9.4.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/85


RIALACHÁN (CE) Uimh. 301/2008 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Márta 2008

lena n-oiriúnaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 maidir le rialuithe oifigiúla a fheidhmítear chun a áirithiú go bhfíorófar go bhfuiltear ag comhlíonadh dlí beatha agus bia agus rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh,

Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais 2003, agus go háirithe, Airteagal 57(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) bunaíodh creat comhchuibhithe rialacha ginearálta eagrúcháin do rialuithe oifigiúla a fheidhmítear chun a áirithiú go bhfíorófar comhlíonadh dlí beatha agus bia agus comhlíonadh rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe.

(2)

Is gá, de bharr aontachas na mBallstát nua in 2004, liosta na gcríoch in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a chomhlánú le go mbeifear in ann na Ballstáit uile a áireamh sa liosta sin.

(3)

Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 882/2004.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2004 i leith chríocha Phoblacht na Seice, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Mhálta, na Polainne, na Slóivéine agus na Slóvaice.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Márta 2008.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

I. JARC


(1)  IO L 165, 30.4.2004, lch. 1, leagan ceartaithe in IO L 191, 28.5.2004, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 180/2008 ón gCoimisiún (IO L 56, 29.2.2008, lch. 4)


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN I

CRÍOCHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(15)

1.

Críoch Ríocht na Beilge

2.

Críoch Phoblacht na Bulgáire

3.

Críoch Phoblacht na Seice

4.

Críoch Ríocht na Danmhairge seachas na hOileáin Fharó agus an Ghraonlainn

5.

Críoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine

6.

Críoch Phoblacht na hEastóine

7.

Críoch na hÉireann

8.

Críoch na Poblachta Heilléanaí

9.

Críoch Ríocht na Spáinne seachas Ceuta agus Melilla

10.

Críoch Phoblacht na Fraince

11.

Críoch Phoblacht na hIodáile

12.

Críoch Phoblacht na Cipire

13.

Críoch Phoblacht na Laitvia

14.

Críoch Phoblacht na Liotuáine

15.

Críoch Ard-Diúcacht Lucsamburg

16.

Críoch Phoblacht na hUngáire

17.

Críoch Phoblacht Mhálta

18.

Críoch Ríocht na hÍsiltíre san Eoraip

19.

Críoch Phoblacht na hOstaire

20.

Críoch Phoblacht na Polainne

21.

Críoch Phoblacht na Portaingéile

22.

Críoch na Rómáine

23.

Críoch Phoblacht na Slóivéine

24.

Críoch Phoblacht na Slóvaice

25.

Críoch Phoblacht na Fionlainne

26.

Críoch Ríocht na Sualainne

27.

Críoch Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann’