29.6.2007 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/17 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 716/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Meitheamh 2007
maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le struchtúr agus le gníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don Tuairim ó Bhanc Ceannais na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Má táthar le measúnú leordhóthanach a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag fiontair atá faoi rialú coigríche ar gheilleagar an Aontais Eorpaigh, caithfidh staidreamh rialta ardchaighdeáin Comhphobail a bheith ann i ndáil le struchtúr agus le gníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche sa gheilleagar iomlán. D’éascódh sé seo freisin an mhonatóireacht ar éifeachtúlacht an mhargaidh inmheánaigh agus lánpháirtiú na ngeilleagar de réir a chéile, i gcomhthéacs an domhandaithe. Sa chomhthéacs seo, is iad na fiontair ilnáisiúnta atá ar thús cadhnaíochta ach d'fhéadfadh sé gur chúram d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide freisin a bheith faoi rialú coigríche. |
(2) |
Éilíonn cur chun feidhme agus athbhreithniú an Chomhaontaithe Ghinearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (GATS) agus an Chomhaontaithe um Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPs) agus éilíonn an chaibidlíocht atá á déanamh faoi láthair agus a dhéanfar amach anseo maidir le comhaontuithe breise go ndéanfaí an fhaisnéis ábhartha staidrimh a chur ar fáil chun cabhrú leis an gcaibidlíocht. |
(3) |
Chun beartais eacnamaíochta, iomaíochta, fiontair, taighde, forbartha teicniúla agus fostaíochta a ullmhú i gcomhthéacs phróiseas an léirscaoilte, tá gá le staidreamh i ndáil le fiontair chleamhnaithe choigríche chun iarmhairtí díreacha agus iarmhairtí indíreacha an rialaithe choigríche ar an bhfostaíocht, ar thuarastail agus ar an táirgiúlacht i dtíortha áirithe agus in earnálacha áirithe a thomhas. |
(4) |
An fhaisnéis a sholáthraítear faoin reachtaíocht Chomhphobail atá ann nó a bhfuil teacht uirthi sna Ballstáit, ní leor í ná níl sí leordhóthanach ná níl sí chomh hinchomórtais agus go bhféadfaí í a úsáid mar bhonn iontaofa d'obair an Choimisiúin. |
(5) |
Bunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 (3) creat comhchoiteann chun staidreamh Comhphobail a tháirgeadh go córasach i ndáil le comhardú na n-íocaíochtaí, i ndáil le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus i ndáil le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch. Ós rud é nach gclúdaíonn an staidreamh maidir le comhardú na n-iocaíochtaí ach cuid de na sonraí atá sa Chomhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (GATS), tá sé riachtanach go gcuirfí mionstaidreamh ar fáil go rialta i ndáil le fiontair chleamhnaithe choigríche. |
(6) |
Le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 58/97 ón gComhairle an 20 Nollaig 1996 maidir le staidreamh struchtúrach gnó (4) agus le Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir leis na haonaid staidrimh chun breathnú ar an gcóras táirgthe sa Chomhphobal agus chun anailís a dhéanamh air (5), bunaítear creat comhchoiteann chun staidreamh Comhphobail i ndáil le struchtúr agus i ndáil le gníomhaíocht fiontar sa Chomhphobal a bhailiú, a thiomsú, a tharchur agus a mheasúnú. |
(7) |
Chun cuntais náisiúnta a thiomsú de réir Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1996 maidir le córas Eorpach na gcuntas náisiúnta agus réigiúnach sa Chomhphobal (6) ní mór staidreamh gnó inchomórtais, iomlán, iontaofa a bheith ann i ndáil le fiontair chleamhnaithe choigríche. |
(8) |
Is iad Lámhleabhar na Náisiún Aontaithe um Staidreamh i ndáil le Trádáil Idirnáisiúnta Seirbhísí, Lámhleabhar an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta um Chomhardú na n-Íocaíochtaí (5ú heagrán), Sainmhíniú Tagarmharcála na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta ar an infheistíocht dhíreach ón gcoigríoch mar aon lena Lámhleabhar um Tháscairí an Domhandaithe Eacnamaíochta, i dteannta a chéile, a bhunaíonn na rialacha ginearálta chun staidreamh idirnáisiúnta inchomórtais i ndáil le fiontair chleamhnaithe choigríche a thiomsú. |
(9) |
Tá táirgeadh sainstaidrimh Chomhphobail á rialú ag na rialacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 maidir le Staidreamh Comhphobail (7). |
(10) |
Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon caighdeáin chomhchoiteanna staidrimh a chruthú a cheadóidh staidreamh inchomórtais a tháirgeadh i ndáil le fiontair chleamhnaithe choigríche, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
(11) |
Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (8). |
(12) |
Ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún oiriúnú a dhéanamh ar na sainmhínithe atá in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II agus ar leibhéal an mhionsonraithe atá in Iarscríbhinn III, chomh maith le haon athruithe a dhéanamh a theastódh de bharr an oiriúnaithe sin a chur ar Iarscríbhinn I agus ar Iarscríbhinn II, agus torthaí na dtreoirstaidéar a chur chun feidhme, agus na caighdeáin chomhchoiteanna cáilíochta iomchuí agus ábhar agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta a leagan amach. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh míreanna neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a ceapadh iad nó le haghaidh an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhíreanna nua neamhriachtanacha a chur leis, ba chóir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. |
(13) |
Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gClár Staidrimh a bunaíodh le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle (9) agus leis an gCoiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Comhardaithe Íocaíochtaí, a bunaíodh le Cinneadh 2006/856/CE (10), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo creat comhchoiteann chun staidreamh Comhphobail a tháirgeadh go córasach i ndáil le struchtúr agus le gníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, is iad na sainmhínithe seo a leanas is infheidhme:
