|
17.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 102/100 |
DEARBHÚ AONTAOBHACH ÓN RÍOCHT AONTAITHE SA CHOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN GCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN GCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH
an 24 Márta 2023
maidir le gníomhaíocht forfheidhmiúcháin a neartú le haghaidh earraí a aistrítear i mbeartáin ó chuid eile den Ríocht Aontaithe go Tuaisceart Éireann
Sula dtiocfaidh forálacha Chinneadh Uimh. 1/2023 (1) i bhfeidhm ina n-iomláine, tá an Ríocht Aontaithe tiomanta do bheithe ag obair leis an Aontas chun cosaint a thabhairt do mhargadh inmheánach an Aontais trí ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin a neartú maidir le hearraí a aistrítear i mbeartáin ó chuid eile den Ríocht Aontaithe go Tuaisceart Éireann. Sa chomhthéacs sin, gabhann an Ríocht Aontaithe uirthi féin:
|
— |
Oibriú le hoibreoirí eacnamaíocha, go háirithe beartseachadadh gasta agus oibreoirí poist, chun sonraí tráchtála maidir le gluaiseacht beartán, lena n-áirítear an seoltóir, an faighteoir agus tuairisc ar na hearraí ábhartha, a chur ar fáil do Rialtas na Ríochta Aontaithe agus d’ionadaithe an Aontais. Thacódh na sonraí sin le gníomhaíocht forfheidhmithe agus chomhlíonta, rud a chuirfeadh leis an ngníomhaíocht atá ann cheana faoi thionchar riosca agus faisnéise. |
|
— |
An comhar atá ann cheana idir údaráis chustaim na Ríochta Aontaithe agus an Coimisiún Eorpach a fheabhsú, trí chomhoibriú maidir le rioscaí forfheidhmithe agus comhlíonta ar bhonn na socruithe oibríochtúla comhaontaithe dá dtagraítear i gCinneadh Uimh. 1/2023. |
|
— |
Tabharfaidh an Ríocht Aontaithe an Coiste Speisialaithe maidir le saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme Chreat Windsor (2) cothrom le dáta go rialta maidir leis an dul chun cinn a rinneadh ar na saincheisteanna thuasluaite. |
(1) Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 lena leagtar síos socruithe a bhaineann le Creat Windsor (féach leathanach 61 den Iris Oifigiúil).
(2) Féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023.