainne agus táirgí críochnaithe a thuairisciú mar stoic agus mar tháirgí a tháinig ó thír an choinsínithe deiridh.

Áirítear leo aon leachtanna gáis (e.g. GPL) a eastósctar le linn athghásúchán a dhéanamh ar ghás nádúrtha leachtaithe allmhairithe agus táirgí peitriliam a allmhairíonn nó a onnmhairíonn an earnáil pheitriceimiceach go díreach.

Tabhair ar aird: Ba cheart gach trádáil i mbithbhreoslaí, nach mbeidh cumasicthe le breoslaí iompair (i.e. ina bhfoirm íon), a thuairisciú sa Cheistiúchán maidir le Fuinneamh Inathnuaite.

Maidir le hathonnmhairí ola arna n-allmhairiú lena bpróiseáil laistigh de limistéir faoi bhanna, ba cheart iad a áireamh mar onnmhaire táirge ón tír phróiseála go dtí an ceann scríbe críochnaitheach.

6.

Úsáid Dhíreach

Amhola, LGN, Breiseáin agus Ocsaigionáití (agus an chuid ar bithbhreoslaí í), agus hidreacarbóin eile a úsáidtear go díreach gan iad a phróiseáil i scaglanna peitriliam.

Folaítear amhola a dhóitear chun leictreachas a ghiniúint.

7.

Athruithe ar Stoic

Taispeántar méadú ar stoc mar uimhir dhiúltach agus taispeántar laghdú ar stoc mar uimhir dheimhneach.

8.

Iontógáil Ríofa Scaglainne

Méid iomlán an táirge arna ríomh mar mhéid a chuaigh isteach sa phróiseas scaglainne. Sainmhínítear é mar seo a leanas:

Táirgeacht dhúchasach + Ó fhoinsí eile + Cúlsreabha ó thionscal + Táirgí aistrithe + Allmhairí – Onnmhairí – Úsáid dhíreach + Athruithe ar Stoc

9.

Difríochtaí Staidrimh

Sainmhínítear iad mar iontógáil ríofa scaglainne lúide iontógail bhreathnaithe scaglainne.

10.

Iontógáil Bhreathnaithe Scaglainne

Méideanna arna dtomhas mar ionchur chuig scaglanna

11.

Caillteanais Scaglainne

An difríocht idir Iontógáil scaglainne (breathnaithe) agus Oll-aschur scaglainne. Féadfaidh caillteanais tarlú i rith na bpróiseas driogtha mar gheall ar ghalú. Cuirfear an comhartha móide le caillteanais thuairiscithe. Féadfaidh gnóchain thoirtmhéadracha a bheith ann ach ní fhéadfaidh gnóchain i mais a bheith ann.

12.

Stoic Iomlána Tosaigh agus Deiridh ar Chríoch Náisiúnta

Gach stoc ar chríoch náisiúnta, lena n-áirítear stoic arna sealbhú ag rialtais, ag mórthomhaltóirí nó ag eagraíochtaí stocshealbhaíochta, stoic arna sealbhú ar bord soithí farraige ag teacht isteach, stoic arna sealbhú i limistéir faoi bhanna agus stoic arna sealbhú do dhaoine eile, cibé acu faoi chomhaontú déthaobhach rialtais nó ar shlí eile. Tagraíonn tosaigh agus deiridh don chéad lá agus don lá deiridh faoi seach den tréimhse thuairiscithe.

13.

Glanluach Calrach

Táirgeacht, allmhairí agus onnmhairí agus meán foriomlán.

Ní bheidh feidhm ag an tábla seo a leanas ach amháin maidir le táirgí críochnaithe (Gás Scaglainne, Eatán, GPL, Nafta, Gásailín mótair, Gásailín eitlíochta, Scaird-bhreosla de chineál gásailíneach, Scaird-bhreosla de chineál ceirisíneach, Ola Gháis/Ola Dhíosail, Ola bhreosla de shulfar ard agus Ola bhreosla de shulfar íseal, Biotáille Bhán agus FPS, Bealaí, Biotúman, Céireacha pairifín, Cóc peitriliam agus Táirgí eile). Ba cheart amhola agus LGN a dhófar go díreach a áireamh i seachadtaí táirgí críochnaithe agus in aistrithe idirtháirge:

1.

Fáltais Táirgí Príomhúla

Áirítear leo cainníochtaí amhola dúchasaí nó allmhairithe (lena n-áirítear comhdhlútháit) agus LGNanna dúchasacha a úsáidtear go díreach gan iad a phróiseáil i scaglann pheitriliam agus cainníochtaí Cúlsreabha ón tionscal Peitriceimiceach, ar cainníochtaí iad a úsáidtear go díreach cé nach breoslaí príomhúla iad.

2.

Oll-aschur Scaglainne

Táirgí críochnaithe a tháirgeadh i scaglann nó i ngléasra cumaisc.

Ní áirítear leis sin caillteanais scaglainne ach áirítear Breosla scaglainne.

3.

Táirgí Athchúrsáilte

Táirgí críochnaithe a théann tríd an líonra margaíochta den dara huair, tar éis iad a bheith seachadta chuig na tomhaltóirí deiridh uair amháin (e.g. bealaí úsáidte a dhéanfar a athphróiseáil). Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir na cainníochtaí seo agus Cúlsreabha peitriceimiceacha.

4.

Breosla Scaglainne

Táirgí peitriliam arna gcaitheamh chun tacú le hoibriú scaglainne.

Ní áirítear leis sin táirgí a úsáideann cuideachtaí ola lasmuigh den phróiseas scagtha, e.g. umair nó tancaeir ola.

Áirítear breoslaí a úsáidtear chun leictreachas agus teas arna dhíol a tháirgeadh sna scaglanna.

4.1.

Mar atá: a úsáidtear chun leictreachas a ghiniúint

Méideanna a úsáidtear chun leictreachas a ghiniúint i ngléasraí i scaglanna.

4.2.

Mar atá: a úsáidtear chun TCÉ a tháirgeadh

Méideanna a úsáidtear i ngléasraí TCÉ i scaglanna.

5.

Allmhairí agus Onnmhairí

6.

Umair Mhuirí Idirnáisiúnta

7.

Aistrithe Idirtháirgí

Cainníochtaí a athaicmítear toisc gur athraigh a sonraíocht nó toisc go ndearnadh iad a chumasc ina dtáirge eile.

Déanfar iontráil dhiúltach le haghaidh táirge amháin a chúiteamh le hiontráil dheimhneach (nó roinnt iontrálacha) le haghaidh táirge amháin nó roinnt táirgí agus vice versa; ba cheart gurb ionann an ghlanéifeacht iomlán agus nialas.

8.

Táirgí Aistrithe

Táirgí peitriliam allmhairithe a athaicmeofar mar stoic chothaithe lena bpróiseáil tuilleadh sa scaglann, agus nach ndéanfar a sheachadadh chuig tomhaltóirí deiridh.

9.

Athruithe ar Stoic

Taispeántar méadú ar stoc mar uimhir dhiúltach agus taispeántar laghdú ar stoc mar uimhir dheimhneach.

10.

Ollsheachadtaí Ríofa Intíre

Sainmhínítear iad seo mar a leanas:

Fáltais táirgí príomhúla + Oll-aschur scaglainne + Táirgí athchúrsáilte – Breosla scaglainne + Allmhairí – Onnmhairí – Umair mhuirí idirnáisiúnta + Aistrithe Idirtháirge – Táirgí aistrithe + Athruithe ar stoic

11.

Difríocht Staidrimh

Sainmhíneofar é mar ollsheachadadh ríofa intíre lúide an t-ollsheachadadh breathnaithe intíre.

12.

Ollsheachadtaí Breathnaithe Intíre

Seachadadh breathnaithe táirgí peitriliam críochnaithe ó fhoinsí príomhúla (e.g. scaglanna, gléasraí cumaisc, etc.) chuig an margadh intíre.

D'fhéadfadh an figiúr seo a bheith éagsúil leis an bhfigiúr ríofa mar gheall ar dhifríochtaí clúdaigh, mar shampla, agus/nó difríochtaí sainmhínithe i gcórais éagsúla tuairiscithe.

12.1.

Mar atá: Ollsheachadtaí chuig an Earnáil Pheitriceimiceach

Cainníochtaí breoslaí arna seachadadh chuig an Earnáil pheitriceimiceach.

12.2.

Mar atá: Úsáid Fuinnimh san Earnáil Pheitriceimiceach

Cainníochtaí ola a úsáidtear mar bhreosla le haghaidh próiseas peitriceimiceach amhail cnagadh gaile.

12.3.

Mar atá: Úsáid Neamhfhuinnimh san Earnáil Pheitriceimiceach

Cainníochtaí ola a úsáidtear san earnáil pheitriceimiceach chun eitiléin, próipiléin, búitiléin, gás sintéise, hidreacarbóin aramatacha, bútaidhé-éin agus amhábhair hidreacarbón-bhunaithe eile a tháirgeadh i bpróisis amhail cnagadh gaile, gléasraí hidreacarbón aramatach agus athfhoirmiú gaile. Ní áirítear leis sin méideanna ola a úsáidtear chun críocha breosla.

13.

Cúlsreabha ón Earnáil Pheitriceimiceach chuig Scaglanna

14.

Leibhéil Stoc Tosaigh agus Deiridh

Gach stoc ar chríoch náisiúnta, lena n-áirítear stoic arna sealbhú ag rialtais, ag mórthomhaltóirí nó ag eagraíochtaí stocshealbhaíochta, stoic arna sealbhú ar bord soithí farraige ag teacht isteach, stoic arna sealbhú i limistéir faoi bhanna agus stoic arna sealbhú do dhaoine eile, cibé acu faoi chomhaontú déthaobhach rialtais nó ar shlí eile. Tagraíonn tosaigh agus deiridh don chéad lá agus don lá deiridh faoi seach den tréimhse thuairiscithe.

15.

Athruithe ar Stoic ag Fóntais Phoiblí

Athruithe ar stoic arna sealbhú ag fóntais phoiblí agus nach n-áirítear i leibhéil Stoic agus in Athruithe ar Stoic a thuairiscítear in aon áit eile. Taispeántar méadú ar stoc mar uimhir dhiúltach agus taispeántar laghdú ar stoc mar uimhir dheimhneach.

Folaítear Amhola agus LGN a dhófar go díreach, más infheidhme.

16.

Glanluach Calrach Ollsheachadtaí Intíre

Maidir le hearnáil an chlaochlaithe, beidh feidhm ag na comhiomláin seo a leanas maidir le gach breosla, seachas stoic chothaithe scaglainne, breiseáin/ocsaigionáití, bithbhreoslaí agus hidreacarbóin eile, ach áirítear breoslaí a úsáidtear chun críocha neamhfhuinnimh (cóc peitriliam agus eile, a dhearbhófar go leithleach):

1.

Earnáil an Chlaochlaithe ina hiomláine

Cainníochtaí iomlána breoslaí a úsáidtear don tiontú príomhúil nó tánaisteach fuinnimh.

1.1.

Mar atá: Gléasraí Leictreachais na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta

1.2.

Mar atá: Gléasraí Leictreachais Uath-tháirgeoirí

1.3.

Mar atá: Gléasraí TCÉ na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta

1.4.

Mar atá: Gléasraí TCÉ Uath-tháirgeoirí

1.5.

Mar atá: Gléasraí Teasa na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta

1.6.

Mar atá: Gléasraí Teasa Uath-tháirgeoirí

1.7.

Mar atá: Oibreacha Gáis/Gléasraí Gásúcháin

1.8.

Mar atá: Gás Nádúrtha Cumaiscthe

1.9.

Mar atá: Oighinn Chóic

1.10.

Mar atá: Foirnéisí Soinneáin

1.11.

Mar atá: An Tionscal Peitriceimiceach

1.12.

Mar atá: Gléasraí Breosla Paitinne

1.13.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Claochlú

4.2.2.   An Earnáil Fuinnimh

Maidir leis an earnáil fuinnimh, beidh feidhm ag na comhiomláin seo a leanas maidir le gach breosla, seachas stoic chothaithe scaglainne, breiseáin/ocsaigionáití, bithbhreoslaí agus hidreacarbóin eile, ach áirítear breoslaí a úsáidtear chun críocha neamhfhuinnimh (cóc peitriliam agus eile, a dhearbhófar go leithleach):

1.

An Earnáil Fuinnimh ina hiomláine

An chainníocht iomlán a úsáidtear mar fhuinneamh san earnáil fuinnimh

1.1.

Mar atá: Mianaigh Ghuail

1.2.

Mar atá: Eastóscadh Ola agus Gáis

1.3.

Mar atá: Oighinn Chóic

1.4.

Mar atá: Foirnéisí Soinneáin

1.5.

Mar atá: Oibreacha Gáis

1.6.

Mar atá: Gléasraí Cumhachta

Gléasraí Leictreachais, TCÉ agus teasa

1.7.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Fuinneamh

2.

Caillteanais Dáilte

Caillteanais a tharlaíonn lasmuigh den scaglann mar gheall ar iompar agus ar dháileadh.

Áirítear caillteanais ó phíblíne.

4.2.3.   Críochúsáid fuinnimh a shonrú

Maidir le críochúsáid fuinnimh a shonrú, beidh feidhm ag na comhiomláin seo a leanas maidir le gach breosla, seachas stoic chothaithe scaglainne, breiseáin/ocsaigionáití, bithbhreoslaí agus hidreacarbóin eile, ach áirítear breoslaí a úsáidtear chun críocha neamhfhuinnimh (cóc peitriliam agus eile, a dhearbhófar go leithleach):

1.

Tomhaltas Deiridh Fuinnimh

2.

Earnáil an Tionscail

2.1.

Mar atá: Iarann agus Cruach

2.2.

Mar atá: Ceimiceach agus Peitriceimiceach

2.3.

Mar atá: Miotail Neamhfheiriúla

2.4.

Mar atá: Mianraí Neamh-Mhiotalacha

2.5.

Mar atá: Trealamh Iompair

2.6.

Mar atá: Innealra

2.7.

Mar atá: Mianadóireacht agus Cairéalacht

2.8.

Mar atá: Bia, Deochanna agus Tobac

2.9.

Mar atá: Laíon, Páipéar agus clódóireacht

2.10.

Mar atá: Adhmad agus Táirgí Adhmaid

2.11.

Mar atá: Foirgníocht

2.12.

Mar atá: Teicstíl agus Leathar

2.13.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Tionscal

3.

Earnáil an Iompair

3.1.

Mar atá: Eitlíocht Idirnáisiúnta

3.2.

Mar atá: Eitlíocht Intíre

3.3.

Mar atá: Bóthar

3.4.

Mar atá: Iarnród

3.5.

Mar atá: Loingseoireacht Intíre

3.6.

Mar atá: Iompar trí Phíblíne

3.7.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Iompar

4.

Earnálacha Eile

4.1.

Mar atá: Seirbhísí Tráchtála agus Poiblí

4.2.

Mar atá: Teaghaisí Cónaithe

4.3.

Mar atá: Talmhaíocht/Foraoiseacht

4.4.

Mar atá: Iascaireacht

4.5.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Eile

5.

Úsáid Neamhfhuinnimh ina hiomláine

Cainníochtaí arna n-úsáid mar amhábhair sna hearnálacha éagsúla agus nach gcaithtear mar bhreosla nó nach gclaochlaítear ina mbreosla eile. Áireofar na cainníochtaí seo sna comhiomláin a liostaítear thuas.

5.1.

Mar atá: Earnáil an Chlaochlaithe

5.2.

Mar atá: an Earnáil Fuinnimh

5.3.

Mar atá: Earnáil an Iompair

5.4.

Mar atá: Earnáil an Tionscail

5.4.1.

Earnáil an Tionscail, mar atá: Ceimiceach (lena n-áirítear Peitriceimiceach)

5.5.

Mar atá: Earnálacha Eile

4.2.4.   Allmhairí agus onnmhairí

Allmhairí de réir tíre tionscnaimh, agus onnmhairí de réir tíre cinn scríbe. Féach freisin nótaí faoi phointe 4.2.1, comhiomlán 5.

4.2.5.   Ionchuir chuig uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus teasa

Déanfar ionchuir chuig uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus teasa a dhearbhú go leithleach do ghléasraí leictreachais amháin, do ghléasraí TCÉ, agus do ghléasraí teasa amháin.

Ní áirítear na táirgí fuinnimh seo a leanas: stoic chothaithe scaglainne, breiseáin/ocsaigionáití, bithbhreoslaí, hidreacarbóin eile, eatán, gásailín mótair, bithghásailín, gásailín eitlíochta, scaird-bhreosla de chineál gásailíneach, (scaird-bhreosla de chineál nafta nó JP4), biotáille bhán agus FPS, agus bealaí.

Tá feidhm ag ionchuir maidir leis na gléasraí nó leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

1.

An Earnáil Fuinnimh ina hiomláine

An chainníocht iomlán a úsáidtear mar fhuinneamh san earnáil fuinnimh

1.1.

Mar atá: Mianaigh Ghuail

1.2.

Mar atá: Eastóscadh Ola agus Gáis

1.3.

Mar atá: Oighinn Chóic

1.4.

Mar atá: Foirnéisí Soinneáin

1.5.

Mar atá: Oibreacha Gáis

1.6.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Fuinneamh

2.

Earnáil an Tionscail

2.1.

Mar atá: Iarann agus Cruach

2.2.

Mar atá: Ceimiceach agus Peitriceimiceach

2.3.

Mar atá: Miotail Neamhfheiriúla

2.4.

Mar atá: Mianraí Neamh-Mhiotalacha

2.5.

Mar atá: Trealamh Iompair

2.6.

Mar atá: Innealra

2.7.

Mar atá: Mianadóireacht agus Cairéalacht

2.8.

Mar atá: Bia, Deochanna agus Tobac

2.9.

Mar atá: Laíon, Páipéar agus clódóireacht

2.10.

Mar atá: Adhmad agus Táirgí Adhmaid

2.11.

Mar atá: Foirgníocht

2.12.

Mar atá: Teicstíl agus Leathar

2.13.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Tionscal

3.

Earnáil an Iompair

3.1.

Mar atá: Iompar trí Phíblíne

3.2.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Iompar

4.

Earnálacha Eile

4.1.

Mar atá: Seirbhísí Tráchtála agus Poiblí

4.2.

Mar atá: Teaghaisí Cónaithe

4.3.

Mar atá: Talmhaíocht/Foraoiseacht

4.4.

Mar atá: Iascaireacht

4.5.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Eile

4.3.   Aonaid tomhais

1.

Cainníochtaí Fuinnimh

103 tona

2.

Luachanna Calracha

MJ/tona

4.4.   Maoluithe agus díolúintí

Tá an Chipir díolmhaithe ó na comhiomláin arna sainiú i Roinn 4.2.3 faoi phointe 4 (Earnálacha Eile) agus faoi phointe 5 (Úsáid Iomlán Neamhfuinnimh) a thuairisciú; ní bheidh ach na luachanna iomlána infheidhme.

Tá maolú trí bliana ag an gCipir, tar éis dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, maidir leis na comhiomláin arna sainiú i Roinn 4.2.3 faoi phointe 2 (Earnáil an Tionscail) agus faoi phointe 3 (Earnáil an Iompair) a thuairisciú; ní bheidh ach na luachanna iomlána infheidhme le linn tréimhse an mhaolaithe seo.

5.   FUINNEAMH INATHNUAITE AGUS FUINNEAMH Ó DHRAMHAÍL

5.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí fuinnimh seo a leanas:

Táirge Fuinnimh

Sainmhíniú

1.

Hidreafhuinneamh

Fuinneamh poitéinsiúil agus cinéiteach uisce arna thiontú go leictreachas i ngléasraí hidrileictreacha. Ní mór taisce pumpála a áireamh. Ní mór táirgeadh maidir le gléasraí de mhéideanna < 1 MW, 1 go < 10 MW, ≥ 10 MW agus táirgeadh ó thaisce pumpála a thuairisciú.

2.

Geoiteirmeach

Fuinneamh atá ar fáil mar theas a astaítear ó fhorscreamh na talún, i bhfoirm uisce the nó gaile de ghnáth. Is é atá i gceist le táirgeadh an fhuinnimh sin an difríocht idir eantalpacht an tsreabháin a tháirgtear sa táirgeadh tollphoill agus eantalpacht an tsreabháin a dhiúscraítear i ndeireadh na dála. Déantar é a shaothrú i láithreáin oiriúnacha:

chun leictreachas a ghiniúint trí ghal thirim nó trí sháile le heantalpacht ard a úsáid tar éis splancadh

go díreach mar theas le haghaidh téamh ceantair, talmhaíochta etc.

3.

Grianfhuinneamh

Radaíocht na gréine arna saothrú chun uisce te a tháirgeadh agus chun leictreachas a ghiniúint. Is é atá i gceist le táirgeadh an fhuinnimh sin an teas atá ar fáil don mheán traschurtha teasa, i.e. an grianfhuinneamh ionsaitheach lúide na caillteanais optúla agus na caillteanais ceapadóirí. Ní áirítear grianfhuinneamh éighníomhach chun teaghaisí nó foirgnimh eile a théamh, a fhuarú nó a shoilsiú go díreach.