(a) |
ciallóidh ‘fiontar cleamhnaithe coigríche’ fiontar a bhfuil cónaí air sa tír tiomsaithe atá á rialú ag aonad institiúideach nach bhfuil cónaí air sa tír tiomsaithe, nó fiontar nach bhfuil cónaí air sa tír tiomsaithe atá á rialú ag aonad institiúideach a bhfuil cónaí air sa tír tiomsaithe; |
(b) |
ciallóidh ‘rialú’ an cumas beartas ginearálta fiontair a chinneadh trí stiúrthóirí cuí a roghnú, más gá. Sa chomhthéacs seo, meastar go bhfuil fiontar A á rialú ag aonad institiúideach B nuair a bhíonn breis agus leath de chumhacht vótála na ngeallsealbhóirí nó breis agus leath na scaireanna á rialú ag B, go díreach nó go hindíreach; |
(c) |
ciallóidh ‘rialú coigríche’ go bhfuil cónaí ar an aonad institiúideach rialaitheach i dtír eile seachas an tír a bhfuil cónaí ar an aonad institiúideach atá á rialú aige ann; |
(d) |
ciallóidh ‘brainsí’ aonaid áitiúla nach eintitis dhlíthiúla ar leith iad, atá ag brath ar fhiontair atá faoi rialú coigríche. Pléitear leo amhail fiontair shamhailchorporáideacha de réir bhrí phointe 3(f) de na Nótaí Mínitheacha atá le Rannóg III (B) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 696/93; |
(e) |
ciallóidh ‘staidreamh faoi fhiontair chleamhnaithe choigríche’ staidreamh ina ndéanfar cur síos ar ghníomhaíocht fhoriomlán fiontar cleamhnaithe coigríche; |
(f) |
ciallóidh ‘staidreamh isteach i ndáil le fiontair chleamhnaithe choigríche’ staidreamh ina ndéantar cur síos ar ghníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche a bhfuil cónaí orthu sa tír tiomsaithe; |
(g) |
ciallóidh ‘staidreamh amach i ndáil le fiontair chleamhnaithe choigríche’ staidreamh ina ndéantar cur síos ar ghníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche thar lear atá á rialú ag aonad institiúideach a bhfuil cónaí air sa tír tiomsaithe; |
(h) |
ciallóidh ‘aonad institiúideach rialaithe deiridh fiontair chleamhnaithe choigríche’ an t-aonad institiúideach, ag dul ó bhun go barr slabhra rialaithe fiontair chleamhnaithe choigrícheaníos, nach bhfuil aonad institiúideach eile á rialú; |
(i) |
beidh an bhrí chéanna le ‘fiontar’, ‘aonad áitiúil’ agus ‘aonad institiúideach’ agus atá le gach ceann acu i Rialachán (CEE) Uimh. 696/93. |
Airteagal 3
Sonraí a chur isteach
Cuirfidh na Ballstáit sonraí faoi fhiontair chleamhnaithe choigríche i ndáil leis na saintréithe, leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus leis an miondealú geografach dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III faoi bhráid an Choimisiúin (Eurostat).
Airteagal 4
Foinsí sonraí
1. Agus na coinníollacha maidir le cáilíocht dá dtagraítear in Airteagal 6 á gcomhlíonadh acu, déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá faoin Rialachán seo a bhailiú, ag úsáid na bhfoinsí uile a mheasann siad atá ábhartha agus is iomchuí.
2. Maidir leis na pearsana nádúrtha agus leis na pearsana dlítheanacha ar gá dóibh faisnéis a chur ar fáil, cloífidh siad, ag freagairt dóibh, leis na teorainneacha ama agus leis na sainmhínithe a shocróidh na hinstitiúidí náisiúnta atá freagrach as sonraí a bhailiú sna Ballstáit i gcomhréir leis an Rialachán seo.
3. I gcás nach bhféadfar na sonraí a bhfuil gá leo a bhailiú ar chostas réasúnta, féadfar na meastacháin is fearr, lena n-áirítear luachanna nialais, a tharchur.
Airteagal 5
Treoirstaidéir
1. Déanfaidh an Coimisiún clár treoirstaidéar a dhréachtú a chuirfidh údaráis náisiúnta i gcrích laistigh de bhrí Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ar bhonn deonach maidir le hathróga breise agus maidir le miondealuithe breise do staidreamh isteach agus amach faoi fhiontair chleamhnaithe choigríche.
2. Déanfar na treoirstaidéir chun measúnú a dhéanamh ar a ábhartha agus a indéanta atá sé sonraí a bhailiú, agus na buntáistí á gcur san áireamh a bhaineann lena mbeith ar fáil, le hais an chostais a bhaineann leis an gcóras staidrimh agus le hais an ualaigh a chuirtear ar na fiontair.
3. Beidh clár treoirstaidéar an Choimisiúin comhchuí le hIarscríbhinn I agus le hIarscríbhinn II.
4. Ar bhonn chonclúidí na dtreoirstaidéar, glacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme is gá maidir le staidreamh isteach agus amach i ndáil le fiontair chleamhnaithe choigríche i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3).
5. Críochnófar na treoirstaidéir faoin 19 Iúil 2010.
Airteagal 6
Caighdeáin cáilíochta agus tuairiscí cáilíochta
1. Glacfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun cáilíocht na sonraí a tharchuirtear a chinntiú i gcomhréir le caighdeáin chomhchoiteanna cáilíochta.
2. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar fáil don Choimisiún (Eurostat) faoi cháilíocht na sonraí a tharchuirfear (tuarascálacha cáilíochta).
3. Sonróidh an Coimisiún na caighdeáin chomhchoiteanna cáilíochta chomh maith le hábhar agus le tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3).
4. Déanfaidh an Coimisiún cáilíocht na sonraí a tharchuirfear a mheas.
Airteagal 7
Lámhleabhar moltaí
Foilseoidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, lámhleabhar moltaí ina mbeidh na sainmhínithe ábhartha agus treoir bhreise faoin staidreamh Comhphobail a táirgeadh de bhun an Rialacháin seo.
Airteagal 8
Amchlár agus maoluithe
1. Tiomsóidh na Ballstáit na sonraí de réir an amchláir cur chun feidhme a shonraítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II.
2. I rith idirthréimhse nach rachaidh thar cheithre bliana ón gcéad bhliain tagartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, is féidir leis an gCoimisiún maoluithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a dheonú do na Ballstáit ar feadh tréimhse teoranta de réir an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2) nuair a bheidh oiriúnuithe móra le déanamh ar a gcórais náisiúnta.
Airteagal 9
Bearta cur chun feidhme
1. Glacfar na bearta seo a leanas chun an Rialachán seo a chur chun feidhme de réir an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2):
(a) |
an fhormáid agus an nós imeachta iomchuí a leagan amach maidir le tarchur torthaí ó na Ballstáit, agus |
(b) |
maoluithe a dheonú do na Ballstáit nuair a bheidh oiriúnuithe móra le déanamh ar a gcórais náisiúnta, lena n-áirítear maoluithe a dheonú ó aon cheanglais nua de thoradh treoirstaidéar, de bhun Airteagal 8(2). |
2. Glacfar na bearta seo a leanas a ceapadh chun gnéithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, lena n-áirítear forlíonadh a dhéanamh air, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(3):
(a) |
oiriúnú a dhéanamh ar na sainmhínithe in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn I, oiriúnú a dhéanamh ar leibhéal an mhionsonraithe in Iarscríbhinn III, agus aon athruithe a theastódh dá bharr sin a dhéanamh ar Iarscríbhinn I agus ar Iarscríbhinn II; |
(b) |
torthaí na dtreoirstaidéar a chur chun feidhme, de bhun Airteagal 5(4); agus |
(c) |
sainmhíniú a dhéanamh ar chaighdeáin chomhchoiteanna cáilíochta iomchuí agus ar ábhar agus ar thréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta, de bhun Airteagal 6(3). |
3. Tabharfar aird ar leith ar an bprionsabal go gcaithfidh buntáistí beart dá leithéid an costas a bhaineann leo a shárú, agus ar an bprionsabal gur cheart nach rachadh an t-ualach breise airgeadais a bheadh ar na Ballstáit ná ar fhiontair thar theorainn réasúnta.
Airteagal 10
An Coiste
1. Beidh an Coiste um an gClár Staidrimh (an Coiste) de chúnamh ag an gCoimisiún.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.
3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
4. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta freastal ar chruinnithe an Choiste mar bhreathnóirí.
Airteagal 11
Comhar leis an gCoiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na nÍocaíochtaí
Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, lorgfaidh an Coimisiún tuairim an Choiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na nÍocaíochtaí faoi gach ábhar a thagann faoi raon feidhme an choiste sin, go háirithe faoi na bearta oiriúnaithe uile d'fhorbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a bhaineann le bailiú agus le próiseáil staidreamh sonraí, agus le próiseáil agus le tarchur torthaí.
Airteagal 12
Tuairisc ar chur chun feidhme
Faoin 19 Iúil 2012, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo. Is é seo a leanas, go háirithe, a dhéanfaidh an tuarascáil sin:
(a) |
cáilíocht an staidrimh a táirgeadh a mheas; |
(b) |
na sochair a mheas a d'fhabhraigh don Chomhphobal, do na Ballstáit, do sholáthraithe agus d'úsáideoirí faisnéise staidrimh de bharr an staidrimh a táirgeadh, le hais na gcostas a bhain leis; |
(c) |
dul chun cinn na dtreoirstaidéar agus a gcur chun feidhme a mheas; agus |
(d) |
réimsí a shainaithint a d'fhéadfaí a fheabhsú agus leasuithe a mheastar atá riachtanach i bhfianaise na dtorthaí a fuarthas agus na gcostas a bhí i gceist. |
Airteagal 13
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Irisleabhar Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 20 Meitheamh 2007
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. GLOSER
(1) IO C 144, 14.6.2005, lch. 14.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2006 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 25 Bealtaine 2007.
(3) IO L 35, 8.2.2005, lch. 23. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 602/2006 ón gCoimisiún (IO L 106, 19.4.2006, lch. 10).
(4) IO L 14, 17.1.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).
(5) IO L 76, 30.3.1993, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).
(6) IO L 310, 30.11.1996, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1267/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 180, 18.7.2003, lch. 1).
(7) IO L 52, 22.2.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.
(8) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).
(9) IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.
(10) IO L 332, 30.11.2006, lch. 21.
IARSCRÍBHINN I
MODÚL COMHCHOITEANN MAIDIR LE STAIDREAMH ISTEACH I nDÁIL LE FIONTAIR CHLEAMHNAITHE CHOIGRÍCHE
ROINN 1
An tAonad Staidrimh
Is iad na haonaid staidrimh na fiontair agus na brainsí uile atá faoi rialú coigríche de réir na sainmhínithe atá in Airteagal 2.
ROINN 2
Saintréithe
Tiomsófar na saintréithe seo a leanas mar a sainmhíníodh iad san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2700/98 ón gCoimisiúin an 17 Nollaig 1998 maidir le sainmhínithe ar shaintréithe do staidreamh struchtúrach gnó (1):
Cód |
Teideal |
11 11 0 |
Líon na bhfiontar |
12 11 0 |
Láimhdeachas |
12 12 0 |
Luach táirgthe |
12 15 0 |
Breisluach ar chostas fachtóra |
13 11 0 |
Ceannacháin iomlána earraí agus seirbhísí |
13 12 0 |
Ceannacháin earraí agus seirbhísí a cheannaítear lena n-athdhíol sa staid chéanna ina bhfuarthas iad |
13 31 0 |
Costais pearsanra |
15 11 0 |
Infheistiú comhlán in earraí inláimhsithe |
16 11 0 |
Líon na ndaoine atá fostaithe |
22 11 0 |
Caiteachas inmheánach iomlán ar T&F (2) |
22 12 0 |
Líon iomlán an phearsanra T&F (2) |
Mura mbeidh líon na ndaoine atá fostaithe ar fáil, tiomsófar líon na bhfostaithe (cód 16 13 0) ina ionad.
Ní gá na hathróga a bhaineann le caiteachas inmheánach iomlán ar T&F (cód 22 11 0) ná le líon iomlán an phearsanra T&F (cód 22 12 0) a thiomsú ach le haghaidh gníomhaíochtaí i ranna C, D, E agus F de NACE.
Maidir le roinn J de NACE, ní thiomsófar ach líon na bhfiontar, láimhdeachas (3) agus líon na ndaoine atá fostaithe (nó líon na bhfostaithe ina ionad).
ROINN 3
Leibhéal an mhionsonraithe
Cuirfear sonraí ar fáil de réir choincheap an ‘aonaid institiúidigh rialaithe dheiridh’ le miondealú geografach ar leibhéal 2-ISTEACH á chomhcheangal le miondealú gníomhaíochta ar leibhéal 3 mar a shonraítear in Iarscríbhinn III agus miondealú geografach ar leibhéal 3 á chomhcheangal le Geilleagar Gnó.
ROINN 4
An chéad bhliain tagartha agus tréimhsiúlacht
1. |
Is í an bhliain féilire a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an chéad bhliain tagartha a ndéanfar staidreamh bliantúil a thiomsú ina leith. |
2. |
Cuirfidh na Ballstáit sonraí ar fáil do gach bliain féilire ina dhiaidh sin. |
3. |
Is é 2007 an chéad bhliain tagartha a dtiomsófar na hathróga a bhaineann le caiteachas inmheánach iomlán ar T&F (cód 22 11 0) agus le líon iomlán an phearsanra T&F (cód 22 12 0) ina leith. |
ROINN 5
Torthaí a tharchur
Tarchuirfear na torthaí laistigh de 20 mí ó dheireadh na bliana tagartha.
ROINN 6
Tuarascálacha agus treoirstaidéir
1. |
Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar fáil don Choimisiún maidir le sainmhíniú, struchtúr agus infhaighteacht na sonraí staidrimh a bheidh le tiomsú chun críocha an mhodúil chomhchoitinn seo. |
2. |
Do leibhéal an mhionsonraithe a chlúdaíonn an Iarscríbhinn seo, tionscnóidh an Coimisiún treoirstaidéir a chuirfidh údaráis náisiúnta de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97 i gcrích de bhun Airteagal 5 den Rialachán seo. |
3. |
Déanfar na treoirstaidéir chun measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé sonraí a fháil, agus na buntáistí á gcur san áireamh a bhaineann lena mbeith ar fáil, le hais an chostais a bhaineann lena mbailiú agus le hais an ualaigh a chuirtear ar lucht gnó. |
4. |
Déanfar treoirstaidéir i ndáil leis na saintréithe seo a leanas:
Miondealófar onnmhairithe, allmhairithe, onnmhairithe inghrúpa agus allmhairithe inghrúpa ina n-earraí agus ina seirbhísí. |
5. |
Déanfar treoirstaidéir freisin chun staidéar a dhéanamh ar a indéanta agus atá sé sonraí a thiomsú do ghníomhaíochtaí i ranna M, N agus O de NACE agus na hathróga caiteachas inmheánach iomlán ar T&F (cód 22 11 0) agus líon iomlán an phearsanra T&F (cód 22 12 0) a thiomsú do gníomhaíochtaí i ranna G, H, I, K, M, N agus O de NACE. Déanfar treoirstaidéir freisin chun measúnú a dhéanamh ar a ábhartha agus ar a indéanta atá sé na sonraí a mhiondealú mar a shonraítear i roinn 2 i ranganna méide á dtomhas i dtéarmaí líon na ndaoine atá fostaithe, agus ar na costais a bhaineann leis seo. |
(1) IO L 344, 18.12.1998, lch. 49. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1670/2003 (IO L 244, 29.9.2003, lch. 74).
(2) Tuairisceofar athróg 22 11 0 agus athróg 22 12 0 gach re bliain. Más lú ná 1 % d'iomlán an Chomhphobail iomlán an láimhdeachais i mBallstát nó líon iomlán na ndaoine i mBallstát atá fostaithe i Roinn C go Roinn F de NACE Rev. 1.1, ní gá an fhaisnéis atá riachtanach do thiomsú staidrimh a bhaineann le saintréith 22 11 0 agus le saintréith 22 12 0 a bhailiú chun críocha an Rialacháin seo.
(3) Do NACE REV. 1.1 cuirfear luach táirgeachta in ionad rannán 65.
IARSCRÍBHINN II
MODÚL COMHCHOITEANN MAIDIR LE STAIDREAMH AMACH I nDÁIL LE FIONTAIR CHLEAMHNAITHE CHOIGRÍCHE
ROINN 1
An tAonad Staidrimh
Is iad na haonaid staidrimh na fiontair agus na brainsí uile thar lear atá á rialú ag aonad institiúideach a bhfuil cónaí air sa tír tiomsaithe, de réir na sainmhínithe in Airteagal 2.
ROINN 2
Saintréithe
Tiomsófar na saintréithe seo a leanas, mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2700/98 iad:
Cód |
Teideal |
12 11 0 |
Láimhdeachas |
16 11 0 |
Líon na ndaoine atá fostaithe |
11 11 0 |
Líon na bhfiontar |
Mura mbeidh líon na ndaoine atá fostaithe ar fáil, tiomsófar líon na bhfostaithe (cód 16 13 0) ina ionad.
ROINN 3
Leibhéal an mhionsonraithe
Cuirfear sonraí ar fáil agus mionsonrú á dhéanamh de réir na tíre a bhfuil an fiontar cleamhnaithe coigríche a shonraítear in Iarscríbhinn III suite ann agus de réir ghníomhaíocht an fhiontair sin. Comhcheanglófar an mionsonrú de réir na tíre a bhfuil an fiontar suite ann agus an mionsonrú de réir gníomhaíochta mar seo a leanas:
— |
Leibhéal 1 den mhiondealú geografach á chomhcheangal le Leibhéal 2 den mhiondealú de réir gníomhaíochta; |
— |
Leibhéal 2-AMACH den mhiondealú geografach á chomhcheangal le Leibhéal 1 den mhiondealú de réir gníomhaíochta; |
— |
Leibhéal 3 den mhiondealú geografach á chomhcheangal le sonraí faoi ghníomhaíocht chomhiomlán amháin. |
ROINN 4
An chéad bhliain tagartha agus tréimhsiúlacht
1. |
Is í an bhliain féilire a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an chéad bhliain tagartha a ndéanfar staidreamh bliantúil a thiomsú ina leith. |
2. |
Cuirfidh na Ballstáit sonraí ar fáil do gach bliain féilire ina dhiaidh sin. |
ROINN 5
Torthaí a tharchur
Tarchuirfear na torthaí laistigh de 20 mí ó dheireadh na bliana tagartha.
