28.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 240/18


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 184/2020

an 11 Nollaig 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1986]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/993 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2020 maidir le hullmhóid ion-1,4-béite-xiolanáise (CE 3.2.1.8) arna táirgeadh ag Trichoderma reesei (BCCM/MUCL 49755) a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanúil lena ramhrú seachas sicíní lena ramhrú, éin ornáideacha, gach speiceas mucúil scoite seachas bainbh scoite agus gach speiceas mucúil lena ramhrú seachas muca lena ramhrú (sealbhóir údaraithe Berg und Schmidt GmbH Co. KG) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/994 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2020 maidir le monainsin agus niocarbaisin (Monimax) a údarú mar bhreiseán beathaithe do thurcaithe lena ramhrú, do shicíní lena ramhrú agus sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga (sealbhóir an údaraithe Huvepharma NV) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/995 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2020 maidir le hullmhóid ion-1,4-béite-xiolanáise arna táirgeadh ag Aspergillus oryzae (DSM 26372) a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cránacha atá ag tál (sealbhóir an údaraithe DSM Nutritional Products Ltd. atá á ionadú ag DSM Nutritional Products Sp. Z o.o) (3) arna cheartú le IO L 225, 14.7.2020, lch. 55, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/996 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2020 maidir le hullmhóid de charbhacról, tíomól, D-carvón, salaicioláit mheitile agus L-meantól a údarú mar bhreiseán beathaithe do shicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le bheith ina mbéaróga (sealbhóir an údaraithe Biomin GmbH) (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/997 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2020 maidir le bonn leachta L-lísín, sulfáit L-lísín agus monaihidreaclóiríd L-lísín, atá íon go teicniúil, a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(6)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/998 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2020 maidir le húdarú désucsanáit démheitile-astaxaintine a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh iasc agus crústaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 393/2008 (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(7)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1031 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2020 maidir le haigéad beansóch a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh muca lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe DSM Nutritional Products Ltd. atá á ionadú ag DSM Nutritional Products Sp. Z o.o.) (7), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(8)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1032 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2020 maidir le hullmhóid Bacillus subtilis DSM 28343 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh laonna a bhfuiltear lena dtógáil agus le haghaidh muca lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe Lactosan GmbH & Co. KG) (8), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(9)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1034 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2020 maidir le hullmhóid ion-1,4-béite-xiolanáise arna táirgeadh ag Aspergillus oryzae (DSM 26372) a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh béaróg (sealbhóir an údaraithe DSM Nutritional Products Ltd. atá á ionadú ag DSM Nutritional Products Sp. Z o.o.) (9), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(10)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/998 aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 393/2008 ón gCoimisiún (10), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(11)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 322 (Rialachán (AE) 2020/354 ón gCoimisiún):

‘323.

32020 R 0993: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/993 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2020 maidir le hullmhóid ion-1,4-béite-xiolanáise (CE 3.2.1.8) arna táirgeadh ag Trichoderma reesei (BCCM/MUCL 49755) a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanúil lena ramhrú seachas sicíní lena ramhrú, éin ornáideacha, gach speiceas mucúil scoite seachas bainbh scoite agus gach speiceas mucúil lena ramhrú seachas muca lena ramhrú (sealbhóir údaraithe Berg und Schmidt GmbH Co. KG) (IO L 221, 10.7.2020, lch. 76).

324.

32020 R 0994: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/994 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2020 maidir le monainsin agus niocarbaisin (Monimax) a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh turcaithe lena ramhrú, sicíní lena ramhrú agus sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga (sealbhóir an údaraithe Huvepharma NV) (IO L 221, 10.7.2020, lch. 79).

325.

32020 R 0995: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/995 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2020 maidir le hullmhóid ion-1,4-béite-xiolanáise arna táirgeadh ag Aspergillus oryzae (DSM 26372) a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cránacha atá ag tál (sealbhóir an údaraithe DSM Nutritional Products Ltd. atá á ionadú ag DSM Nutritional Products Sp. Z o.o.) (IO L 221, 10.7.2020, lch. 84), arna cheartú le IO L 225, 14.7.2020, lch. 55.

326.

32020 R 0996: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/996 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2020 maidir le hullmhóid de charbhacról, tíomól, D-carvón, salaicioláit mheitile agus L-meantól a údarú mar bhreiseán beathaithe do shicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le bheith ina mbéaróga (sealbhóir an údaraithe Biomin GmbH) (IO L 221, 10.7.2020, lch. 87).

327.

32020 R 0997: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/997 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2020 maidir le bonn leachta L-lísín, sulfáit L-lísín agus monaihidreaclóiríd L-lísín, atá íon go teicniúil, a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 221, 10.7.2020, lch. 90).

328.

32020 R 0998: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/998 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2020 maidir le húdarú désucsanáit démheitile-astaxaintine a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh iasc agus crústaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 393/2008 (IO L 221, 10.7.2020, lch. 96).

329.

32020 R 1031: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1031 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2020 maidir le haigéad beansóch a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh muca lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe DSM Nutritional Products Ltd. atá á ionadú ag DSM Nutritional Products Sp. Z o.o.) (IO L 227, 16.7.2020, lch. 21).

330.

32020 R 1032: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1032 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2020 maidir le hullmhóid Bacillus subtilis DSM 28343 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh laonna a bhfuiltear lena dtógáil agus le haghaidh muca lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe Lactosan GmbH & Co. KG) (IO L 227, 16.7.2020, lch. 24).

331.

32020 R 1034: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1034 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2020 maidir le hullmhóid ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag Aspergillus oryzae (DSM 26372) a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh béaróg (sealbhóir an údaraithe DSM Nutritional Products Ltd. atá á ionadú ag DSM Nutritional Products Sp. Z o.o.) (IO L 227, 16.7.2020, lch. 34).’

2.

Scriostar téacs phointe 1zzzzo (Rialachán (CE) Uimh. 393/2008 ón gCoimisiún).

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/993, (AE) 2020/994, (AE) 2020/995, arna cheartú le IO L 225, 14.7.2020, lch. 55, (AE) 2020/996, (AE) 2020/997, (AE) 2020/998, (AE) 2020/1031, (AE) 2020/1032 agus (AE) 2020/1034 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 12 Nollaig 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Nollaig 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 221, 10.7.2020, lch. 76.

(2)   IO L 221, 10.7.2020, lch. 79.

(3)   IO L 221, 10.7.2020, lch. 84.

(4)   IO L 221, 10.7.2020, lch. 87.

(5)   IO L 221, 10.7.2020, lch. 90.

(6)   IO L 221, 10.7.2020, lch. 96.

(7)   IO L 227, 16.7.2020, lch. 21.

(8)   IO L 227, 16.7.2020, lch. 24.

(9)   IO L 227, 16.7.2020, lch. 34.

(10)   IO L 117, 1.5.2008, lch. 20.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.