26.10.2006 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/1 |
AN BANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA CINNEADH ÓN mBORD GOBHARNÓIRÍ
an 5 Meitheamh 1998
maidir le méadú chaipiteal an Bhainc agus sainiú an aonaid cuntais
De bhua an chinnidh ó Bhord Gobharnóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (1) arna ghlacadh d'aon toil an 5 Meitheamh 1998 de bhun an dara fomhír d'Airteagal 4(1), Airteagal 4(3) agus Airteagal 5(2) de Reacht an Bhainc, leasaítear an Reacht mar a leanas amhail ón 1 Eanáir 1999.
1. |
Léitear an chéad fhomhír d'Airteagal 4(1) den Reacht mar a leanas: ‘Is é is caipiteal don Bhanc céad míle milliún (100 000 000 000) euro, arna shuibscríobh ag na Ballstáit mar a leanas:
|
2. |
Léitear an dara fomhír d'Airteagal 4(1) den Reacht mar a leanas: ‘Saineofar gurb é atá san aonad cuntais ná an euro atá bunaithe mar airgeadra aonair na mBallstát atá rannpháirteach sa tríú céim den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta. Féadfaidh an Bord Gobharnóirí, ag gníomhú dó d'aon toil ar thogra ón mBord Stiúrthóirí, sainiú an aonaid cuntais a athrú.’ |
3. |
Léitear Airteagal 5(1) den Reacht mar a leanas: ‘Íocfaidh na Ballstáit an caipiteal suibscríofa go feadh 6 % ar mheán na méideanna a shonraítear in Airteagal 4(1)’. |
Thar ceann an Bhoird Gobharnóirí
An Cathaoirleach
Jouko SKINNARI
An Rúnaí
F.A.W. CARPENTER
(1) IO C 269, 28.8.1998, lch. 9.
(2) As an méid foriomlán EUR 100 billiún, tá EUR 95 549 597 250 éifeachtach amhail ón 1 Eanáir 1999, ar suim í sin a chomhfhreagraíonn, i gcás na Gearmáine, do chaipiteal suibscríofa EUR 13 315 952 250. Tá an fuíoll ag fanacht ar chomhlánú foirmiúil na nósanna imeachta parlaiminte ar an leibhéal ábhartha náisiúnta agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar bhonn aisghníomhach amhail ón 1 Eanáir 1999 a thúisce a chomhlánófar na nósanna imeachta sin; foilseofar dáta an chomhlánaithe in am trátha. Le linn na tréimhse gurb é méid an chaipitil shuibscríofa EUR 95 549 597 250, is ionann an caipiteal íoctha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Reacht agus 6,27946132 % den mhéid sin.