ROINN 6
Tuarascálacha agus treoirstaidéir
1. |
Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar fáil don Choimisiún maidir le sainmhíniú, struchtúr agus infhaighteacht na sonraí staidrimh a bheidh le tiomsú chun críocha an mhodúil chomhchoitinn seo. |
2. |
Do leibhéal an mhionsonraithe a chlúdaíonn an Iarscríbhinn seo, tionscnóidh an Coimisiún treoirstaidéir a chuirfidh údaráis náisiúnta de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97 i gcrích, de bhun Airteagal 5 den Rialachán seo. |
3. |
Déanfar na treoirstaidéir chun measúnú a dhéanamh ar a ábhartha agus ar a indéanta atá sé sonraí a fháil, agus na buntáistí á gcur san áireamh a bhaineann lena mbeith ar fáil, le hais an chostais a bhaineann lena mbailiú agus le hais an ualaigh a chuirtear ar lucht gnó. |
4. |
Déanfar treoirstaidéir i ndáil leis na saintréithe seo a leanas:
|
IARSCRÍBHINN III
LEIBHÉIL DON FHAISNÉIS MHIONSONRACH DE RÉIR GEOGRAIFE AGUS DE RÉIR GNÍOMHAÍOCHTA
Leibhéil miondealaithe gheografaigh |
Leibhéal 1 |
|
Leibhéal 2-AMACH (Leibhéal 1 + 24 tír) |
V2 |
Lasmuigh den AE-27 |
D5 |
Lasmuigh den AE-27 |
|
|
IS |
An Íoslainn |
|
|
LI |
Lichtinstéin |
|
|
NO |
An Iorua |
CH |
An Eilvéis |
CH |
An Eilvéis |
|
|
HR |
An Chróit |
RU |
Cónaidhm na Rúise |
RU |
Cónaidhm na Rúise |
|
|
TR |
An Tuirc |
|
|
EG |
An Éigipt |
|
|
MA |
Maracó |
|
|
NG |
An Nigéir |
|
|
ZA |
An Afraic Theas |
CA |
Ceanada |
CA |
Ceanada |
US |
Stáit Aontaithe Mheiriceá |
US |
Na Stáit Aontaithe |
|
|
MX |
Meicsiceo |
|
|
AR |
An Airgintín |
BR |
An Bhrasaíl |
BR |
An Bhrasaíl |
|
|
CL |
An tSile |
|
|
UY |
Uragua |
|
|
VE |
Veiniséala |
|
|
IL |
Iosrael |
CN |
An tSín |
CN |
An tSín |
HK |
Hong Cong |
HK |
Hong Cong |
IN |
An India |
IN |
An India |
|
|
ID |
An Indinéis |
JP |
An tSeapáin |
JP |
An tSeapáin |
|
|
KR |
An Chóiré Theas |
|
|
MY |
An Mhalaeisia |
|
|
PH |
Na hOileáin Fhilipíneacha |
|
|
SG |
Singeapór |
|
|
TW |
An Téaváin |
|
|
TH |
An Téalainn |
|
|
AU |
An Astráil |
|
|
NZ |
An Nua-Shéalainn |
Z8 |
neamh-chionnroinnte lasmuigh den AE-27 |
Z8 |
neamh-chionnroinnte lasmuigh den AE-27 |
C4 |
Ionaid Airgeadais Eischósta |
C4 |
Ionaid Airgeadais Eischósta |
Z7 |
Comhrialú cothrom ag ARDanna (1) breis agus aon Bhallstáit amháin |
Z7 |
Comhrialú cothrom ag ARDanna (1) breis agus aon Bhallstáit amháin |
Leibhéal 2-ISTEACH
A1 |
An Domhan mór (na haonáin uile, an tír tiomsaithe san áireamh) |
Z9 |
An chuid eile den Domhan (gan an tír tiomsaithe a chur san áireamh) |
A2 |
Á rialú ag an tír tiomsaithe |
V1 |
AE-27 (laistigh den AE-27) gan an tír tiomsaithe a chur san áireamh |
BE |
An Bheilg |
BG |
An Bhulgáir |
CZ |
Poblacht na Seice |
DK |
An Danmhairg |
DE |
An Ghearmáin |
EE |
An Eastóin |
GR |
An Ghréig |
ES |
An Spáinn |
FR |
An Fhrainc |
IE |
Éire |
IT |
An Iodáil |
CY |
An Chipir |
LV |
An Laitvia |
LT |
An Liotuáin |
LU |
Lucsamburg |
HU |
An Ungáir |
MT |
Málta |
NL |
An Ísiltír |
AT |
An Ostair |
PL |
An Pholainn |
PT |
An Phortaingéil |
RO |
An Rómáin |
SI |
An tSlóivéin |
SK |
An tSlóvaic |
FI |
An Fhionlainn |
SE |
An tSualainn |
UK |
An Ríocht Aontaithe |
Z7 |
Comhrialú cothrom ag ARDanna (2) breis agus aon Bhallstáit amháin |
V2 |
Lasmuigh den AE-27 |
AU |
An Astráil |
CA |
Ceanada |
CH |
An Eilvéis |
CN |
An tSín |
HK |
Hong Cong |
IL |
Iosrael |
IS |
An Íoslainn |
JP |
An tSeapáin |
LI |
Lichtinstéin |
NO |
An Iorua |
NZ |
An Nua-Shéalainn |
RU |
Cónaidhm na Rúise |
TR |
An Tuirc |
US |
Na Stáit Aontaithe |
C4 |
Ionaid Airgeadais Eischósta |
Z8 |
Lasmuigh den AE-27neamh-chionnroinnte |
Leibhéal 3
AD |
Andóra |
EE |
An Eastóin (3) |
KZ |
An Chasacstáin |
QA |
Catar |
AE |
Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha |
EG |
An Éigipt |
LA |
An Daonphoblacht Dhaonlathach Laoch |
RO |
An Rómáin (3) |
AF |
An Afganastáin |
ER |
An Eiritré |
LB |
An Liobáin |
RS |
An tSeirbia |
AG |
Antigua agus Barbúda |
ES |
An Spáinn (3) |
LC |
St. Lucia |
RU |