3.1.

Mar atá: Grianfhuinneamh fhótavoltach

Solas na gréine arna thiontú go leictreachas trí úsáid a bhaint as grianchealla a bhíonn déanta go hiondúil as ábhar leathsheolta a ghineann leictreachas ar é a nochtadh don solas.

3.2.

Mar atá: Fuinneamh Grianteirmeach

Féadfaidh teas ó radaíocht na gréine a bheith comhdhéanta:

(a)

de ghléasraí grianteirmeacha-leictreacha, nó

(b)

de threalamh chun uisce te tí a tháirgeadh nó chun linnte snámha a théamh go séasúrach (e.g. ceapadóirí leacaithe, de chineál teirmisiofónach go príomha).

4.

Fuinneamh taoide, Tonnfhuinneamh, Fuinneamh Farraige

Fuinneamh meicniúil a dhíorthaítear ó ghluaiseachtaí taoide, tonnghluaiseacht nó sruth farraige agus a shaothraítear chun leictreachas a ghiniúint.

5.

Fuinneamh Gaoithe

Fuinneamh cinéiteach gaoithe a shaothraítear chun leictreachas a ghiniúint i dtuirbíní gaoithe.

6.

Dramhaíl Thionsclaíoch (neamh-inathnuaite)

Tuairiscítear dramhaíl de thionscnamh neamh-inathnuaite tionsclaíoch (solaid nó leachtanna) a dhóitear go díreach chun leictreachas agus/nó teas a tháirgeadh. Ba cheart cainníocht an bhreosla a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh. Ba cheart dramhaíl thionsclaíoch inathnuaite a thuairisciú sna haicmí Bithmhais Sholadach, Bithghás agus/nó Bithbhreoslaí Leachtacha.

7.

Dramhaíl Chathrach:

Dramhaíl arna táirgeadh ag teaghlaigh, ag ospidéil agus ag an earnáil threasach agus arna dó i suiteálacha sonracha, ar bhonn glanluacha chalraigh.

7.1.

Mar atá: Foinsí Inathnuaite

Cion na dramhaíola cathraí is de thionscnamh bitheolaíoch.

7.2.

Mar atá: Foinsí Neamh-inathnuaite

Cion na dramhaíola cathraí is de thionscnamh neamhbhitheolaíoch.

8.

Bithmhais sholadach:

Áirítear ábhar orgánach, neamh-iontaiseach de thionscnamh bitheolaíoch a fhéadfar a úsáid mar bhreosla chun teas a tháirgeadh nó chun leictreachas a ghiniúint. Cuimsítear leis:

8.1.

Mar atá: Gualach

Iarmhar soladach ó dhriogadh deighilteach agus pirealú adhmaid agus ábhar cothaitheach eile.

8.2.

Mar atá: Adhmad, Dramhaíl Adhmaid agus Dramhaíl Sholadach Eile

Barra sainfhásta fuinnimh (poibleog, saileach etc.), an iliomad ábhar adhmaid a chuirtear ar fáil i bpróiseas tionscail (tionscal an adhmaid/an pháipéir go háirithe) nó a thagann go díreach ó fhoraoiseacht agus talmhaíocht (adhmad tine, sliseanna adhmaid, millíní adhmaid, coirt, min sáibh, scamhacháin, sliseanna, licéar dubh etc.) mar aon le dramhaíl amhail tuí, crotail ríse, cnóshliogáin, easair éanlaithe, dríodair fíonchaor brúite etc. Is dóchan an rogha teicneolaíochta is fearr don dramhaíl sholadach seo. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh.

9.

Bithghás:

Gás comhdhéanta go príomha de mheatán agus de dhé-ocsaíd charbóin a tháirgtear trí dhíleá anaeróbach ar bhithmhais.

9.1.

Mar atá: Gás Líonta Talún

Bithghás a fhoirmítear trí dhíleá ar dhramhaíl líonta talún.

9.2.

Mar atá: Gás Sludaigh Séarachais

Bithghás a tháirgtear ó choipeadh anaeróbach sludaigh séarachais.

9.3.

Mar atá: Bithghás Eile

Bithghás a tháirgtear ó choipeadh anaeróbach sciodair ainmhí agus dramhaíola i seamlais, i ngrúdlanna agus i dtionscail agrai-bhia eile.

10.

Bithbhreoslaí Leachtacha

Ba cheart go mbainfeadh na cainníochtaí bithbhreoslaí leachtacha arna dtuairisciú san aicme seo leis na cainníochtaí bithbhreoslaí seachas le toirt iomlán na leachtanna a ndéanfar na bithbhreoslaí a chumasc leo. Maidir le cás áirithe allmhairí agus onnmhairí bithbhreoslaí leachtacha, ní bhainfidh sé ach amháin le trádáil cainníochtaí nach mbeidh cumaiscthe le breoslaí iompair (ie. ina bhfoirm íon); ba cheart trádáil bithbhreoslaí leachtacha a chumasctar le breoslaí iompair a thuairisciú sna sonraí ola i gCaibidil 4.

Is iad na bithbhreoslaí seo a leanas atá i gceist:

10.1.

Mar atá: Bithghásailín

Áirítear leis an aicme seo bitheatánól (eatánól a tháirgtear ó bhithmhais agus/nó ón gcodán bith-indíghrádaithe de dhramhaíl), bithmheatánól (meatánól a tháirgtear ó bhithmhais agus/nó ón gcodán bith-indíghrádaithe de dhramhaíl), bithEBTE (éitear-búitileach-treasach-eitileach arna tháirgeadh ar bhonn bitheatánóil; is 47 % an céatadán de réir toirte de bhithEBTE a ríomhtar mar bhithbhreosla) agus bithEBTM (éitear-búitileach-treasach-meitileach arna tháirgeadh ar bhonn bithmheatánóil: is 36 % an ceatadán de réir toirte de bhithEBTM a ríomhtar mar bhithbhreosla).

10.2.

Mar atá: Bithdhíosail

Áirítear leis an aicme seo bithdhíosal (eistear meitileach arna tháirgeadh ó ola glasraí nó ainmhíoch, agus atá ar cháilíocht díosail), bith-dhémheitiléitear (démheitiléitear arna tháirgeadh ó bhithmhais), Fischer Tropsch (Fischer Tropsch arna tháirgeadh ó bhithmhais), bithola eastósctha fhuar (ola arna táirgeadh ó olashíol trí phróiseáil mheicniúil amháin) agus gach bithbhreosla leachtach eile a chuirtear le díosal iompair, a chumasctar le díosal iompair nó a úsáidtear go díreach mar dhíosal iompair.

10.3.

Mar atá: Bithbhreoslaí Leachtacha Eile

Bithbhreoslaí leachtacha a úsáidtear go díreach mar bhreosla ach nach n-áirítear i mbithghásailín nó i mbithdhíosail.

5.2.   Liosta na gcomhiomlán

Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.

5.2.1.   Olltáirgeadh Leictreachais agus Teasa

Ní mór leictreachas agus teas a ghintear ó na táirgí fuinnimh a luaitear i Roinn 5.1 (seachas gualach ach lena n-áirítear méid iomlán na mbithbhreoslaí leachtacha amháin) a dhearbhú go leithleach, i gcás inar cuí sin:

do ghléasraí táirgeoirí príomhghníomhaíochta agus do ghléasraí uath-tháirgeoirí;

do ghléasraí táirgthe leictreachais amháin, do ghléasraí táirgthe teasa amháin, agus do ghléasraí teasa agus cumhachta in éineacht (TCÉ).

5.2.2.   Earnálacha an tSoláthair agus an Chlaochlaithe

Ní mór cainníochtaí táirgí fuinnimh a luaitear i Roinn 5.1 (seachas hidreachumhacht, grianfhuinneamh fótavoltach, fuinneamh ó thaoidí, ó thonnta agus ó fharraigí agus fuinneamh gaoithe) agus a úsáidtear in earnálacha an tSoláthair agus an Chlaochlaithe a dhearbhú do na comhiomláin seo a leanas:

1.

Táirgeacht

2.

Allmhairí

3.

Onnmhairí

4.

Athruithe ar Stoic

Taispeántar méadú ar stoc mar uimhir dhiúltach agus taispeántar laghdú ar stoc mar uimhir dheimhneach.

5.

Olltomhaltas

6.

Difríochtaí Staidrimh

7.

Earnáil an Chlaochlaithe ina hiomláine

Cainníochtaí fuinnimh inathnuaite agus dramhaíola a úsáidtear chun foirmeacha príomhúla fuinnimh a thiontú go foirmeacha tánaisteacha (e.g. gáis líonta talún go leictreachas) nó a úsáidtear sa chlaochlú go táirgí fuinnimh díorthaithe (e.g.: bithghás a úsáidtear mar ghás nádúrtha cumaiscthe).

7.1.

Mar atá: Gléasraí Leictreachais na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta

7.2.

Mar atá: Gléasraí TCÉ na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta

7.3.

Mar atá: Gléasraí Teasa na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta

7.4.

Mar atá: Gléasraí Leictreachais Uath-tháirgeoirí

7.5.

Mar atá: Gléasraí TCÉ Uath-tháirgeoirí

7.6.

Mar atá: Gléasraí Teasa Uath-tháirgeoirí

7.7.

Mar atá: Gléasraí Breosla Paitinne

Cainníochtaí fuinnimh inathnuaite agus dramhaíola a úsáidtear chun breosla paitinne a tháirgeadh. Maidir le fuinneamh inathnuaite agus dramhaíl i gcomhair teasa agus chun trealamh a oibriú, ní mór iad a thuairisciú mar thomhaltas san earnáil Fuinnimh.

7.8.

Mar atá: Gléasraí BKB/PB

Cainníochtaí fuinnimh inathnuaite agus dramhaíola a úsáidtear chun BKB a tháirgeadh. Maidir le fuinneamh inathnuaite agus dramhaíl i gcomhair teasa agus chun trealamh a oibriú, ní mór iad a thuairisciú mar thomhaltas san earnáil Fuinnimh.

7.9.

Mar atá: Gás Oibreacha Gáis

Cainníochtaí fuinnimh inathnuaite agus dramhaíola a úsáidtear chun gás oibreacha gáis a tháirgeadh. Maidir le fuinneamh inathnuaite agus dramhaíl i gcomhair teasa agus chun trealamh a oibriú, ní mór iad a thuairisciú mar thomhaltas san earnáil Fuinnimh.

7.10.

Mar atá: Maidir le gás nádúrtha cumaiscthe

Cainníochtaí bithghás arna gcumasc le gás nádúrtha.

7.11.

Mar atá: Maidir le Cumasc le Gásailín/Díosal Mótair

Cainníochtaí bithbhreoslaí leachtacha nach ndéantar a sheachadadh le haghaidh tomhaltais dheiridh ach a úsáidtear le tairgí peitriliam eile arna dtuairisciú de réir Chaibidil 4 den Iarscríbhinn seo.

7.12.

Mar atá: Gléasraí táirgthe gualaigh

Cainníochtaí adhmaid a úsáidtear i dtáirgeadh Gualaigh.

7.13.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Claochlú

5.2.3.   An Earnáil Fuinnimh

Ní mór na cainníochtaí táirgí fuinnimh a luaitear i Roinn 5.1 (seachas hidreachumhacht, grianfhuinneamh fótavoltach, fuinneamh ó thaoidí, ó thonnta agus ó fharraigí agus fuinneamh gaoithe) agus a úsáidtear san earnáil fuinnimh nó le haghaidh ríochthomhaltais a dhearbhú do na comhiomláin seo a leanas:

1.

An Earnáil Fuinnimh ina hiomláine

Fuinnimh inathnuaite agus dramhaíl arna gcaitheamh ag an tionscal fuinnimh chun tacú le gníomhaíocht an chlaochlaithe. Mar shampla fuinnimh inathnuaite agus dramhaíl a úsáidtear chun caidéil/comhbhrúiteoirí a théamh, a shoilsiú nó a oibriú.

Maidir le cainníochtaí fuinneamh inathnuaite agus dramhaíola arna gclaochlú ina bhfoirm fuinnimh eile, ba cheart iad a thuairisciú faoi earnáil an Chlaochlaithe.

1.1.

Mar atá: Gléasraí gásúcháin

1.2.

Mar atá: Gléasraí Leictreachais Phoiblí, TCÉ agus Teasa

1.3.

Mar atá: Mianaigh Ghuail

1.4.

Mar atá: Gléasraí Breosla Paitinne

1.5.

Mar atá: Oighinn Chóic

1.6.

Mar atá: Scaglanna Peitriliam

1.7.

Mar atá: Gléasraí BKB/PB

1.8.

Mar atá: Gás Oibreacha Gáis

1.9.

Mar atá: Foirnéisí Soinneáin

1.10.

Mar atá: Gléasraí táirgthe gualaigh

1.11.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile

2.

Caillteanais Dáilte

Gach caillteanas a tharlaíonn mar gheall ar iompar agus ar dháileadh.

5.2.4.   Críochúsáid fuinnimh

Ní mór cainníochtaí táirgí fuinnimh a luaitear i Roinn 5.1 (seachas hidreachumhacht, grianfhuinneamh fótavoltach, fuinneamh ó thaoidí, ó thonnta agus ó fharraigí agus fuinneamh gaoithe) a dhearbhú do na comhiomláin seo a leanas:

1.

Tomhaltas Deiridh Fuinnimh

2.

Earnáil an Tionscail

2.1.

Mar atá: Iarann agus Cruach

2.2.

Mar atá: Ceimiceach agus Peitriceimiceach

2.3.

Mar atá: Miotail Neamhfheiriúla

2.4.

Mar atá: Mianraí Neamh-Mhiotalacha

2.5.

Mar atá: Trealamh Iompair

2.6.

Mar atá: Innealra

2.7.

Mar atá: Mianadóireacht agus Cairéalacht

2.8.

Mar atá: Bia, Deochanna agus Tobac

2.9.

Mar atá: Laíon, Páipéar agus clódóireacht

2.10.

Mar atá: Adhmad agus Táirgí Adhmaid

2.11.

Mar atá: Foirgníocht

2.12.

Mar atá: Teicstíl agus Leathar

2.13.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Tionscal

3.

Earnáil an Iompair

3.1.

Mar atá: Iarnród

3.2.

Mar atá: Bóthar

3.3.

Mar atá: Loingseoireacht Intíre

3.4.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Iompar

4.

Earnálacha Eile

4.1.

Mar atá: Seirbhísí Tráchtála agus Poiblí

4.2.

Mar atá: Teaghaisí Cónaithe

4.3.

Mar atá: Talmhaíocht/Foraoiseacht

4.4.

Mar atá: Iascaireacht

4.5.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Eile

5.2.5.   Airíonna Teicniúla Suiteálacha

Déanfar na toilltí giniúna leictreachais seo a leanas a dhearbhú mar thoilltí is infheidhme ag deireadh na bliana tuairiscithe:

1.

Hidreafhuinneamh

Ní mór toilleadh maidir le gléasraí de mhéideanna < 1 MW, 1 go < 10 MW, ≥ 10 MW agus ó thaisce pumpála a thuairisciú, mar aon leis an toilleadh do na méideanna go léir i dteannta a chéile. Ba cheart méideanna mionsonraithe gléasraí a thuairisciú glan ón taisce pumpála.

2.

Fuinneamh Geoiteirmeach

3.

Grianfhuinneamh fótavoltach

4.

Fuinneamh Grianteirmeach

5.

Fuinneamh taoide, Tonnfhuinneamh, Fuinneamh Farraige

6.

Fuinneamh Gaoithe

7.

Dramhaíl Thionsclaíoch (neamh-inathnuaite)

8.

Dramhaíl Chathrach

9.

Adhmad, Dramhaíl Adhmaid agus Dramhaíl Sholadach Eile

10.

Gás Líonta Talún

11.

Gás Sludaigh Séarachais

12.

Bithghás Eile

13.

Bithbhreoslaí Leachtacha

Dearbhófar dromchla suiteáilte iomlán na gceapadóirí grianfhuinnimh.

Dearbhófar na toilltí táirgthe bithbhreosla seo a leanas:

1.

Bithbhreoslaí Leachtacha:

1.1.

Mar atá: Bithghásailín

1.2.

Mar atá: Bithdhíosail

1.3.

Mar atá: Bithbhreoslaí Leachtacha Eile

5.2.6.   Ionchuir chuig uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus teasa

Déanfar ionchuir chuig uath-tháirgeoirí giniúna leictreachais agus teasa a dhearbhú go leithleach do ghléasraí leictreachais amháin, do ghléasraí TCÉ, agus do ghléasraí teasa amháin.

Ní mór cainníochtaí táirgí fuinnimh a luaitear i Roinn 5.1 (seachas hidreachumhacht, grianfhuinneamh fótavoltach, fuinneamh ó thaoidí, ó thonnta agus ó fharraigí agus fuinneamh gaoithe) a dhearbhú do na comhiomláin seo a leanas:

1.

An Earnáil Fuinnimh ina hiomláine

1.1.

Mar atá: Gléasraí gásúcháin

1.2.

Mar atá: Mianaigh Ghuail

1.3.

Mar atá: Gléasraí Breosla Paitinne

1.4.

Mar atá: Oighinn Chóic

1.5.

Mar atá: Scaglanna Peitriliam

1.6.

Mar atá: Gléasraí BKB/PB

1.7.

Mar atá: Gás Oibreacha Gáis

1.8.

Mar atá: Foirnéisí Soinneáin

1.9.

Mar atá: Gléasraí táirgthe gualaigh

1.10.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile

2.

Earnáil an Tionscail

2.1.

Mar atá: Iarann agus Cruach

2.2.

Mar atá: Ceimiceach agus Peitriceimiceach

2.3.

Mar atá: Miotail Neamhfheiriúla

2.4.

Mar atá: Mianraí Neamh-Mhiotalacha

2.5.

Mar atá: Trealamh Iompair

2.6.

Mar atá: Innealra

2.7.

Mar atá: Mianadóireacht agus Cairéalacht

2.8.

Mar atá: Bia, Deochanna agus Tobac

2.9.

Mar atá: Laíon, Páipéar agus clódóireacht

2.10.

Mar atá: Adhmad agus Táirgí Adhmaid

2.11.

Mar atá: Foirgníocht

2.12.

Mar atá: Teicstíl agus Leathar

2.13.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Tionscal

3.

Earnáil an Iompair

3.1.

Mar atá: Iarnród

3.2.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Iompar

4.

Earnálacha Eile

4.1.

Mar atá: Seirbhísí Tráchtála agus Poiblí

4.2.

Mar atá: Teaghaisí Cónaithe

4.3.

Mar atá: Talmhaíocht/Foraoiseacht

4.4

Mar atá: Iascaireacht

4.5.

Mar atá: Nach Sonraítear in aon Áit Eile – Eile

5.3.   Luachanna calracha

Déanfar meán-ghlanluachanna calracha a dhearbhú do na táirgí seo a leanas:

1.

Bithghásailín

2.

Bithdhíosal

3.

Bithbhreoslaí leachtacha eile

4.

Gualach

5.4.   Aonaid tomhais

1.

Giniúint leictreachais

MWh

2.

Táirgeadh teasa

TJ

3.

Táirgí fuinnimh inathnuaite

Bithghásailín, bithdhíosail agus bithbhreoslaí leachtacha eile: tonaí

Gualach: 1 000 tona

Gach ceann eile: TJ (bunaithe ar ghlanluachanna calracha).

4.

Dromchla ceapadóirí grianfhuinnimh

1 000  m2

5.

Toilleadh gléasraí

Bithbhreoslaí: tonaí/bliain

Gach ceann eile: MWe

6.

Luachanna Calracha

KJ/kg (glanluach calrach).

5.5.   Maoluithe agus díolúintí

Neamhbhainteach.

6.   FORÁLACHA IS INFHEIDHME

Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir leis an mbailiú sonraí a thuairiscítear i ngach caibidil roimhe seo:

1.

Tréimhse thuairiscithe:

Bliain féilire (an 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig).

2.

Minicíocht

Bliantúil.

3.

An spriocdháta do tharchur sonraí

An 30 Samhain den bhliain tar éis na tréimhse tuairiscithe.

4.

Formáid agus modh an tarchuir

Beidh formáid an tarchuir i gcomhréir le caighdeán idirmhalartaithe iomchuí a shonróidh Eurostat.

Is ar mhodh leictreonach a dhéanfar sonraí a tharchur nó a uaslódáil chuig an bpointe iontrála aonair do shonraí ag Eurostat.


IARSCRÍBHINN C

STAIDREAMH MÍOSÚIL FUINNIMH

Tugann an Iarscríbhinn seo tuairisc ar an raon, ar na haonaid, ar an tréimhse thuairiscithe, ar an minicíocht agus ar na modúlachtaí tarchuir i ndáil le staidreamh fuinnimh a bhailiú go míosúil.

