26.10.2006   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

8


CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Samhain 2004

ag bunú an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh

(2004/752/CE, Euratom)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 225a agus 245 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh d'Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagail 140b agus 160 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais,

De bhrí an mhéid seo a leanas:

(1)

Tugann Airteagal 225a de Chonradh CE agus Airteagal 140b de Chonradh CEFA cumhacht don Chomhairle painéil bhreithiúnacha a chruthú chun aicmí áirithe caingne nó imeachtaí i réimsí sonracha a éisteacht agus a chinneadh ag céad chéim agus rialacha a leagan síos maidir le heagrú na bpainéal breithiúnach sin agus maidir le raon na dlínse a thugtar dóibh.

(2)

B'fhearr a d'oibreodh córas cúirteanna an Chomhphobail dá mbunófaí sainphainéal breithiúnach chun dlínse a fheidhmiú ag an gcéad chéim i ndíospóidí maidir leis an tseirbhís shibhialta Eorpach atá faoi dhlínse Chúirt Chéadchéime na gComhphobal Eorpach faoi láthair. Freagra atá ann ar an iarratas a rinneadh i nDearbhú Uimh. 16 maidir le hAirteagal 225a de Chonradh CE (1) a glacadh tráth ar síníodh Conradh Nice an 26 Feabhra 2001.

(3)

Ba cheart, dá réir sin, painéal breithiúnach a chur ag gabháil leis an gCúirt Chéadchéime ar dhlúthchuid den Chúirt Bhreithiúnais é chun críocha institiúideacha agus eagraíochtúla, agus a mbeadh a chomhshamhail de stádas ag a chuid comhaltaí agus atá ag comhaltaí na Cúirte Céadchéime.

(4)

Ba chóir go dtabharfaí ainm ar an bpainéal nua breithiúnach a dhéanfadh idirdhealú idir é ina chuid foirmíochtaí trialach agus foirmíochtaí trialach na Cúirte Céadchéime.

(5)

Chun gurbh fhurasta i gcoitinne ciall a bhaint as an gcóras cúirteanna, ba chóir go ndéanfaí na forálacha a bhaineann le dlínse, comhdhéanamh, eagrú agus nós imeachta an phainéil bhreithiúnaigh a leagan síos in Iarscríbhinn a ghabhann le Reacht na Cúirte Breithiúnais.

(6)

Ba chóir go mbeadh líon breithiúna an phainéil bhreithiúnaigh ag teacht le líon na gcásanna a bheadh os a chomhair. Chun a éascú don Chomhairle cinneadh a dhéanamh agus breithiúna á gceapadh, ba cheart foráil a dhéanamh le go mbunódh an Chomhairle Coiste Comhairleach neamhspleách a d'fhíoródh gur chomhlíon na hiarratais a fuarthas na coinníollacha iomchuí.

(7)

Ba cheart don phainéal breithiúnach cásanna a thriail de réir nós imeachta a d'fhreagródh do shainghnéithe na ndíospóidí a tharchuirfí chuige, agus go ndéanfaí scrúdú ag gach céim den nós imeachta ar na bealaí a d'fhéadfadh a bheith ann chun teacht ar réiteach cairdiúil ar dhíospóidí.

(8)

I gcomhréir leis an tríú mír d'Airteagal 225a de Chonradh CE agus leis an tríú mír d'Airteagal 140b de Chonradh CEFA, ní fhéadfar achomhairc i gcoinne breitheanna ón bpainéal breithiúnach a thaisceadh leis an gCúirt Chéadchéime ach amháin ar phoncanna dlí, faoi na coinníollacha céanna a rialaíonn achomhairc a thaisctear leis an gCúirt Bhreithiúnais i gcoinne breitheanna ón gCúirt Chéadchéime. Déantar forálacha iomchuí Reacht na Cúirte Breithiúnais a atáirgeadh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Reacht, sa chuid a bhaineann leis an bpainéal breithiúnach, ionas go seachnófar crostagairtí a thiocfadh idir an tacar ginearálta forálacha agus an soléamh.