Cónaidhm na Rúise |
AI |
Angaíle |
ET |
An Aetóip |
LI |
Lichtinstéin |
RW |
Ruanda |
AL |
An Albáin |
FI |
An Fhionlainn (3) |
LK |
Srí Lanca |
SA |
An Araib Shádach |
AM |
An Airméin |
FJ |
Fidsí |
LR |
An Libéir |
SB |
Oileáin Sholamón |
AN |
Aintillí na hÍsiltíre |
FK |
Oileáin Fháclainne (Malvinas) |
LS |
Leosóta |
SC |
Na Séiséil |
AO |
Angóla |
FM |
An Mhicrinéis, Stáit Chónaidhme na Micrinéise |
LT |
An Liotuáin (3) |
SD |
An tSúdáin |
AQ |
An Antartaice |
FO |
Oileáin Fharó |
LU |
Lucsamburg (3) |
SE |
An tSualainn (3) |
AR |
An Airgintín |
FR |
An Fhrainc (3) |
LV |
An Laitvia (3) |
SG |
Singeapór |
AS |
Samó Mheiriceá |
GA |
An Ghabúin |
LY |
Poblacht Arabach na Libia |
SH |
San Héilin |
AT |
An Ostair (3) |
GD |
Grenada |
MA |
Maracó |
SI |
An tSlóivéin (3) |
AU |
An Astráil |
GE |
An tSeoirsia |
MD |
Poblacht na Moldóive |
SK |
An tSlóvaic (3) |
AW |
Aruba |
GG |
Geansaí |
ME |
Montainéagró |
SL |
Siarra Leon |
AZ |
An Asarbaiseáin |
GH |
Gána |
MG |
Madagascar |
SM |
San Mairíne |
BA |
An Bhoisnia agus Heirseagaivéin |
GI |
Giobráltar |
MH |
Oileáin Marshall |
SN |
An tSeineagáil |
BB |
Barbadós |
GL |
An Ghraonlainn |
MK (5) |
Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine |
SO |
An tSomáil |
BD |
An Bhanglaidéis |
GM |
An Ghaimbia |
ML |
Mailí |
SR |
Suranam |
BE |
An Bheilg (3) |
GN |
An Ghuine |
MM |
Maenmar |
ST |
Sao Tome agus Principe |
BF |
Buircíne Fasó |
GQ |
An Ghuine Mheánchiorclach |
MN |
An Mhongóil |
SV |
An tSalvadóir |
BG |
An Bhulgáir (3) |
GR |
An Ghréig (3) |
MO |
Macau |
SY |
Poblacht Arabach na Siria |
BH |
Bairéin |
GS |
Seoirsia Theas agus Oileáin Sandwich Theas |
MP |
Na hOileáin Mháirianacha Thuaidh |
SZ |
An tSuasalainn |
BI |
An Bhurúin |
GT |
Guatamala |
MR |
An Mháratáin |
TC |
Oileáin na dTurcach agus Caicos |
BJ |
Beinin |
GU |
Guam |
MS |
Montsarat |
TD |
Sead |
BM |
Beirmiúda |
GW |
Guine Bhissau |
MT |
Málta (3) |
TF |
Na Críocha Francacha Theas |
BN |
Brúiné Darasalám |
GY |
An Ghuáin |
MU |
Oileán Mhuirís |
TG |
Tóga |
BO |
An Bholaiv |
HK |
Hong Cong |
MV |
Oileáin Mhaildíve |
TH |
An Téalainn |
BR |
An Bhrasaíl |
HM |
Oileán Heard agus Oileáin McDonald |
MW |
An Mhaláiv |
TJ |
An Táidsíceastáin |
BS |
Na Bahámaí |
HN |
Hondúras |
MX |
Meicsiceo |
TK |
Tócalá |
BT |
An Bhútáin |
HR |
An Chróit |
MY |
An Mhalaeisia |
TM |
An Tuircméanastáin |
BV |
Oileán Bouvet |
HT |
Háití |
MZ |
Mósaimbíc |
TN |
An Túinéis |
BW |
An Bhotsuáin |
HU |
An Ungáir (3) |
NA |
An Namaib |
TO |
Tonga |
BY |
An Bhealarúis |
ID |
An Indinéis |
NC |
An Nua-Chaladóin |
TP |
Tíomór Thoir |
BZ |
An Bheilís |
IE |
Éire (3) |
NE |
An Nígir |
TR |
An Tuirc |
CA |
Ceanada |
IL |
Iosrael |
NF |
Oileán Norfolk |
TT |
Oileáin na Tríonóide agus Tobága |
CC |
Oileáin Cocos (Keeling) |
IM |
Oileán Mhanainn |
NG |
An Nigéir |
TV |
Tuvalu |
CD |
An Congó, Poblacht Dhaonlathach an Chongó |
IN |
An India |
NI |
Nicearagua |
TW |
Téaváin na Síne |
CF |
Poblacht na hAfraice Láir |
IO |
Críoch Aigéan Indiach na Breataine |
NL |
An Ísiltír (3) |
TZ |
An Tansáin, Poblacht Aontaithe na Tansáine |
CG |
An Congó |
IQ |
An Iaráic |
NO |
An Iorua |
UA |
An Úcráin |
CH |
An Eilvéis |
IR |
An Iaráin, Poblacht Ioslamach na hIaráine |
NP |
Neipeal |
UG |
Uganda |
CI |
Côte d’Ivoire |
IS |
An Íoslainn |
NR |
Nárú |
UK |
An Ríocht Aontaithe (3) |
CK |
Oileáin Cook |
IT |
An Iodáil (3) |
NU |
Niue |
UM |
Oileáin Bheaga Fhorimeallacha na Stát Aontaithe |
CL |
An tSile |
JE |
Geirsí |
NZ |
An Nua-Shéalainn |
US |
Na Stáit Aontaithe |
CM |
Camarún |
JM |
Iamáice |
OM |
Oman |
UY |
Uragua |
CN |
An tSín |
JO |
An Iordáin |
PA |
Panama |
UZ |
An Úisbéiceastáin |
CO |
An Cholóim |
JP |
An tSeapáin |
PE |
Peiriú |
VA |
An Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) |
CR |
Cósta Ríce |
KE |
An Chéinia |
PF |
Polainéis na Fraince |
VC |
San Uinseann agus na Greanáidíní |
CU |
Cúba |
KG |
An Chirgeastáin |
PG |
Nua-Ghuine Phapua |