Beidh feidhm ag Iarscríbhinn A maidir le mínithe ar théarmaí nach dtugtar míniú sonrach orthu san Iarscríbhinn seo.

1.   BREOSLAÍ SOLADACHA

1.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Mura sonraítear a mhalairt beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí fuinnimh seo a leanas:

Táirge Fuinnimh

Sainmhíniú

1.

Gual crua

Dríodar iontaise dubh, indóite, soladach, orgánach ag a bhfuil oll-luach calrach os cionn 24 MJ/kg i riocht saor ó luaith agus ina bhfaightear an cion taise ag teocht 30 oC agus ag a bhfuil taiseachas aeir coibhneasta de 96 %.

2.

Lignít

Dríodar iontaise orgánach, indóite, donn go dubh, ag a bhfuil oll-luach calrach faoi bhun 24 MJ/kg i riocht saor ó luaith agus ina bhfaightear an cion taise ag teocht 30 oC agus ag a bhfuil taiseachas aeir coibhneasta de 96 %.

2.1.

Mar atá: Lignít dhubh

Lignít ag a bhfuil cion taise de 20 go 25 % agus cion luaithe de 9 go 13 %. Ba sa ré thánaisteach a foirmíodh lignít dhubh. Laistigh den Aontas, is í an Fhrainc amháin a tháirgeann anois í ó mhianadóireacht dhomhain in Provence.

2.2.

Mar atá: Gual donn

Lignít ag a bhfuil cion taise de 40 go 70 % agus cion luaithe idir 2 agus 6 % de ghnáth; d'fhéadfadh an cion luaithe, áfach, a bheith chomh hard le 12 % ag brath ar an bhfosú. Ba sa ré threasach a foirmíodh gual donn den chuid ba mhó. Déantar an breosla seo a bhaint in oibrithe dromchla go hiondúil.

3.

Móin

Dríodar indóite, nádúrtha, idir scaoilte agus comhbhrúite, bog de bhunadh plandúil agus ina bhfuil cion ard taise (nach mó ná 90 %), agus atá idir donnfhionn agus dúdhonn.

Tá an sainmhíniú seo gan dochar don sainmhíniú ar fhoinsí fuinnimh inathnuaite atá i dTreoir 2001/77/CE agus i dTreoirlínte IPCC 2006 d'Fhardail Náisiúnta Gáis Cheaptha Teasa.

4.

Breosla Paitinne

Maidir le breoslaí paitinne de ghual crua, is déantáin de chruth sonraithe iad a tháirgtear trí mhuilleáil the faoi bhrú, agus trí ábhar nasctha (pic) a chur leo.

5.

Brícíní ligníte

Déantáin de chruth cothrom a tháirgtear tar éis lignít a mhionbhrú agus a thriomú, agus a mhúnlaítear faoi bhrú ard gan nascairí a chur léi. Áirítear leis seo lignít thirim agus bríos ligníte.

6.

Cóc a dhíorthaítear ó ghual crua

Breosla soladach saorga a dhíorthaítear ó ghual crua agus a dhéantar trí thurdhriogadh guail ina bhfuil aer in easnamh go hiomlán nó go páirteach.

Áirítear leis:

Cóc crua: a fhaightear trí charbónú ag teochtaí arda,

Leathchóc: a fhaightear trí charbónú ag teochtaí ísle,

Cóc oibreacha gáis: a tháirgtear in oibreacha gáis.

7.

Cóc ligníte

Iarmhar soladach a dhéantar trí thurdhriogadh ligníte ina bhfuil aer in easnamh.

1.2.   Liosta na gcomhiomlán

Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.

Beidh feidhm ag Iarscríbhinn A maidir le mínithe ar théarmaí nach dtugtar míniú sonrach orthu san iarscríbhinn seo.

1.2.1.   Earnáil an tSoláthair

Beidh feidhm ag na comhiomláin seo a leanas maidir le gual crua, lignít iomlán agus lignít dhubh, gual donn agus móin:

1.

Táirgeacht

2.

Táirgí gnóthaithe

Sciodar agus scealla cairn fuíll arna ngnóthú ag mianaigh.

3.

Allmhairí

3.1.

Mar atá: allmhairí laistigh den AE

4.

Onnmhairí

4.1.

Mar atá: onnmhairí laistigh den AE

5.

Athruithe ar Stoic

Cainníochtaí arna sealbhú ag mianaigh agus ag allmhaireoirí.

Ní áirítear stoic thomhaltóirí (e.g. stoic arna sealbhú i stáisiúin ghiniúna agus i ngléasraí cóic) seachas stoic arna sealbhú ag tomhaltóirí a allmhairíonn go díreach.

Taispeántar méadú ar stoc mar uimhir dhiúltach agus taispeántar laghdú ar stoc mar uimhir dheimhneach.

6.

Seachadtaí Ríofa Intíre

Méid iomlán an táirge a ríomhfar mar mhéid a seachadadh le haghaidh tomhaltais intíre. Sainmhínítear é mar seo a leanas:

Táirgeacht + táirgí gnóthaithe + Allmhairí – Onnmhairí + Athruithe ar stoc

7.

Seachadtaí Breathnaithe Inmheánacha

Cainníochtaí arna seachadadh chuig an margadh inmheánach. Comhionann le méid iomlán na seachadtaí chuig na cineálacha éagsúla tomhaltóirí. Féadfaidh difríocht a bheith ann idir seachadtaí ríofa agus seachadtaí breathnaithe.

7.1.

Mar atá: Féinúsáid ag táirgeoirí

Úsáid inmheánach in aonaid táirgthe:

Ní áirítear tomhaltas i stáisiúin ghiniúna bhéal an tsloic, gléasraí breosla paitinne bhéal an tsloic, gléasraí oighinn chóic ná seachadtaí chuig foireann gualchan.

7.2.

Mar atá: Stáisiúin ghiniúna phríomhghníomhaíochta

7.3.

Mar atá: Stáisiúin ghiniúna uath-tháirgeoirí i mianaigh ghuail

7.4.

Mar atá: Gléasraí cóic

7.5.

Mar atá: Gléasraí Breosla Paitinne

Cainníochtaí a úsáidtear le haghaidh claochlú i ngléasraí breosla paitinne (béal an tsloic agus neamhspleách)

7.6.

Mar atá: Tionscal ina iomláine (seachas an tionscal iarainn agus cruach)

7.7.

Mar atá: An tionscal iarainn agus cruach

7.8.

Mar atá: Eile (seirbhísí, líonta tí, etc.)

Cainníochtaí breosla chuig líonta tí (lena n-áirítear gual gualchan a sholáthraítear chuig oibrithe i mianaigh agus i ngléasraí gaolmhara) agus chuig seirbhísí (riaracháin, siopaí, etc.) agus freisin chuig earnálacha nach sonraítear in aon áit eile (téamh ceantair, iompar, etc.).

8.

Stoic deiridh

8.1.

Mar atá: Mianaigh

8.2.

Mar atá: Allmhaireoirí

8.3.

Mar atá: i ngléasraí cóic

Neambhbhainteach ach amháin maidir le gual crua.

Beidh feidhm ag na comhiomláin seo a leanas maidir le cóc a dhíorthaítear ó ghual crua, ó chóc ligníte, ó bhreoslaí paitinne agus ó bhrícíní ligníte:

1.

Táirgeacht

2.

Allmhairí

3.

Onnmhairí

3.1.

Mar atá: onnmhairí laistigh den AE

4.

Athrú ar stoc

Cainníochtaí arna sealbhú i ngléasraí cóic (cóc) agus i ngléasraí breosla paitinne (breoslaí paitinne) agus ag na hallmhaireoirí chomh maith.

Ní áirítear stoic thomhaltóirí seachas stoic arna sealbhú ag tomhaltórí a dhéanann allmhairiú go díreach.

Taispeántar méadú ar stoc mar uimhir dhiúltach agus taispeántar laghdú ar stoc mar uimhir dheimhneach.

5.

Seachadtaí Intíre Ríofa

Méid iomlán an táirge arna ríomh mar mhéid a seachadadh le haghaidh tomhaltais intíre. Sainmhínítear é mar seo a leanas:

Táirgeacht + Allmhairí – Onnmhairí + Athruithe ar Stoic

6.

Seachadtaí Inmheánacha Breathnaithe

Cainníochtaí arna seachadadh chuig an margadh inmheánach. Comhionann le méid iomlán na seachadtaí chuig na cineálacha éagsúla tomhaltóirí. D'fhéadfadh difríocht a bheith idir seachadtaí ríofa agus seachadtaí breathnaithe.

6.1.

Mar atá: Tionscal ina iomláine (seachas an tionscal iarainn agus cruach)

6.2.

Mar atá: An tionscal iarainn agus cruach

6.3.

Mar atá: Eile (seirbhísí, líonta tí, etc.)

Cainníochtaí breosla chuig líonta tí (lena n-áirítear cóc agus breoslaí paitinne a sholáthraítear chuig oibrithe i mianaigh agus i ngléasraí gaolmhara) agus chuig seirbhísí (riaracháin, siopaí, etc.)

7.

Stoic dúnta

Is éard is stoic ann cainníochtaí arna sealbhú:

ag gléasraí cóic (neambhbhainteach ach amháin maidir le cóc guail agus cóc ligníte),

ag gléasraí breosla paitinne (neambhbhainteach ach amháin maidir le breoslaí paitinne guail agus ligníte),

allmhaireoirí.

1.2.2.   Allmhairí

Maidir le lignít, cóc ligníte, breoslaí paitinne agus brícíní ligníte, ní mór méid iomlán na gcainníochtaí allmhairí ó thíortha laistigh den AE agus ó thíortha lasmuigh den AE a dhearbhú.

Maidir le gual crua, ní mór allmhairí ó na tíortha tionscnaimh seo a leanas a dhearbhú:

1.

Cainníochtaí allmhairí ó thíortha laistigh den AE

1.1.

Mar atá: An Ghearmáin

1.2.

Mar atá: An Ríocht Aontaithe

1.3.

Mar atá: An Pholainn

1.4.

Mar atá: Tíortha eile an AE

Ní mór na tíortha ábhartha a shonrú.

2.

Cainníochtaí allmhairí ó thíortha lasmuigh den AE

2.1.

Mar atá: Stáit Aontaithe Mheiriceá

2.2.

Mar atá: An Astráil

2.3.

Mar atá: An Afraic Theas

2.4.

Mar atá: Comhlathas na Stát Neamhspleách

2.4.1.

Ó 2.4, mar atá: An Rúis

2.4.2.

Ó 2.4, mar atá: An Úcráin

2.5.

Mar atá: Ceanada

2.6.

Mar atá: An Cholóim

2.7.

Mar atá: An tSín

2.8.

Mar atá: Tíortha eile lasmuigh den AE

Ní mór na tíortha ábhartha a shonrú.

1.3.   Aonaid tomhais

Déanfar na cainníochtaí táirgí go léir a lua in 103 tona.

1.4.   Maoluithe agus díolúintí

Neamhbhainteach.

2.   LEICTREACHAS

2.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Cumhdaíonn an chaibidil seo fuinneamh leictreach.

2.2.   Liosta na gcomhiomlán

Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú.

2.2.1.   Earnáil na Táirgeachta

Ní mór ollchainníochtaí agus glanchainníochtaí a dhearbhú do na comhiomláin seo a leanas:

1.

Táirgeacht iomlán leictreachais

1.1.

Mar atá: Fuinneamh núicléach

1.2.

Mar atá: Hidreafhuinneamh

1.2.1.

Ó 1.2, mar atá: an chuid den hidreafhuinneamh a tháirgtear ó thaisce pumpála

1.3.

Mar atá: Fuinneamh geoiteirmeach

1.4.

Mar atá: Gnáthfhuinneamh teirmeach

1.5.

Mar atá: Fuinneamh Gaoithe

Ní mór na cainníochtaí fuinnimh leictrigh seo a leanas a dhearbhú freisin:

2.

Allmhairí

2.1.

Mar atá: allmhairí ó thíortha laistigh den AE

3.

Onnmhairí

3.1.

Mar atá: onnmhairí ón AE amach

4.

A úsáidtear do thaisce pumpála

5.

A úsáidtear don mhargadh inmheánach

Sainmhínítear é seo mar seo a leanas:

Glantáirgeacht iomlán + allmhairí – onnmhairí – A úsáidtear do thaisce pumpála

Beidh feidhm ag na comhiomláin seo a leanas maidir le tomhaltas breosla i ngléasraí táirgeora príomhghníomhaíochta (feic Iarscríbhinn B le haghaidh sainmhínithe ar ghual crua agus ar lignít):

6.

Tomhaltas breosla iomlán i ngléasraí táirgeora príomhghníomhaíochta.

An chainníocht iomlán de bhreosla a thomhlaítear chun lecitreachas a ghiniúint agus chun teas lena dhíol go heisiach le tríú páirtithe a tháirgeadh freisin.

6.1

Mar atá: Gual crua

6.2

Mar atá: Lignít

6.3

Mar atá: Táirgí peitriliam

6.4.

Mar atá: Gás nádúrtha

6.5.

Mar atá: Gás díorthaithe (is gáis mhonaraithe iad seo)

6.6.

Mar atá: Breoslaí eile

2.2.2.   Stoic de bhreosla ag táirgeoirí príomhghníomhaíochta

Is éard atá i gceist le táirgeoirí príomhghníomhaíochta ná fóntais phoiblí a ghineann leictreachas trí bhreoslaí a úsáid. Ní mór na stoic dúnta seo a leanas a dhearbhú (stoic ag deireadh na míosa tuairiscithe):

1.

Gual crua

2.

Lignít

3.

Táirgí peitriliam

2.3.   Aonaid tomhais

1.

Cainníochtaí fuinnimh

Leictreachas: GWh

Gual crua, lignít agus táirgí peitriliam: in 103 tona agus in TJ ar bhonn an ghlanluacha chalraigh.

Gás nádúrtha agus gáis dhíorthaithe: TJ, ar bhonn an oll-luacha chalraigh.

Breoslaí eile: TJ, ar bhonn an ghlanluacha chalraigh.

Teas núicléach: TJ

2.

Stoic

103 tona

2.4.   Maoluithe agus díolúintí

Neamhbhainteach.

3.   OLA AGUS TÁIRGÍ PEITRILIAM

3.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Mura sonraítear a mhalairt beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí fuinnimh seo a leanas, a bhfuil feidhm ag na sainmhínithe atá i gCaibidil 4 d'Iarscríbhinn B maidir leo: amhola, LGN, stoic chothaithe scaglainne, hidreacarbóin eile, gás scaglainne (nach bhfuil leachtaithe), eatán, GPL, nafta, gásailín mótair, gásailín eitlíochta, scaird-bhreosla de chineál gásailíneach (scaird-bhreosla de chineál nafta nó JP4), scaird-bhreosla de chineál ceirisíneach, ceirisín eile, ola gháis/ola dhíosail (ola bhreosla dhriogáite), díosal iompair, ola gháis theasa agus eile, ola bhreosla (de chion ard sulfair agus de chion íseal sulfair araon), biotáille bhán agus PBS, bealaí, biotúman, céireacha pairifín agus cóc peitriliam.

Más infheidhme, ní mór gásailín mótair a dhearbhú in dhá aicme, eadhon:

Gásailín Mótair Gan Luaidhe: gásailín mótair i gcás nach mbeidh comhdhúile luaidhe curtha leis chun an grádú ochtáin a fheabhsú. Féadfaidh rianta de luaidhe orgánach a bheith ann,

Gásailín Mótair Luaidhe: gásailín mótair a mbeidh LET agus/nó LMT curtha leis chun an grádú ochtáin a fheabhsú.

Áirítear le ‘Táirgí Eile’ na cainníochtaí a fhreagraíonn don sainmhíniú i gCaibidil 4 d'Iarscríbhinn B) agus na cainníochtaí de bhiotáille bhán agus FPS, de bhealaí, de bhiotúman agus de chéireacha pairifín; ní cóir na táirgí seo a dhearbhú go leithleach.

3.2.   Liosta na gcomhiomlán

Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.

3.2.1.   Earnáil an tSoláthair

Ní bheidh feidhm ag an tábla seo ach amháin maidir le hamhola, LGN, stoic chothaithe scaglainne, breiseáin/ocsaigionáití, bithbhreoslaí agus hidreacarbóin eile:

1.

Táirgeacht Dhúchasach

Neambhbhainteach maidir le stoic chothaithe scaglainne.

2.

Ó Fhoinsí Eile

Breiseáin, Bithbhreoslaí agus Hidreacarbóin eile, a bhfuil a dtáirgeadh folaithe i gcomharduithe breoslaí eile.

Neambhbhainteach maidir le hamhola, le LGN ná le stoic chothaithe scaglainne.

3.

Cúlsreabha ón Earnáil Pheitriceimiceach

Táirgí críochnaithe nó leathchríochnaithe a aischuirfear ón dtomhaltóir deiridh chuig scaglanna lena bpróiseáil, lena gcumasc nó lena ndíol. Is fotháirgí de mhonarú peitriceimiceach iad de ghnáth.

Neambhbhainteach ach amháin maidir le stoic chothaithe scaglainne.

4.

Táirgí Aistrithe

Táirgí peitriliam allmhairithe a dhéanfar a athaicmiú mar stoic chothaithe lena bpróiseáil tuilleadh sa scaglann, agus nach ndéanfar a sheachadadh chuig tomhaltóirí deiridh.

Neambhbhainteach ach amháin maidir le stoic chothaithe scaglainne.

5.

Allmhairí agus onnmhairí

Áirítear cainníochtaí amhola agus táirgí arna n-allmhairiú nó arna n-onnmhairiú faoi chomhaontuithe próiseála (i.e. scagadh ar chuntas). Ba cheart amhola agus LGNanna a thuairisciú mar chainníochtaí a tháinig ó thír an chéad tionscnaimh; ba cheart stoic chothaithe scaglainne agus táirgí críochnaithe a thuairisciú mar stoic agus mar tháirgí a tháinig ó thír an choinsínithe deiridh.

Áirítear aon leachtanna gáis (e.g. GPL) a eastósctar le linn athghásúchán a dhéanamh ar tháirgí gáis nádúrtha leachtaithe allmhairithe agus ar tháirgí peitriliam a allmhairíonn nó a onnmhairíonn an earnáil pheitriceimiceach go díreach.

Tabhair ar aird: Ba cheart gach trádáil bithbhreoslaí nach mbeidh cumaiscthe le breoslaí iompair (i.e. ina bhfoirm íon) a thuairisciú sa Cheistiúchán maidir le Fuinneamh Inathnuaite.

6.

Úsáid Dhíreach

Amhola, LGN agus Hidreacarbóin Eile a úsáidtear go díreach gan iad a phróiseáil i scaglanna peitiriliam.

Folaítear amhola a dhóitear chun leictreachas a ghiniúint.

7.

Athruithe ar Stoic

Taispeántar méadú ar stoc mar uimhir dheimhneach agus taispeántar laghdú ar stoc mar uimhir dhiúltach.

8.

Iontógáil Scaglainne Ríofa

Méid iomlán an táirge a ríomhtar mar mhéid a chuaigh isteach sa phróiseas scaglainne. Sainmhínítear é mar seo a leanas:

Táirgeacht dhúchasach + Ó fhoinsí eile + Cúlsreabha ó thionscal + Táirgí aistrithe + Allmhairí – Onnmhairí – Úsáid dhíreach – Athruithe ar Stoc

9.

Difríochtaí Staidrimh

Sainmhínítear iad mar iontógáil scaglainne ríofa lúide an iontógáil scaglainne bhreathnaithe.

10.

Iontógáil Scaglainne Bhreathnaithe

Méideanna arna dtomhas mar ionchur i scaglanna

11.

Caillteanais Scaglainne

An difríocht idir Iontógáil scaglainne (breathnaithe) agus Oll-aschur scaglainne. Féadfaidh caillteanais tarlú i rith na bpróiseas driogtha mar gheall ar ghalú. Cuirfear an comhartha móide le caillteanais thuairiscithe. Féadfaidh gnóchain thoirtmhéadracha a bheith ann ach ní fhéadfaidh gnóchain i mais a bheith ann.

12.

Táirgeadh ocsaigionáití

An chuid sin den táirgeadh nó ó fhoinsí eile ar éitir iad amhail EBTM (éitear búitileach treasach meitileach), EMAT (éitear meitileach aimileach treasach), alcóil amhail eatánól agus eistir agus a úsáidtear lena gcumasc i ngásailín agus in ola gháis.

Ní bheidh feidhm ag an tábla seo a leanas maidir le stoic chothaithe ná le breiseáin/ocsaigionáití:

1.

