6.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 172/29


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 110/2020

an 14 Iúil 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn XVIII (Sláinte agus sábháilteacht ag an obair, dlí an tsaothair agus cóir chomhionann idir fir agus mná) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1370]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Treoir (AE) 2019/130 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Treoir (AE) 2019/983 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XVIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 14a (Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XVIII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32019 L 0130: Treoir (AE) 2019/130 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 (IO L 30, 31.1.2019, lch. 112),

-

32019 L 0983: Treoir (AE) 2019/983 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 (IO L 164, 20.6.2019, lch. 23).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Threoracha (AE) 2019/130 agus (AE) 2019/983 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Iúil 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 30, 31.1.2019, lch. 112.

(2)   IO L 164, 20.6.2019, lch. 23.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.