VE |
Veiniséala |
CV |
Rinn Verde |
KH |
An Chambóid (Kampuchea) |
PH |
Na hOileáin Fhilipíneacha |
VG |
Oileáin Bhriotanacha na Maighdean |
CX |
Oileán na Nollag |
KI |
Cireabaití |
PK |
An Phacastáin |
VI |
Oileáin na Maighdean, Na Stáit Aontaithe |
CY |
An Chipir (3) |
KM |
Oileáin Chomóra |
PL |
An Pholainn (3) |
VN |
Vítneam |
CZ |
Poblacht na Seice (3) |
KN |
San Críostóir-Nimheas |
PN |
Pitcairn |
VU |
Vanuatú |
DE |
An Ghearmáin (3) |
KP |
Daonphoblacht Dhaonlathach na Cóiré (An Chóiré Thuaidh) |
PS |
An Chríoch Phalaistíneach faoi Fhorghabháil |
WF |
Vailís agus Futúna |
DJ |
Djibouti |
KR |
Poblacht na Cóiré (An Chóiré Theas) |
PT |
An Phortaingéil (3) |
WS |
Samó |
DK |
An Danmhairg (3) |
KW |
Cuáit |
PW |
Palau |
YE |
Éimin |
DM |
Doiminice |
KY |
Oileáin Cayman |
PY |
Paragua |
|
|
DO |
An Phoblacht Dhoiminiceach |
|
|
|
|
ZA |
An Afraic Theas |
DZ |
An Ailgéir |
|
|
|
|
ZM |
An tSaimbia |
EC |
Eacuadór |
Z8 |
Lasmuigh den AE-25 neamh-chionnroinnte |
|
|
ZW |
An tSiombáib |
A2 |
Rialaithe ag an tír tiomsaithe |
Z7 |
Comhrialú cothrom ag ARDanna (4) breis agus aon Bhallstáit amháin |
|
|
|
|
Leibhéil an mhiondealaithe ar ghníomhaíocht
Leibhéal 1 |
Leibhéal 2 |
|
|
|
NACE Rev. 1.1 (6) |
IOMLÁN NA GNÍOMHAÍOCHTA |
IOMLÁN NA GNÍOMHAÍOCHTA |
Roinn C go O (gan L a áireamh) |
MIANADÓIREACHT & CAIRÉALACHT |
MIANADÓIREACHT AGUS CAIRÉALACHT |
Roinn C |
Lena n-áirítear: |
|
|
Baint pheitriliam agus gháis |
Rannán 11 |
|
DÉANTÚSAÍOCHT |
DÉANTÚSAÍOCHT |
Roinn D |
Táirgí bia |
Foroinn DA |
|
Fíodóireacht agus corpbheart |
Foroinn DB |
|
Adhmad, foilsitheoireacht agus clódóireacht |
Foroinn DD agus Foroinn DE |
|
IOMLÁN na ngníomhaíochtaí teicstílí + adhmaid |
|
|
Táirgeadh peitriliam scagtha agus córacha eile |
Rannán 23 |
|
Monarú ceimiceán & táirgí ceimiceacha |
Rannán 24 |
|
Táirgí rubair agus plaistigh |
Rannán 25 |
|
Táirgí peitriliam, ceimiceacha, rubair agus plaistigh |
IOMLÁN na dtáirgí peitriliam, ceimiceacha, rubair agus plaistigh |
|
Táirgí miotail |
Foroinn DJ |
|
Táirgí meicniúla |
Rannán 29 |
|
IOMLÁN NA dtáirgí miotail agus meicniúla |
|
|
Innealra agus ríomhairí oifige |
Rannán 30 |
|
Trealamh raidió, teilifíse, cumarsáide |
Rannán 32 |
|
Innealra oifige, ríomhairí, trealamh raidió, teilifíse agus cumarsáide |
IOMLÁN an innealra oifige, an trealaimh ríomhairí, raidió, teilifíse agus cumarsáide |
|
Mótarfheithiclí |
Rannán 34 |
|
Trealamh iompair eile |
Rannán 35 |
|
Feithiclí, trealamh iompair eile |
IOMLÁN na bhfeithiclí + an trealaimh iompair eile |
|
Déantúsaíocht g.á.e. |
|
|
LEICTREACHAS, GÁS & UISCE |
LEICTREACHAS, GÁS AGUS UISCE |
Roinn E |
TÓGÁIL |
TÓGÁIL |
Roinn F |
SEIRBHÍSÍ IOMLÁNA |
SEIRBHÍSÍ IOMLÁNA |
|
TRÁDÁIL AGUS DEISIÚCHÁIN |
TRÁDÁIL AGUS DEISIÚCHÁIN |
Roinn G |
Díol, cothabháil agus deisiúchán mótarfheithiclí agus gluaisrothar; miondíol breosla le haghaidh gluaisteán |
Rannán 50 |
|
Trádáil mórdhíola agus trádáil ar coimisiún, seachas i gcás mótarfheithiclí agus gluaisrothar |
Rannán 51 |
|
Trádáil miondíola, seachas i gcás mótarfheithiclí agus gluaisrothar; deisiúchán earraí pearsanta agus earraí teaghlaigh |
Rannán 52 |
|
ÓSTÁIN & BIALANNA |
ÓSTÁIN AGUS BIALANNA |
Roinn H |
IOMPAR, STÓRÁIL AGUS CUMARSÁID |
IOMPAR, STÓRÁIL AGUS CUMARSÁID |
Roinn I |
Iompar agus stóráil |
Rannáin 60, 61, 62, 63 |
|
Iompar de thalamh; iompar trí phíblínte |
Rannán 60 |
|
Iompar d'uisce |
Rannán 61 |
|
Aeriompar |
Rannán 62 |
|
Gníomhaíochtaí tacaíochta agus tánaisteacha iompair; gníomhaíochtaí gníomhairí taistil |
Rannán 63 |
|
Post agus teileachumarsáid |
Rannán 64 |
|
Gníomhaíochtaí poist agus cúiréireachta |
Grúpa 64.1 |
|
Teileachumarsáid |
Grúpa 64.2 |
|
IDIRGHABHÁIL AIRGEADAIS |
IDIRGHABHÁIL AIRGEADAIS |
Roinn J |
Idirghabháil airgeadais, seachas árachas agus maoiniú pinsin |
Rannán 65 |
|
Árachas agus maoiniú pinsin, seachas slándáil shóisialta éigeantach |
Rannán 66 |
|
Gníomhaíochtaí atá tánaisteach don idirghabháil airgeadais |
