8.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 198/41


MOLADH Uimh. 1/2023 ÓN gCOISTE SPEISIALAITHE MAIDIR LE COMHORDÚ SLÁNDÁLA SÓISIALTA ARNA BUNÚ LE hAIRTEAGAL 8(1)(Q) DEN CHOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE,

an 24 Iúil 2023

a mhéid a bhaineann le treoirlínte le haghaidh fógraí faoi Airteagal 496(3)den Chomhaontú [2023/1612]

AN COISTE SPEISIALAITHE UM IASCACH,

Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), agus go háirithe Airteagal 508(2)(b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 496(1) den Chomhaontú go ndéanfaidh gach Páirtí cinneadh maidir le haon bheart is infheidhme maidir lena uiscí d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 494(1) agus (2) a shaothrú, agus ag féachaint do na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 494(3).

(2)

Foráiltear le hAirteagal 496(3) den Chomhaontú go dtabharfaidh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas (‘an Páirtí’ ina n-aonar, le chéile ‘na Páirtithe’) fógra don Pháirtí eile faoi bhearta nua dá dtagraítear in Airteagal 496(1) ar dócha go ndéanfaidh siad difear do shoithí an Pháirtí eile sula gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm, rud a thabharfaidh dóthain ama don Pháirtí eile barúlacha a sholáthar nó soiléiriú a lorg.

(3)

Ag an gcruinniú a bhí ag an gCoiste Speisialaithe um Iascach an 27 Deireadh Fómhair 2021, chomhaontaigh na Páirtithe leanúint den phlé maidir leis an gcaoi a bhféadfaí feabhas a chur ar an bpróiseas malartaithe fógraí, d’fhonn prótacal fógraí a fhorbairt. Ag an gcruinniú a bhí ag an gCoiste Speisialaithe um Iascach an 21 Deireadh Fómhair 2022, thug na Páirtithe dá n-aire a thábhachtaí atá sé prótacal a chomhaontú maidir le fógraí a mhalartú.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 508(2)(b) den Chomhaontú go bhféadfaidh an Coiste Speisialaithe um Iascach moltaí a ghlacadh i ndáil le comhar i ndáil le hábhair dá dtagraítear in Airteagal 508(1) den Chomhaontú.

(5)

Maidir le moltaí, foráiltear le hAirteagal 10 den Chomhaontú nach bhfuil aon bhrí cheangailteach leo.

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

1.

Molann an Coiste Speisialaithe um Iascach do na Páirtithe, faoi ghnáth-imthosca, fógra a thabhairt faoi bheart bainistíochta iascaigh nua faoi Airteagal 496(3) lena dtugtar dóthain ama don Pháirtí eile barúlacha a thabhairt nó soiléiriú a lorg, agus tráth nach déanaí ná 45 lá féilire sula dtiocfaidh an beart i bhfeidhm. Molann an Coiste Speisialaithe um Iascach go bhféachfadh na Páirtithe le freagra a thabhairt ar aon iarrataí ar shoiléiriú go tráthúil.

2.

Aithníonn an Coiste Speisialaithe um Iascach go bhféadfadh sé go mbeadh ar Pháirtí bearta éigeandála a dhéanamh, lena gcumhdaítear inter alia bearta a bhaineann le bagairt thromchúiseach ar chaomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara nó ar an éiceachóras muirí atá faoi dhlínse na bPáirtithe. In imthosca eisceachtúla den sórt sin, molann an Coiste Speisialaithe um Iascach do Pháirtí fógra a thabhairt don pháirtí eile faoi bheart éigeandála a luaithe is féidir. Molann an Coiste Speisialaithe um Iascach go bhféadfaidh Páirtí plé a iarraidh tríd an gCoiste Speisialaithe um Iascach maidir le tréimhsí fógra níos giorra a úsáid ar fhorais beart éigeandála, chun a áirithiú nach n-úsáidfear an eisceacht sin ach amháin nuair is iomchuí agus go leanfaidh sí de bheith eisceachtúil.

3.

Molann an Coiste Speisialaithe um Iascach go n-áireofaí an méid seo a leanas i bhfógra agus go ndéanfaí an fógra sin a struchtúrú i gcomhréir leis an ábhar sin:

a.

Uimhir thagartha uathúil agus tagairt d’Airteagal 496(3) den Chomhaontú;

b.

Dréacht-téacs an bhirt atá beartaithe, nó, nuair nach bhfuil sé ar fáil, tuairisc iomlán mhionsonraithe ar fhorálacha uile an dréachtbhirt, lena n-áirítear tagairt don mheán dlíthiúil a bheadh le húsáid agus na bearta, dá mba ann dóibh, a rachadh in ionad an dréacht-téacs atá le roinnt a luaithe a bheadh fáil air nó a dhéanfadh é a leasú;

c.

Tuairisc ar chuspóir an bhirt agus ar chóid limistéir ábhartha ICES/FAO nuair is iomchuí;

d.

