28.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 240/1


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 177/2020

an 11 Nollaig 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1979]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/207 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a mhéid a bhaineann le hallmhairí bia peataí ón Araib Shádach (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair thréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 9c (Rialachán (AE) 142/2011 ón gCoimisiún) i gCuid 7.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32020 R 0207: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/207 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2020 (IO L 43, 17.2.2020, lch. 69).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/207 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 12 Nollaig 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Nollaig 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 43, 17.2.2020, lch. 69.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.