(9)

Ba cheart go ndéanfaí foráil sa Chinneadh seo do shocruithe idirthréimhseacha ionas go bhféadfaidh an painéal breithiúnach a fheidhmeanna a fheidhmiú a thúisce a bhunófar é,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Cuirfear painéal breithiúnach ag gabháil le Cúirt Chéadchéime na gComhphobal Eorpach chun díospóidí ina mbeidh seirbhís shibhialta an Aontais Eorpaigh i gceist a éisteacht agus ‘an Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh’ a ghairfear de. Is sa Chúirt Chéadchéime a bheidh a shuíomh ag an mBinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Déantar an Prótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais a leasú mar a leanas:

1.

Déantar Teideal VI de Theideal V agus cuirtear isteach Teideal nua V mar a leanas:

‘TEIDEAL V

PAINÉIL BHREITHIÚNACHA

Airteagal 63

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Reacht seo na forálacha a bhaineann le dlínse, comhdhéanamh, eagrú agus nós imeachta na bpainéal breithiúnach arna mbunú faoi Airteagal 225a de Chonradh CE agus faoi Airteagal 140b de Chonradh CEFA.’

2.

Déantar Airteagal 64 agus Airteagal 65 faoi seach de Shean-Airteagail 63 agus 64.

3.

Cuirtear isteach Iarscríbhinn I, mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

1.   Ceapfar céad Uachtarán an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh ar feadh trí bliana ar an gcuma chéanna a gceaptar breithiúna an Bhinse, mura gcinnfidh an Chomhairle go gcuirfear i bhfeidhm an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 4(1) d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Reacht na Cúirte Breithiúnais, mar atá sí leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

2.   Díreach tar éis do chomhaltaí uile an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh mionn a ghlacadh, rachaidh Uachtarán na Comhairle i mbun triúr comhaltaí an Bhinse a roghnú, trí chrannchur, a rachaidh a dtéarmaí oifige in éag i ndeireadh a gcéad trí bliana, de mhaolú ar an gcéad abairt den dara mír d'Airteagal 2 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Reacht na Cúirte.

3.   Cásanna dá dtagraítear in Airteagal 1 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Reacht na Cúirte Breithiúnais a bheidh os comhair na Cúirte Céadchéime ar an dáta a dtiocfaidh an tAirteagal sin i bhfeidhm ach nach mbeidh an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Céadchéime comhlánaithe go fóill iontu, tarchuirfear chuig an mBinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh iad.

4.   Go dtí go dtiocfaidh Rialacha Nós Imeachta an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, beidh feidhm ag Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Céadchéime mutatis mutandis, seachas na forálacha sin a bhaineann le breitheamh aonair.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, cé is moite d'Airteagal 1 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Reacht na Cúirte Breithiúnais, mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Tiocfaidh Airteagal 1 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Reacht na Cúirte Breithiúnais i bhfeidhm ar an lá a bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an Cinneadh ó Uachtarán na Cúirte Breithiúnais lena dtaifeadtar go bhfuil an Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh comhdhéanta de réir dlí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséal, 2 Samhain 2004.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. R. BOT


(1)   IO C 80, 10.3.2001, lch. 80.


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN I

AN BINSE UM SHEIRBHÍS SHIBHIALTA AN AONTAIS EORPAIGH

Airteagal 1

Déanfaidh an Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear “Binse na Seirbhíse Sibhialta” anseo feasta) dlínse a fheidhmiú ag an gcéad chéim i ndíospóidí idir na Comhphobail agus a gcuid seirbhíseach dá dtagraítear in Airteagal 236 de Chonradh CE agus in Airteagal 152 de Chonradh CEFA, lena n-áirítear díospóidí idir gach comhlacht agus a chuid seirbhíseach agus gach gníomhaireacht agus a cuid seirbhíseach a bhfuil dlínse tugtha ina leith don Chúirt Bhreithiúnais.

Airteagal 2

Seachtar breithiúna a bheidh ar Bhinse na Seirbhíse Sibhialta. Má iarrann an Chúirt Bhreithiúnais é, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thromlach cáilithe, líon na mbreithiúna a mhéadú.

Ceapfar na breithiúna ar feadh tréimhse sé bliana. Féadfar breithiúna a bheidh ag scor a athcheapadh.

Déanfar aon fholúntas a líonadh trí bhreitheamh nua a cheapadh ar feadh tréimhse sé bliana.

Airteagal 3

1.   Ceapfaidh an Chomhairle na breithiúna, ag gníomhú di i gcomhréir leis an gceathrú mír d'Airteagal 225a de Chonradh CE agus leis an gceathrú mír d'Airteagal 140b de Chonradh CEFA tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste dá bhforáiltear san Airteagal seo. Agus breithiúna á gceapadh aici, féachfaidh an Chomhairle leis an gcothromaíocht a chinntiú i gcomhdhéanamh an bhinse ar bhonn geografach a bheidh chomh fairsing agus is féidir ó thaobh náisiúnaigh na mBallstát agus ó thaobh na gcóras náisiúnta dlí arna n-ionadú.

2.   Féadfaidh duine ar bith ar saoránach de chuid an Aontais é agus a chomhallfaidh na coinníollacha atá leagtha síos sa cheathrú mír d'Airteagal 225a de Chonradh CE agus sa cheathrú mír d'Airteagal 140b de Chonradh CEFA iarratas a chur isteach. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar mholadh ón gCúirt, na coinníollacha agus na socruithe a chinneadh maidir le hiarratais a chur isteach agus iarratais a mheas.

3.   Cuirfear coiste ar bun ar a mbeidh seachtar arna dtoghadh as measc iarchomhaltaí den Chúirt Bhreithiúnais agus den Chúirt Chéadchéime agus as measc dlíodóirí a bhfuil cumas aitheanta iontu. Cinnfidh an Chomhairle comhaltaí agus rialacha oibriúcháin an choiste, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar mholadh ó Uachtarán na Cúirte Breithiúnais.

4.   Tabharfaidh an Coiste tuairim ar oiriúnacht na n-iarrthóirí chun feidhmeanna breithimh a fheidhmiú ag Binse na Seirbhíse Sibhialta sula ndéanfar cinneadh maidir le ceapacháin. Déanfaidh an Coiste liosta de na hiarrthóirí sin is oiriúnaí taithí ardleibhéil a chur i gceangal lena Thuairim. Beidh ainmneacha a dhá oiread iarrthóirí ar an liosta sin agus a bheidh de bhreithiúna le ceapadh ag an gComhairle.

Airteagal 4

1.   Toghfaidh na breithiúna Uachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta as a líon féin ar feadh téarma trí bliana. Féadfar é a atoghadh.

2.   Suífidh Binse na Seirbhíse Sibhialta i ndlísheomraí de thriúr breithiúna. I gcásanna áirithe a shainítear ina rialacha nós imeachta, féadfaidh sé suí i seisiún iomlánach, i ndlísheomra de chúigear breithiúna nó de bhreitheamh aonair.

3.   Beidh Uachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ina uachtarán ar an seisiún iomlánach agus ar an dlísheomra de chúigear breithiúna. Ainmneofar Uachtaráin na ndlísheomraí de thriúr breithiúna de réir mar a fhoráiltear i mír 1. Má dhéantar Uachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta a shannadh chuig dlísheomra de thriúr breithiúna, is é a bheidh ina uachtarán ar an dlísheomra sin.

4.   Beidh dlínse agus córam an tseisiúin iomlánaigh maille le comhdhéanamh na ndlísheomraí agus sannadh na gcásanna dóibh faoi rialú ag na rialacha nós imeachta.

Airteagal 5

Beidh feidhm ag Airteagail 2 go 6, ag Airteagail 14 agus 15, ag an gcéad mhír, ag an dara mír agus ag an gcúigiú mír d'Airteagal 17, agus ag Airteagal 18 de Reacht na Cúirte Breithiúnais maidir le Binse na Seirbhíse Sibhialta agus maidir lena chomhaltaí.

Glacfar os comhair na Cúirte Breithiúnais an mionn dá dtagraítear in Airteagal 2 den Reacht agus glacfaidh an Chúirt Bhreithiúnais na cinntí dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 6 de, tar éis dul i gcomhairle le Binse na Seirbhíse Sibhialta.

Airteagal 6

1.   Beidh tacaíocht ag Binse na Seirbhíse Sibhialta ó ranna riaracháin na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Céadchéime. Déanfaidh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais nó, i ngach cás is iomchuí, Uachtarán na Cúirte Céadchéime, a leagan síos de chomhthoil le hUachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta na coinníollacha faoina ndéanfaidh oifigigh agus seirbhísigh eile atá ag gabháil leis an gCúirt Bhreithiúnais nó leis an gCúirt Chéadchéime a seirbhísí a sholáthar do Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ionas go bhféadfaidh sé feidhmiú. Beidh oifigigh áirithe nó seirbhísigh áirithe eile freagrach do Chláraitheoir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta faoi údarás Uachtarán an Bhinse sin.

2.   Ceapfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta a Chláraitheoir agus leagfaidh sé síos na rialacha a bhainfidh lena sheirbhís. Beidh feidhm ag an gceathrú mír d'Airteagal 3 agus ag Airteagail 10, 11 agus 14 de Reacht na Cúirte Breithiúnais maidir le Cláraitheoir an Bhinse.

Airteagal 7

1.   Beidh an nós imeachta os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta faoi rialú ag Teideal III de Reacht na Cúirte Breithiúnais, cé is moite d'Airteagail 22 agus 23. Leagfar síos sna rialacha nós imeachta aon fhorálacha níos mionchruinne is gá de bhreis.

2.   Beidh feidhm ag na forálacha i dtaobh shocruithe teanga na Cúirte Céadchéime maidir le Binse na Seirbhíse Sibhialta.

3.   Is éard a bheidh sa chéim scríofa den nós imeachta an t-iarratas agus an ráiteas cosanta a chur i láthair, mura gcinnfidh Binse na Seirbhíse Sibhialta gur gá an dara malartú pléadálacha i scríbhinn. I gcás ina mbíonn an dara malartú den sórt sin ann, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta, le comhaontú ó na páirtithe, a chinneadh go ngabhfaidh sé i gcionn na breithe d'uireasa aon imeachtaí ó bhéal.

4.   Ag gach céim den nós imeachta, lena n-áirítear tráth taiscthe an iarratais, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta scrúdú a dhéanamh ar na bealaí a d'fhéadfadh a bheith ann chun teacht ar réiteach cairdiúil ar dhíospóidí agus féadfaidh sé iarracht a dhéanamh socrú den sórt sin a éascú.

5.   Déanfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta rialú maidir le costais cáis. Faoi réir fhorálacha sonracha na rialacha nós imeachta, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc má chinneann an chúirt amhlaidh.

Airteagal 8

1.   Má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a díríodh chuig Binse na Seirbhíse Sibhialta a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Céadchéime, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta. Mar an gcéanna, má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a díríodh chuig an gCúirt Bhreithiúnais nó chuig an gCúirt Chéadchéime a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Céadchéime.

2.   Má chinneann Binse na Seirbhíse Sibhialta nach bhfuil dlínse aige caingean a éisteacht agus a chinneadh a bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais nó ag an gCúirt Chéadchéime ina leith, déanfaidh sé an chaingean sin a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais nó chun na Cúirte Céadchéime. Mar an gcéanna, má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais nó an Chúirt Chéadchéime go mbaineann caingean le dlínse Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, déanfaidh an Chúirt a bhfuil an chaingean os a comhair í a tharchur chun Binse na Seirbhíse Sibhialta, agus ní fhéadfaidh an Binse sin dlínse a dhiúltú.

3.   Má thugtar cásanna os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus na Cúirte Céadchéime araon ina dtógtar an tsaincheist chéanna léirithe nó ina gcaitear amhras ar bharántúlacht an ghnímh chéanna, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta, tar éis di na páirtithe a éisteacht, bac a chur ar na himeachtaí go dtí go mbeidh breithiúnas tugtha ag an gCúirt Chéadchéime.