Fáltais Táirgí Príomhúla

Áirítear cainníochtaí amhola dúchasaí nó allmhairithe (lena n-áirítear comhdhlútháit) agus LGNanna dúchasacha a úsáidtear go díreach gan iad a bheith próiseáilte i scaglann pheitriliam agus cainníochtaí Cúlsreabha ón tionscal Peitriceimiceach, ar cainníochtaí iad a úsáidtear go díreach cé nach breoslaí príomhúla iad.

2.

Oll-aschur Scaglainne

Táirgeadh na dtáirgí críochnaithe i scaglann nó i ngléasra cumaisc.

Ní áirítear caillteanais scaglainne ach áirítear Breosla scaglainne.

3.

Táirgí Athchúrsáilte

Táirgí críochnaithe a théann tríd an líonra margaíochta den dara huair, tar éis iad a bheith seachadta chuig na tomhaltóirí deiridh uair amháin (e.g. bealaí úsáidte a dhéanfar a athphróiseáil). Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir na cainníochtaí seo agus Cúlsreabha peitriceimiceacha.

4.

Breosla Scaglainne

Táirgí peitriliam arna gcaitheamh chun tacú le hoibriú scaglainne.

Ní áirítear táirgí a úsáideann cuideachtaí ola lasmuigh den phróiseas scagtha, e.g. umair nó tancaeir ola.

Áirítear breoslaí a úsáidtear chun leictreachas agus teas arna dhíol a tháirgeadh i scaglanna.

5.

Allmhairí agus Onnmhairí

6.

Umair Mhuirí Idirnáisiúnta

7.

Aistrithe Idirtháirgí

Cainníochtaí a dhéantar a athaicmiú toisc gur athraigh a sonraíocht nó toisc go ndearnadh iad a chumasc le táirge eile.

Déanfar iontráil dhiúltach le haghaidh táirge amháin a chúiteamh le hiontráil dheimhneach (nó roinnt iontrálacha) le haghaidh táirge amháin nó roinnt táirgí agus a mhalairt go cruinn; ba cheart gurb ionann an ghlanéifeacht iomlán agus nialas.

8.

Táirgí Aistrithe

Táirgí peitriliam allmhairithe a dhéanfar a athaicmiú mar stoic chothaithe lena bpróiseáil tuilleadh sa scaglann, agus nach ndéanfar a sheachadadh chuig tomhaltóirí deiridh.

9.

Athruithe ar Stoic

Taispeántar méadú ar stoc mar uimhir dheimhneach agus taispeántar laghdú ar stoc mar uimhir dhiúltach.

10.

Ollsheachadtaí Intíre Ríofa

Sainmhínítear é sin mar seo a leanas:

Fáltais táirgí príomhúla + Oll-aschur scaglainne + Táirgí athchúrsáilte – Breosla scaglainne + Allmhairí – Onnmhairí – Umair mhuirí idirnáisiúnta + Aistrithe Idirtháirge – Táirgí aistrithe – Athruithe ar stoic

11.

Difríochtaí Staidrimh

Sainmhínítear iad mar ollsheachadadh intíre ríofa lúide an t-ollsheachadadh intíre breathnaithe.

12.

Ollsheachadtaí Intíre Breathnaithe

Seachadadh breathnaithe táirgí peitriliam críochnaithe ó fhoinsí príomhúla (e.g. scaglanna, gléasraí cumaisc, etc.) chuig an margadh intíre.

Féadfaidh an figiúr seo a bheith éagsúil leis an bhfigiúr ríofa mar gheall ar dhifríochtaí clúdaigh, mar shampla, agus/nó mar gheall ar dhifríochtaí sainmhínithe i gcórais tuairiscithe dhifriúla.

12.1.

Mar atá: Seachadtaí chuig Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta

12.2.

Mar atá: Seachadtaí chuig Gléasraí Cumhachta Poiblí

12.3.

Mar atá: Seachadtaí GPL Gluaisteáin

12.4.

Mar atá: Seachadtaí (comhlán) chuig an Earnáil pheitriceimiceach

13.

Cúlsreabha ón Earnáil pheitriceimiceach chuig scaglanna

14.

Glanseachadtaí intíre iomlána

3.2.2.   Stoic

Ní mór an stoc tosaigh agus an stoc deiridh seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir seachas gás scaglainne:

1.

Stoic ar chríoch náisiúnta

Stoic sna suímh seo a leanas: umair scaglainne, bulc-chríochfoirt, stór-umar píblíne, báirsí agus tancaeir cósta (i gcás ina mbeidh an calafort fágála agus an calafort cinn scríbe sa tír chéanna), tancaeir i gcalafort Ballstáit (i gcás ina mbeidh an lasta le díluchtú ag an gcalafort), umair long intíre. Ní áirítear stoic ola a choinnítear i bpíblínte, i gcarranna umar iarnróid, i gcarranna umar trucaile, in umair long farraige, i stáisiúin seirbhíse, i siopaí miondíola agus in umair ar muir.

2.

Stoic arna sealbhú do thíortha eile faoi chomhaontuithe déthaobhacha rialtais.

Stoic ar chríoch náisiúnta ach gur le tír eile iad agus a bhfuil rochtain orthu ráthaithe ag comhaontú idir na rialtais faoi seach.

3.

Stoic ar fios an ceann scríbe coigríche atá acu

Stoic nach n-áirítear i bpointe 2 agus atá ar an gcríoch náisiúnta ach gur le tír eile iad agus ar chuig tír eile atá a dtriall. D'fhéadfadh na stoic sin a bheith suite laistigh nó lasmuigh de limistéir faoi bhanna.

4.

Stoic eile arna sealbhú i limistéir faoi bhanna

Áirítear stoic nach n-áirítear i bpointe 2 nó i bpointe 3 beag beann ar imréiteach custam a bheith faighte acu nó gan a bheith.

5.

Stoic arna sealbhú ag mórthomhaltóirí

Áirítear stoic atá faoi réir ag rialú rialtais. Ní áirítear leis an sainmhíniú seo stoic thomhaltóirí eile.

6.

Stoic arna sealbhú ar bord soithí farraige ag teacht isteach i gcalafort nó ar feistiú.

Stoic beag beann ar imréiteach custam a bheith faighte acu nó gan a bheith. Ní áirítear leis an aicme seo stoic ar bord soithí ar an mórmhuir.

Áirítear ola i dtancaeir chósta i gcás ina mbeidh a gcalafort fágála agus a gcalafort cinn scríbe sa tír chéanna. Maidir le soithí ag teacht isteach a mbeidh níos mó ná calafort díluchtaithe amháin acu, ní thabharfar tuairisc ach amháin ar an méid a dhéanfar a dhíluchtú ar chríoch na tíre tuariscithe.

7.

Stoic arna sealbhú ag rialtas ar chríoch náisiúnta

Áirítear stoic neamh-mhíleata arna sealbhú laistigh den chríoch náisiúnta ag an rialtas, agus a bheidh ar úinéireacht nó á rialú agus á sealbhú go heisiatach ag an rialtas chun críocha éigeandála.

Ní áirítear stoic arna sealbhú ag cuideachtaí ola stáit nó fóntais leictreachais nó stoic arna sealbhú go díreach ag cuideachtaí ola thar ceann rialtas.

8.

Stoic arna sealbhú ag eagraíocht stocshealbhaíochta ar chríoch náisiúnta

Stoic arna sealbhú ag corparáidí poiblí agus ag corparáidí príobháideacha, ar corparáidí iad a bunaíodh chun stoic atá ann a chothabháil go heisiatach chun críocha éigeandála.

Ní áirítear stoic éigeantacha arna sealbhú ag cuideachtaí príobháideacha.

9.

Gach stoc eile arna shealbhú ar chríoch náisiúnta

Gach stoc eile a chomhlíonann na coinníollacha a thuairiscítear i bpointe 1 thuas.

10.

Stoic arna sealbhú thar lear faoi chomhaontuithe déthaobhacha rialtais

Stoic de chuid na tíre tuairiscithe ach atá á sealbhú i dtír eile, agus a bhfuil rochtain orthu ráthaithe ag comhaontú idir na rialtais faoi seach.

10.1.

Mar atá: Stoic rialtais

10.2.

Mar atá: Stoic eagraíochta sealbhaíochta

10.3.

Mar atá: Stoic eile

11.

Stoic arna sealbhú thar lear agus arna n-ainmniú mar stoic a allmhaireofar

Stoic de chuid an stáit thuairiscithe nach n-áirítear in aicme 10 ach atá á sealbhú i stát eile agus atá ag fanacht ar allmhairiú ansin.

12.

Stoic eile arna sealbhú i limistéir faoi bhanna

Stoic eile sa chríoch náisiúnta nach n-áirítear sna haicmí thuas.

13.

Líonadh píblíne

Ola (amhola agus táirgí peitriliam) i bpíblínte atá riachtanach chun an sreabhadh sna píblínte a chothabháil.

Ina theannta sin, ní mór miondealú ar chainníochtaí de réir tíre comhfhreagraí a dhearbhú maidir leo seo a leanas:

stoic deiridh arna sealbhú do thíortha eile faoi chomhaontuithe déthaobhacha rialtais,

stoic deiridh eile ar fios an ceann scríbe coigríche atá acu,

stoic deiridh arna sealbhú thar lear faoi chomhaontuithe déthaobhacha rialtais,

stoic deiridh eile arna sealbhú thar lear agus atá ainmnithe go deimhnitheach mar stoic a allmhaireofar isteach i gcríoch na tíre tuairiscithe.

Ciallaíonn stoic tosaigh na stoic a bheidh ann an lá deireanach den mhí díreach roimh an mhí thuairiscithe. Ciallaíonn stoic deiridh na stoic a bheidh ann an lá deireanach den mhí thuairiscithe.

3.2.3.   Allmhairí agus onnmhairí

Allmhairí de réir tíre tionscnaimh, agus onnmhairí de réir tíre cinn scríbe.

3.3.   Aonaid tomhais

Cainníochtaí fuinnimh: 103 tona

3.4.   Nótaí geografacha

Chun staidreamh a thuairisciú, agus chuige sin amháin, beidh feidhm ag soiléirithe Chaibidil 1 d'Iarscríbhinn A ach na heisceachtaí seo a leanas a bheith ann:

1.

Cuimsítear leis an Danmhairg Oileáin Fharó agus an Ghraonlainn.

2.

Cuimsítear leis an Eilvéis Lichtinstéin.

3.5.   Maoluithe agus díolúintí

Neamhbhainteach.

4.   GÁS NÁDÚRTHA

4.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Sainímhínítear gás nádúrtha i gCaibidil 2 d'Iarscríbhinn B.

4.2.   Liosta na gcomhiomlán

Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.

4.2.1.   Earnáil an tSoláthair

1.

