28.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 240/119


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 238/2020

an 30 Nollaig 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2040]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2202 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1251/2008 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha le haghaidh na Ríochta Aontaithe agus Spleáchríocha na Corónach ar liosta na dtríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga a n-údaraítear chun coinsíneachtaí d’ainmhithe dobharshaothraithe a thabhairt isteach san Aontas Eorpach (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2212 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2020 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2007/453/CE a mhéid a bhaineann le stádas ESB na Ríochta Aontaithe agus Spleáchríoch Corónach Geirsí (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair thréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 86 (Rialachán (CE) Uimh. 1251/2008 ón gCoimisiún) i gCuid 4.2:

‘—

32020 R 2202: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2202 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2020 (IO L 438, 28.12.2020, lch. 1).’

2.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 49 (Cinneadh 2007/453/CE ón gCoimisiún) i gCuid 7.2:

‘—

32020 D 2212: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2212 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2020 (IO L 438, 28.12.2020, lch. 44).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2202 agus i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2212 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 30 Nollaig 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Nollaig 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 438, 28.12.2020, lch. 1.

(2)   IO L 438, 28.12.2020, lch. 44.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.