|
28.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 240/79 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 213/2020
an 11 Nollaig 2020
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2015]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/411 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2018 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena socraítear ceanglais theicniúla maidir le forbairt, feidhmiú agus cothabháil an chláir lárnaigh leictreonaigh laistigh de réimse na seirbhísí íocaíochta agus maidir le rochtain ar an bhfaisnéis atá ann (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/410 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2018 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le mionsonraí agus struchtúr na faisnéise a bhfuil fógra le tabhairt ina leith, i réimse na seirbhísí íocaíochta, ag na húdaráis inniúla don Údarás Baincéireachta Eorpach de bhun Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 16eb (Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘16ec. |
32019 R 0410: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/410 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2018 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le mionsonraí agus struchtúr na faisnéise a bhfuil fógra le tabhairt ina leith, i réimse na seirbhísí íocaíochta, ag na húdaráis inniúla don Údarás Baincéireachta Eorpach de bhun Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 73, 15.3.2019, lch. 20). |
|
16ed. |
32019 R 0411: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/411 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2018 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena socraítear ceanglais theicniúla maidir le forbairt, feidhmiú agus cothabháil an chláir lárnaigh leictreonaigh laistigh de réimse na seirbhísí íocaíochta agus maidir le rochtain ar an bhfaisnéis atá ann (IO L 73, 15.3.2019, lch. 84).’ |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/411 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/410 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 12 Nollaig 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 165/2019 ó Chomhchoiste LEE an 14 Meitheamh 2019 (3), cibé acu is déanaí.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Nollaig 2020.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Sabine MONAUNI
(1) IO L 73, 15.3.2019, lch. 84.
(2) IO L 73, 15.3.2019, lch. 20.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.