17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/96


DEARBHÚ AONTAOBHACH ÓN RÍOCHT AONTAITHE SA CHOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an 24 Márta 2023

maidir le nósanna imeachta onnmhairiúcháin le haghaidh earraí a aistrítear ó Thuaisceart Éireann chuig codanna eile den Ríocht Aontaithe

Tugann an Ríocht Aontaithe dá haire an áit atá ag Tuaisceart Éireann mar chuid de chríoch chustaim na Ríochta Aontaithe, an gá atá ann gnéithe uile Chomhaontú Aoine an Chéasta nó Chomhaontú Bhéal Feirste an 10 Aibreán 1998 a chosaint, agus a gealltanas rochtain gan bhac a thabhairt do ghnólachtaí Thuaisceart Éireann ar mhargadh na Ríochta Aontaithe ina iomláine.

Maidir le gach earra a aistrítear ó Thuaisceart Éireann go codanna eile de mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe, deimhníonn an Ríocht Aontaithe nach mbeidh feidhm ag nósanna imeachta onnmhairiúcháin faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) ach amháin má tá earraí:

1.

curtha faoi nós imeachta a liostaítear in Airteagal 210 den Rialachán sin,

2.

á stóráil go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 144 den Rialachán sin,

3.

faoi réir fhorálacha dhlí an Aontais a thagann faoin dara habairt d’Airteagal 6(1) de Chreat Windsor (2) lena ndéantar onnmhairiú na n-earraí a thoirmeasc nó a shrianadh,

4.

curtha faoin nós imeachta onnmhairiúcháin laistigh den Aontas i gcomhréir le Teideal V agus Teideal VIII den Rialachán sin, nó

5.

ar luach nach mó ná EUR 3 000 agus má dhéantar iad a phacáil nó a luchtú le haghaidh a seolta onnmhairiúcháin laistigh den Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 221 de Rialachán (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (3).

Meabhraíonn an Ríocht Aontaithe a ghealltanas chun a áirithiú go ndéanfar ceanglais agus gealltanais idirnáisiúnta a bhaineann le toirmisc agus srianta ar onnmhairiú earraí ón Aontas chuig tríú tíortha a chosaint go hiomlán mar a leagtar amach i ndlí an Aontais.

Deimhníonn an Ríocht Aontaithe go soláthróidh sí faisnéis fhónta don Aontas maidir le hearraí atá faoi réir toirmisc agus srianta a ghluaiseann ó Thuaisceart Éireann go codanna eile den Ríocht Aontaithe a mhéid a bhaineann le honnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras ítimí dé-úsáide, onnmhairí earraí cultúrtha agus seolta dramhaíola.

Gabhfaidh an Dearbhú Aontaobhach seo ionad an Dearbhaithe Aontaobhaigh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chomhchoiste um dhearbhuithe onnmhairiúcháin an 17 Nollaig 2020.


(1)  IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

(2)  Féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023.

(3)  IO L 343, 29.12.2015, lch. 558.