Achoimre iomlán chuimsitheach agus, nuair a bheidh sin ar fáil go poiblí, cóip nó nasc chuig an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil ar a bhfuil an beart bunaithe;

e.

Aon mheasúnú tionchair má dhéantar é agus má tá sé ar fáil tráth an fhógra;

f.

Aon treoir léirmhínitheach a eisítear, má tá sí ar fáil tráth an fhógra;

g.

An dáta teacht i bhfeidhm atá beartaithe, má tá sé ar fáil.

4.

Molann an Coiste Speisialaithe um Iascach go gcuirfidh gach Páirtí an Páirtí eile ar an eolas faoin dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm a luaithe is féidir, murab eol sin tráth an fhógra nó má thagann athrú air tar éis an dáta a thugtar an fógra.

5.

Molann an Coiste Speisialaithe um Iascach go gcuirfeadh gach Páirtí an Páirtí ar an eolas faoin leagan deiridh den bheart tráth a dhéantar an téacs a phoibliú.

6.

Aithníonn an Coiste Speisialaithe um Iascach cásanna ina gcuireann na Páirtithe bearta bainistithe iascaigh chun feidhme arna gcomhaontú ag an dá Pháirtí faoi eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (RFMOnna) nó i dtaifid i scríbhinn nó i dtaifid chomhaontaithe de chomhairliúcháin bhliantúla maidir le hiascaigh agus molann sé fógra simplithe sna cásanna sin ar choinníoll nach dtéann na bearta thar raon feidhme an chomhaontaithe in RFMO nó thar na taifid i scríbhinn nó comhaontaithe, ina bhfuil an t-ábhar seo a leanas, agus atá le heisiúint 30 lá féilire ar a laghad sula dtiocfaidh an beart i bhfeidhm:

a.

Uimhir thagartha uathúil agus tagairt d’Airteagal 496(3) den Chomhaontú;

b.

Tagairt don ghealltanas in RFMO nó sa taifead scríofa nó comhaontaithe, agus tuairisc ar an ngealltanas atá á chur chun feidhme.

c.

Tuairisc ar an gcaoi a bhfuil an beart á chur chun feidhme ag an bPáirtí, lena n-áirítear cóip den mheán dlíthiúil nó nasc léi, nuair a bheidh sí ar fáil, agus an dáta is dócha a thiocfaidh sé i bhfeidhm.

7.

Molann an Coiste Speisialaithe um Iascach go ndéanfaidh na Páirtithe súil chun cinn a mhalartú go tráthrialta ar athruithe reachtacha nó bearta eile intuartha a d’fhéadfaí a dhéanamh as sin go ceann 6 mhí go 12 mhí agus a thiocfadh faoi gceanglas fógra a thabhairt in Airteagal 496(3) den Chomhaontú dá nglacfaí iad.

8.

Aithníonn an Coiste Speisialaithe um Iascach go mbeidh bearta áirithe ina n-ábhar do chomhairliúcháin phoiblí nó go n-iarrfar fianaise sula gcuirfear chun feidhme iad agus molann sé go gcuirfidh gach Páirtí an Páirtí eile ar an eolas faoi thionscnaimh bheartais den sórt sin nuair a fhoilseofar iad chun a chur ar chumas an Pháirtí eile soiléirithe a iarraidh agus barúlacha a chur ar fáil ag an gcéim seo, rud atá gan dochar do na ceanglais maidir le fógra a thabhairt faoi Airteagal 496(3). Molann an Coiste Speisialaithe um Iascach go bhféadfaidh na Páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le plé ar bhearta beartaithe den sórt sin ar chlár oibre an Choiste Speisialaithe um Iascach, de réir mar is iomchuí.

9.

Molann an Coiste Speisialaithe um Iascach go ndéanfar fógraí a mhalartú trí bhearta leictreonacha agus go gcuirfidh na Páirtithe liosta seoltaí ríomhphoist in iúl dá chéile lena gcur san áireamh i dtarchur foirmiúil fógraí, agus aon athruithe orthu. Molann an Coiste Speisialaithe um Iascach go rachadh an Páirtí is faighteoir i dteagmháil leis an bPáirtí eisiúna chun a dheimhniú go bhfuarthas fógraí.

10.

Molann an Coiste Speisialaithe um Iascach go ndéanfaí athbhreithniú ar iarraidh ó cheachtar Páirtí má mheasann an Páirtí go bhfuil gá le hathbhreithniú chun feabhas a chur ar oibriú an mhalartaithe fógraí, d’fhonn na treoirlínte a leasú ar bhealach atá comhaontaithe go frithpháirteach nó, mura féidir sin, scor dá n-úsáid.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil agus i Londain, 24 Iúil 2023.

Thar ceann an Choiste Speisialaithe um Iascach

Na Comhchathaoirligh

GEC Maria CARBALLEIRA FERNANDEZ

Mike DOWELL