|
14.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 227/33 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 167/2020
an 23 Deireadh Fómhair 2020
lena leasaítear Iarscríbhinn XX (an Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1742]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le socruithe breise i gcomhair na gcoigeartuithe ar leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce mar gheall ar athruithe ar an leibhéal gníomhaíochta (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 21apk (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘21apl. |
32019 R 1842: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le socruithe breise i gcomhair na gcoigeartuithe ar leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce mar gheall ar athruithe ar an leibhéal gníomhaíochta (IO L 282, 4.11.2019, lgh. 20).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Sabine MONAUNI
(1) IO L 282, 4.11.2019, lch. 20.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.