14.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 179/1


Faisnéis a bhaineann le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le tarscaoileadh ar víosaí gearrfhanachta do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta, pasanna seirbhíse nó pasanna oifigiúla

Tháinig an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le tarscaoileadh ar víosaí gearrfhanachta do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta, pasanna seirbhíse nó pasanna oifigiúla, i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2022, tar éis tabhairt chun críche an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 2 den Chomhaontú an 4 Aibreán 2022.