|
28.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 240/132 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 245/2020
an 30 Nollaig 2020
maidir le teacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 112/2020 ó Chomhchoiste LEE an 14 Iúil 2020 [2023/2047]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 (1), ionchorpraíodh é i gComhaontú LEE le Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 112/2020 an 14 Iúil 2020 (2). |
|
(2) |
Ba cheart an Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 112/2020 an 14 Iúil 2020 a theacht i bhfeidhm an 1 Feabhra 2021, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In ainneoin Airteagal 3 de Chinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 112/2020 an 14 Iúil 2020, tiocfaidh an Cinneadh sin i bhfeidhm an 1 Feabhra 2021.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 30 Nollaig 2020, nó ar an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*1), cibé acu is déanaí.
Airteagal 3
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Nollaig 2020.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Sabine MONAUNI
(1) IO L 76, 19.3.2018, lch. 3.
(2) IO L 172, 6.7.2023, lch. 33.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.