Táirgeacht Dhúchasach

Gach táirgeacht thirim inmhargaidh laistigh de theorainneacha náisiúnta, lena n-áirítear táirgeacht amach ón gcósta. Déanfar táirgeacht a thomhas tar éis an íonúcháin agus tar éis LGNanna agus sulfar a eastóscadh.

Ní áirítear leis sin caillteanais eastósctha ná cainníochtaí a chuirtear ar ais isteach, a scaoiltear amach nó a bhladhmtar.

Áirítear cainníochtaí a úsáidtear i dtionscal an gháis nádúrtha; in eastóscadh gáis, i gcórais phíblíne agus i ngléasraí próiseála.

2.

Allmhairí

3.

Onnmhairí

4.

Athruithe ar Stoic

Taispeántar méadú ar stoc mar uimhir dheimhneach agus taispeántar laghdú ar stoc mar uimhir dhiúltach.

5.

Ollsheachadtaí Intíre Ríofa

Sainmhínítear é seo mar a leanas:

Táirgeacht dhúchasach + Allmhairí – Onnmhairí – Athruithe ar stoic

6.

Difríochtaí Staidrimh

Sainmhínítear iad mar ollsheachadadh intíre ríofa lúide an t-ollsheachadadh intíre breathnaithe.

7.

Ollsheachadtaí Intíre Breathnaithe

Áirítear gás a úsáideann tionscal an gháis i gcomhair teasa agus chun trealamh a oibriú (i.e. tomhaltas in eastóscadh gáis, sa chóras píblínte agus i ngléasraí próiseála) agus caillteanais dáilte.

8.

Leibhéil tosaigh agus deiridh stoc arna sealbhú ar chríoch náisiúnta

Cainníochtaí arna stóráil i saoráidí stórála speisialta (gáscheantar agus/nó olacheantar ídithe, uiscíoch, cuas salainn, uaimheanna measctha, nó eile) mar aon le stóráil gáis nádúrtha leachtaithe. Ciallaíonn stoic tosaigh na stoic a bheidh ann an lá deireanach den mhí díreach roimh an mhí thuairiscithe. Ciallaíonn stoic deiridh na stoic a bheidh ann ar an lá deireanach den mhí thuairiscithe.

9.

Féinúsáid agus caillteanais thionscal an gháis nádúrtha

Cainníochtaí féinúsáide ag tionscal an gháis i gcomhair teasa agus chun trealamh a oibriú (i.e. tomhaltas in eastóscadh gáis, sa chóras píblínte agus i ngléasraí próiseála).

Áirítear caillteanais dáilte.

4.2.2.   Allmhairí agus onnmhairí

Allmhairí de réir tíre tionscnaimh, agus onnmháirí de réir tíre cinn scríbe.

4.3.   Aonaid tomhais

Ní mór cainníochtaí a dhearbhú in dhá aonad:

i gcainníocht fhisiceach, in 106 m3, agus coinníollacha tagartha gáis á dtoimhdeadh (15 oC, 101,325 kPa)

i gcion fuinnimh, i.e. in TJ, bunaithe ar an oll-luach calrach.

4.4.   Maoluithe agus díolúintí

Neamhbhainteach.

5.   FORÁLACHA IS INFHEIDHME

Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir leis an mbailiú sonraí mar a thuairiscítear i ngach caibidil roimhe seo é:

1.

Tréimhse thuairiscithe:

Mí amháin féilire.

2.

Minicíocht

Míosúil.

3.

An spriocdháta do tharchur sonraí

Laistigh de thrí mhí tar éis na míosa tuairiscithe.

4.

Formáid agus modh an tarchuir

Beidh formáid an tarchuir i gcomhréir le caighdeán idirmhalartaithe iomchuí a shonróidh Eurostat.

Is ar mhodh leictreonach a dhéanfar sonraí a tharchur nó a uaslódáil chuig an bpointe iontrála aonair do shonraí ag Eurostat.


IARSCRÍBHINN D

STAIDREAMH MÍOSÚIL GEARRTHÉARMACH

Tugann an Iarscríbhinn seo tuairisc ar an raon, ar na haonaid, ar an tréimhse tuairiscithe, ar an minicíocht agus ar na modúlachtaí tarchuir maidir le bailiú míosúil gearrthéarmach sonraí staidrimh.

Beidh feidhm ag Iarscríbhinn A maidir le mínithe ar théarmaí nach dtugtar míniú sonrach orthu san Iarscríbhinn seo.

1.   GÁS NÁDÚRTHA

1.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Is gás nádúrtha amháin a chumhdaíonn an chaibidil seo. Sainmhínítear gás nádúrtha i gCaibidil 2 d Iarscríbhinn B.

1.2.   Liosta na gcomhiomlán

Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú.

1.

Táirgeacht

2.

Allmhairí

3.

Onnmhairí

4.

Athrú ar stoc

Taispeántar méadú ar stoc mar uimhir dhiúltach agus taispeántar laghdú ar stoc mar uimhir dheimhneach.

5.

Soláthar

Sainmhínítear é seo mar a leanas:

Táirgeacht + allmhairí – onnmhairí + athrú ar stoc

1.3.   Aonaid tomhais

Ní mór cainníochtaí gáis nádúrtha a dhearbhú in TJ, bunaithe ar an oll-luach calrach.

1.4.   Forálacha eile is infheidhme

1.

Tréimhse thuairiscithe:

Mí amháin féilire.

2.

Minicíocht

Míosúil.

3.

An spriocdháta do tharchur sonraí

Laistigh de mhí amháin tar éis na míosa tuairiscithe.

4.

Formáid agus modh an tarchuir

Beidh formáid an tarchuir i gcomhréir le caighdeán idirmhalartaithe iomchuí a shonróidh Eurostat.

Is ar mhodh leictreonach a dhéanfar sonraí a tharchur nó a uaslódáil chuig an bpointe iontrála aonair do shonraí ag Eurostat.

1.5.   Maoluithe agus díolúintí

Tá an Ghearmáin díolmhaithe ón mbailiú sonraí seo.

2.   LEICTREACHAS

2.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Is leictreachas amháin a chumhdaíonn an chaibidil seo.

2.2.   Liosta na gcomhiomlán

Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú.

1.

Táirgeacht iomlán leictreachais

Ollchainníocht iomlán leictreachais arna ghiniúint.

Áirítear féintomhaltas gléasraí cumhachta.

2.

Allmhairí

3.

Onnmhairí

4.

Ollsoláthar leictreachais

Sainítear é seo mar seo a leanas:

Táirgeacht iomlán leictreachais + allmhairí – onnmhairí

2.3.   Aonaid tomhais

Ní mór na cainníochtaí fuinnimh a lua in GWh

2.4.   Forálacha eile is infheidhme

1.

Tréimhse thuairiscithe:

Mí amháin féilire.

2.

Minicíocht

Míosúil.

3.

An spriocdháta do tharchur sonraí

Laistigh de mhí amháin tar éis na míosa tuairiscithe.

4.

Formáid agus modh an tarchuir

Beidh formáid an tarchuir i gcomhréir le caighdeán idirmhalartaithe iomchuí a shonróidh Eurostat.

Is ar mhodh leictreonach a dhéanfar sonraí a tharchur nó a uaslódáil chuig an bpointe iontrála aonair do shonraí ag Eurostat.

2.5.   Maoluithe agus díolúintí

Tá an Ghearmáin díolmhaithe ón mbailiú sonraí seo.

3.   OLA AGUS TÁIRGÍ PEITRILIAM

Tugtar “Ceistiúchán JODI” ar an mbailiú sonraí seo de ghnáth.

3.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Mura sonraítear a mhalairt beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí fuinnimh seo a leanas, lena bhfuil feidhm ag na sainmhínithe atá i gCaibidil 4 d'Iarscribhínn B: amhola, GPL, gásailín (arb éard atá ann suim na nithe seo a leanas: gásailín mótair agus gásailín eitlíochta), ceirisín (arb éard atá ann suim na nithe seo a leanas: scaird-bhreosla de chineál ceirisín agus ceirisín eile), ola gháis/ola dhíosail agus ola bhreosla (le cion ard sulfair agus le cion íseal sulfair araon).

Ina theannta sin, tá feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le ola iomlán, a chiallaíonn suim na dtáirgí seo go léir seachas amhola, agus ní mór dó táirgí peitriliam eile a áireamh amhail gás scaglainne, eatán, nafta, cóc peitriliam, biotáille bhán agus FPS, céireacha pairifín, biotúman, bealaí agus eile.

3.2.   Liosta na gcomhiomlán

Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.

3.2.1.   Earnáil an tSoláthair

Ní bheidh feidhm ag an tábla seo a leanas ach amháin maidir le hamhola:

1.

Táirgeacht

2.

Allmhairí

3.

Onnmhairí

4.

Stoc Deiridh

5.

Athrú ar stoc

Taispeántar méadú ar stoc mar uimhir dheimhneach agus taispeántar laghdú ar stoc mar uimhir dhiúltach.

6.

Iontógáil Scaglainne

Tríchur scaglainne breathnaithe.

Beidh feidhm ag an tábla seo a leanas maidir le hamhola, GPL, gásailín, ceirisín, ola gháis/ola dhíosail, ola bhreosla agus ola iomlán:

1.

Aschur Scaglainne

Oll-aschur, lena n-áirítear breosla scaglainne.

2.

Allmhairí

3.

Onnmhairí

4.

Stoc Deiridh

5.

Athrú ar stoc

Taispeántar méadú ar stoc mar uimhir dheimhneach agus taispeántar laghdú ar stoc mar uimhir dhiúltach.

6.

Éileamh

Seachadtaí nó díolacháin chuig an margadh intíre (tomhaltas baile) móide Breosla Scaglainne móide Umair Mhuirí agus Eitlíochta Idirnáisiúnta. Áirítear Amhola in Éileamh ar Ola Iomlán.

3.3.   Aonaid tomhais

Cainníochtaí fuinnimh: 103

3.4.   Forálacha eile is infheidhme

1.

Tréimhse thuairiscithe:

Mí amháin féilire.

2.

Minicíocht

Míosúil.

3.

An spriocdháta do tharchur sonraí

Laistigh de 25 lá tar éis na míosa tuairiscithe.

4.

Formáid agus modh an tarchuir

Beidh formáid an tarchuir i gcomhréir le caighdeán idirmhalartaithe iomchuí a shonróidh Eurostat.

Is ar mhodh leictreonach a dhéanfar sonraí a tharchur nó a uaslódáil chuig an bpointe iontrála aonair do shonraí ag Eurostat.

3.5.   Maoluithe agus díolúintí

Neamhbhainteach.