28.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 240/60


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 205/2020

an 11 Nollaig 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2007]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2016 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainne fadtréimhseach (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Níl feidhm ag Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún maidir le córais tarchurtha ar oileáin nach bhfuil nasctha le córais tarchurtha eile trí idirnaisc.

(3)

Toisc nach bhfuil córas tarchurtha na hÍoslainne nasctha le córas tarchurtha eile, níor cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún maidir leis an Íoslainn.

(4)

Níl gréasán tarchurtha leictreachais dá chuid féin ag Lichtinstéin de bharr a laghad agus líon teoranta na dtomhaltóirí leictreachais. Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún maidir le Lichtinstéin.

(5)

Tagairtí d’Oibreoirí Córais Tarchurtha, údaráis rialála agus páirtithe leasmhara, ba cheart a thuiscint leo go gcuimsítear an tOibreoir Córais Tarchurtha, údaráis rialála agus páirtithe leasmhara a dhéanann ionadaíocht ar an Iorua.

(6)

Nuair atáthar ag forbairt téarmaí, coinníollacha agus modheolaíochtaí go comhpháirteach de bhun Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún, tá sé ríthábhachtach go gcuirtear isteach an fhaisnéis riachtanach ar fad gan mhoill. Le dlúthchomhar idir Oibreoirí Córais Tarchurtha agus údaráis rialála, ba cheart a áirithiú go ndéantar faisnéis íogair i bpróiseas forbartha téarmaí, coinníollacha agus modheolaíochtaí a chosaint go héifeachtach, is é sin faisnéis amhail faisnéis mhionsonraithe faoi fhostáisiúin leictreachais, suíomh beacht tarchuir faoi thalamh, faisnéis faoi chórais rialúcháin agus faoi anailís leochaileachta mhionsonraithe ar féidir úsáid a bhaint aisti chun críoch na sabaitéireachta. Chun cur chun feidhme éifeachtach Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún a áirithiú, ba cheart an leibhéal céanna comhair maidir le malartú faisnéise agus cosaint faisnéise íogaire a bhunú chun críoch an chomhair leis an Iorua.

(7)

Maidir le hionchur ó na príomhpháirtithe leasmhara i bhforbairt téarmaí, coinníollacha agus modheolaíochtaí do réigiúin nó do LEE ina iomláine, a d'fhéadfadh teacht chun a bheith ceangailteach trí fhormheas rialála, tá an t-ionchur sin ríthábhachtach le haghaidh creat rialála trasteorann éifeachtach. Ba cheart, dá bhrí sin, d'Oibreoirí Córais Tarchurtha agus páirtithe leasmhara eile a bheith rannpháirteach sna próisis chun téarmaí, coinníollacha agus modheolaíochtaí a fhorbairt mar a leagtar amach i bhforálacha éagsúla Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún. Ba cheart d’Oibreoirí Córais Tarchurtha de chuid na hIorua go háirithe a bheith rannpháirteach i gcinnteoireacht na bpáirtithe leasmhara ar bhealach atá cosúil le hOibreoirí Córais Tarchurtha a dhéanann ionadaíocht ar Bhallstát an Aontais Eorpaigh.

(8)

Maidir le tograí réigiúnacha nó tograí uile-AE, i gcás ina n-éilítear cinneadh ó níos mó ná údarás rialála amháin chun tograí ó Oibreoirí Córais Tarchurtha a fhormheas, ba cheart d’údaráis rialála comhairliúchán agus dlúthchomhar a dhéanamh le chéile chun teacht ar chomhaontú sula nglacfaidh na húdaráis rialála cinneadh. Ba cheart d’údarás rialála na hIorua a bheith páirteach sa chomhar sin.

(9)

De bharr gur glacadh Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtain ar an ngréasán do mhalartú trasteorann leictreachais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 (2), agus maidir leis na téacsanna oiriúnúcháin a ullmhaíodh agus a glacadh faoi Chinneadh Uimh. 93/2017 ó Chomhchoiste LEE an 5 Bealtaine 2017 lena leasaítear Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE (3) maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 714/2009, go háirithe na forálacha i bpointí (1) agus (5) d’Airteagal 1 de, lena bhforáiltear maidir le hoiriúnuithe a bhaineann le ról na Gníomhaireachta um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh i gcomhthéacs LEE, tá na téacsanna sin ábhartha le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún in LEE, go háirithe le haghaidh chur i bhfeidhm Airteagal 4 (8) agus (10) de.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 49 (Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘50.

32016 R 1719: Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2016 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainne fadtréimhseach (IO L 259, 27.9.2016, lch. 42).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:

(a)

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an Íoslainn agus le Lichtinstéin.

(b)

In Airteagal 4:

(i)

Tuigfear le gach tagairt do ‘dhaonra an Aontais’ in Airteagal 4(2)(b), do ‘dhaonra an réigiúin lena mbaineann’ in Airteagal 4(3)(b) agus do ‘dhaonra na mBallstát rannpháirteach’ in Airteagal 4(3), an dara fomhír, go bhfuil daonra na hIorua san áireamh agus nuair atáthar a mheas ar baineadh amach tairseach an daonra ábhartha le haghaidh tromlach cáilithe a bhaint amach.

(ii)

Léifear gach tagairt do ‘réigiúin ina bhfuil níos mó ná cúig Bhallstát’ in Airteagal 4(3), an chéad fhomhír, agus do ‘réigiúin ina bhfuil cúig Bhallstát nó níos lú’ in Airteagal 4(3), an tríú fomhír, mar ‘réigiúin ina bhfuil níos mó ná ceithre Bhallstát de chuid an Aontais agus an Iorua’ agus mar ‘réigiúin ina bhfuil ceithre Bhallstát de chuid an Aontais agus an Iorua nó níos lú’, faoi seach.

(c)

Cuirfear an méid seo a leanas le hAirteagal 7:

‘Féadfaidh comhaontuithe idir Oibreoirí Córais Tarchurtha agus/nó údaráis rialála a áirithiú go gcosnaítear faisnéis rúnda agus íogair go héifeachtach agus go gcuidítear lena chinntiú go gcuirtear isteach gan mhoill an fhaisnéis ar fad is gá chun téarmaí, coinníollacha agus modheolaíochtaí coiteanna a fhorbairt’.’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2016/1719 san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 12 Nollaig 2020, nó ar an lá tar éis an fhógra dheireanaigh chuig Comhchoiste LEE faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*1), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Nollaig 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 259, 27.9.2016, lch. 42.

(2)   IO L 211, 14.8.2009, lch. 15.

(3)   IO L 36, 7.2.2019, lch. 44.

(*1)  Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.