Má thugtar cásanna os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus na Cúirte Céadchéime araon ina bhfuil an faoiseamh céanna á éileamh, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta dlínse a dhiúltú chun go bhféadfaidh an Chúirt Chéadchéime gníomhú i leith na gcásanna sin.

Airteagal 9

Laistigh de dhá mhí tar éis an bhreith a bhfuil achomharc á dhéanamh ina coinne a bheith curtha in iúl, féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Céadchéime i gcoinne bhreitheanna críochnaitheacha Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus i gcoinne bhreitheanna an Bhinse sin nach réitíonn na saincheisteanna substaintiúla ach go páirteach nó a réitíonn saincheist nós imeachta maidir le heaspa dlínse nó le doghlacthacht.

Féadfaidh aon pháirtí ar theip ar a chuid aighneachtaí, go hiomlán nó go páirteach, a leithéid sin d'achomharc a dhéanamh. Ní fhéadfaidh idiragraithe nach Ballstáit ná institiúidí de chuid na gComhphobal iad achomharc den chineál sin a dhéanamh, áfach, ach amháin má bhaineann breith Bhinse na Seirbhíse Sibhialta go díreach leo.

Airteagal 10

1.   Aon duine a ndéanfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta a iarratas idiragartha a dhíbhe, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Céadchéime laistigh de choicís tar éis an bhreith ag díbhe an iarratais a bheith curtha in iúl.

2.   Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Céadchéime i gcoinne aon bhreithe de chuid Bhinse na Seirbhíse Sibhialta a rinneadh de bhun Airteagal 242 nó Airteagal 243 nó an ceathrú mír d'Airteagal 256 de Chonradh CE nó de bhun Airteagal 157 nó Airteagal 158 nó an tríú mír d'Airteagal 164 de Chonradh CEFA laistigh de dhá mhí tar éis a curtha in iúl.

3.   Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Céadchéime, i modh nós imeachta achomair ar féidir, a mhéad is gá sin, difear a bheith idir é agus cuid de na rialacha atá san Iarscríbhinn seo agus a bheidh leagtha síos i rialacha nós imeachta na Cúirte Céadchéime, breithniú a dhéanamh ar achomhairc arna dtabhairt i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 11

1.   Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Céadchéime ach ar phoncanna dlí amháin. Is é a bheidh de bhonn aige easpa dlínse Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, sárú nós imeachta os a chomhair a dhéanann dochar do leas an achomharcóra nó sárú ar reachtaíocht an Chomhphobail ag an mBinse.

2.   Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh nach mbaineann ach le méid na gcostas nó leis an bpáirtí ar ordaíodh dó iad a íoc.

Airteagal 12

1.   Gan dochar d'Airteagal 242 ná d'Airteagal 243 de Chonradh CE ná d'Airteagal 157 ná d'Airteagal 158 de Chonradh CEFA, ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc.

2.   Má dhéantar achomharc i gcoinne breithe de chuid Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, beidh cuid den nós imeachta os comhair na Cúirte Céadchéime i scríbhinn agus cuid de ó bhéal. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sna rialacha nós imeachta, féadfaidh an Chúirt Chéadchéime, tar éis di na páirtithe a éisteacht, an nós imeachta ó bhéal a fhágáil ar lár.

Airteagal 13

1.   Má bhíonn bunús leis an achomharc, neamhneoidh an Chúirt Chéadchéime breith Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus déanfaidh sí féin breithiúnas a thabhairt san ábhar. Déanfaidh sí an cás a tharchur ar ais chuig Binse na Seirbhíse Sibhialta le haghaidh breithiúnais nuair nach gceadaíonn staid na n-imeachtaí breith ón gCúirt.

2.   Má tharchuirtear cás ar ais go dtí Binse na Seirbhíse Sibhialta, beidh breith na Cúirte Céadchéime maidir le poncanna dlí ina ceangal ar an gCúirt sin.’