|
14.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 227/25 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 161/2020
an 23 Deireadh Fómhair 2020
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1736]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1308 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2020 lena gcinntear, ar feadh tréimhse theoranta, go bhfuil an creat rialála is infheidhme i leith contrapháirtithe lárnacha i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann coibhéiseach, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 31bcax (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/684 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘31bcay. |
32020 D 1308: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1308 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2020 lena gcinntear, ar feadh tréimhse theoranta, go bhfuil an creat rialála is infheidhme i leith contrapháirtithe lárnacha i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann coibhéiseach, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 306, 21.9.2020, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1308 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Sabine MONAUNI
(1) IO L 306, 21.9.2020, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.