Rannán 67 |
|
GNÍOMHAÍOCHTAÍ EASTÁIT RÉADAIGH |
Roinn K, Rannán 70 |
|
INNEALRA AGUS TREALAMH GAN OIBREOIR AGUS EARRAÍ PEARSANTA AGUS TEAGHLAIGH A LIGEAN AR CÍOS |
Roinn K, Rannán 71 |
|
RÍOMHAIREACHT & GNÍOMHAÍOCHT GHAOLMHAR |
RÍOMHAIREACHT AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ GAOLMHARA |
Roinn K, Rannán 72 |
TAIGHDE & FORBAIRT |
TAIGHDE AGUS FORBAIRT |
Roinn K, Rannán 73 |
GNÍOMHAÍOCHTAÍ EILE GNÓ |
GNÍOMHAÍOCHTAÍ EILE GNÓ |
Roinn K, Rannán 74 |
Dlí, cuntasaíocht, taighde margaidh, comhairleoireacht |
Grúpa 74.1 |
|
Gníomhaíochtaí dlí |
Rang 74.11 |
|
Cuntasaíocht, leabharchoimeád agus iniúchadh; comhairleoireacht cánach |
Rang 74.12 |
|
Taighde margaidh agus pobalbhreitheanna |
Rang 74.13 |
|
Gníomhaíochtaí comhairleoireachta gnó agus bainistíochta |
Rang 74.14 |
|
Gníomhaíochtaí bainistíochta cuideachtaí sealúchais |
Rang 74.15 |
|
Gníomhaíochtaí ailtireachta, innealtóireachta agus gníomhaíochtaí teicniúla eile |
Grúpa 74.2 |
|
Fógraíocht |
Grúpa 74.4 |
|
Gníomhaíochtaí gnó g.r.e. |
Grúpa 74.3, 74.5, 74.6, 74.7, 74.8 |
|
OIDEACHAS |
Roinn M |
|
SLÁINTE AGUS OBAIR SHÓISIALTA |
Roinn N |
|
SÉARACHAS AGUS DIÚSCAIRT BRUSCAIR |
Roinn O, Rannán 90 |
|
GNÍOMHAÍOCHTAÍ EAGRAÍOCHTAÍ BALLRAÍOCHTA G.R. E |
Roinn O, Rannán 91 |
|
GNÍOMHAÍOCHTAÍ ÁINEASA, CULTÚRTHA, SPÓIRT |
GNÍOMHAÍOCHTAÍ ÁINEASA, CULTÚRTHA, SPÓIRT |
Roinn O, Rannán 92 |
Gníomhaíochtaí scannánaíochta, raidió, teilifíse agus gníomhaíochtaí siamsaíochta eile |
Grúpa 92.1, 92.2, 92.3 |
|
Gníomhaíochtaí gníomhaireachtaí nuachta |
Grúpa 92.4 |
|
Gníomhaíochtaí leabharlannaíochta, cartlannaíochta, músaem agus gníomhaíochtaí cultúrtha eile |
Grúpa 92.5 |
|
Gníomhaíochtaí spóirt agus áineasa eile |
Grúpa 92.6, 92.7 |
|
GNÍOMHAÍOCHTAÍ SEIRBHÍSÍ EILE |
Roinn O, Rannán 93 |
|
Neamh-chionnroinnte |
|
Leibhéal 3 (NACE Rev. 1.1) |
||
Ceannteideal |
Leibhéal mionsonraithe a iarradh |
|
Geilleagar Gnó |
Roinn C go Roinn K |
|
Mianadóireacht agus cairéalacht |
Roinn C |
|
Déantúsaíocht |
Roinn D |
|
Gach foroinn DA go DN |
||
Gach rannán 15 go 37 |
||
Comhiomláin: |
||
Ardteicneolaíocht (AT) |
24.4, 30, 32, 33, 35.3 |
|
Meánteicneolaíocht- ardteicneolaíocht (MTAT) |
24 seachas 24.4, 29, 31, 34, 35.2, 35.4, 35.5 |
|
Meánteicneolaíocht-teicneolaíocht íseal (MTTÍ) |
23, 25-28, 35.1 |
|
Teicneolaíocht Íseal (TÍ) |
15-22, 36, 37 |
|
Soláthar leictreachais, gáis agus uisce |
Roinn E |
|
Gach rannán (40 agus 41) |
||
Tógáil |
Roinn F (Rannán 45) |
|
Gach grúpa (45.1 go 45.5) |
||
Trádáil mórdhíola agus miondíola; deisiúchán mótarfheithiclí, gluaisrothar agus earraí pearsanta agus earraí teaghlaigh |
Roinn G |
|
Gach rannán (50 go 52) |
||
Grúpaí 50.1+50.2+50.3, 50.4, 50.5, 51.1 go 51.9 |
||
Grúpaí 52.1 go 52.7 |
||
Óstáin agus bialanna |
Roinn H (Rannán 55) |
|
Grúpaí 55.1 go 55.5 |
||
Iompar, stóráil agus cumarsáid |
Roinn I |
|
Gach rannán |
||
Grúpaí 60.1, 60.2, 60.3, 63.1+63.2, 63.3, 63.4, 64.1, 64.2 |
||
Idirghabháil airgeadais |
Roinn J |
|
Gach rannán |
||
Gníomhaíochtaí eastáit réadaigh, cíosa agus gnó |
Roinn K |
|
Rannán 70 |
||
Rannán 71, grúpaí 71.1+71.2, 71.3 agus 71.4 |
||
Rannán 72, grúpaí 72.1 go 72.6 |
||
Rannán 73 |
||
Rannán 74, comhiomláin 74.1 go 74.4 agus 74.5 go 74.8 |
(1) Aonad institiúideach rialaithe deiridh fiontair chleamhnaithe choigríche
(2) Aonad institiúideach rialaithe deiridh fiontair chleamhnaithe choigríche.
(3) Isteach amháin
(4) Aonad institiúideach rialaithe deiridh fiontair chleamhnaithe choigríche
(5) Cód sealadach nach ndéanann difear d'ainmníocht chríochnaitheach na tíre atá le sannadh i ndiaidh don chaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair sna Náisiúin Aontaithe a bheith tugtha i gcrích.
(6) Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1990 maidir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (IO L 293, 24.10.1990, lch. 1). Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006.