6.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 173/10


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 121/2020

an 25 Meán Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1380]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2020/205 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 a mhéid a bhaineann le Salmonella i bhfeoil reiptíle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Baineann an Cinneadh seo le reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta agus bia-earraí. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair thréidliachta agus bia-earraí, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I agus ar réamhrá Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 52 (Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gCoimisiún) i gCuid 6.2 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32020 R 0205: Rialachán (AE) 2020/205 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2020 (IO L 43, 17.2.2020, lch. 63).’

Airteagal 2

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 54zzzj (Rialachán (CE) 2073/2005 ón gCoimisiún) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32020 R 0205: Rialachán (AE) 2020/205 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2020 (IO L 43, 17.2.2020, lch. 63).’

Airteagal 3

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2020/205 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Meán Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 5

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Meán Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 43, 17.2.2020, lch. 63.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.