28.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 162/67


CINNEADH Uimh. 1/2023 Ó CHOMHCHOISTE AN AONTAIS EORPAIGH-NA h EILVÉISE

an 12 Meitheamh 2023

lena leasaítear Táblaí III agus IV de Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise an 22 Iúil 1972, arna leasú [2023/1314]

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise an 22 Iúil 1972 (1), arna leasú leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise an 26 Deireadh Fómhair 2004 lena leasaítear an Comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise an 22 Iúil 1972 a mhéid a bhaineann leis na forálacha is infheidhme maidir le táirgí talmhaíochta próiseáilte (2) (‘Comhaontú’), agus go háirithe Airteagal 7 de Phrótacal 2 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú, chuir an tAontas agus Cónaidhm na hEilvéise, ina gcáil mar Pháirtithe Conarthacha, praghsanna tagartha intíre na n-amhábhar uile a gcuirtear bearta cúitimh praghsanna i bhfeidhm ina leith ar fáil don Chomhchoiste, maidir leis an tréimhse tagartha 12 mhí ó mhí Mheán Fómhair 2021 go dtí mí Lúnasa 2022. Eascraíonn sé as na praghsanna sin go bhfuil athrú tagtha ar staid iarbhír na bpraghsanna maidir leis na hamhábhair sin i gcríoch na bPáirtithe Conarthacha.

(2)

Is gá, dá bhrí sin, na praghsanna tagartha intíre agus na difríochtaí praghsanna i gcás amhábhair talmhaíochta a liostaítear i dTábla III de Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú a thabhairt cothrom le dáta, chomh maith le bunmhéideanna na n-amhábhar talmhaíochta a liostaítear i dTábla IV den Phrótacal sin a oiriúnú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Prótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú mar a leanas:

(a)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Thábla III;

(b)

i dTábla IV, cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad phointe (b).

Airteagal 2

Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Iúil 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Chomhchoiste

An Cathaoirleach

Marco DUEERKOP


(1)   IO L 300, 31.12.1972, lch. 189.

(2)   IO L 23, 26.1.2005, lch. 19.


IARSCRÍBHINN I

‘TÁBLA III

Praghsanna tagartha intíre an Aontais Eorpaigh agus na hEilvéise

Amhábhar talmhaíochta

Praghas tagartha intíre na hEilvéise

CHF in aghaidh an 100 kg glan

Praghas tagartha intíre an Aontais

CHF in aghaidh an 100 kg glan

Airteagal 4(1)

Curtha i bhfeidhm ar thaobh na hEilvéise Difríocht i bpraghas tagartha na hEilvéise/an Aontais

CHF in aghaidh an 100 kg glan

Airteagal 3(3)

Curtha i bhfeidhm ar thaobh an Aontais Difríocht i bpraghas tagartha na hEilvéise/an Aontais

EUR in aghaidh an 100 kg glan

Cruithneacht bhog

55,03

34,01

21,00

0,00

Cruithneacht chrua

-

-

1,20

0,00

Seagal

45,00

30,60

14,40

0,00

Eorna

-

-

-

-

Arbhar Indiach

-

-

-

-

Plúr cruithneachta boige

95,24

60,71

34,55

0,00

Púdar bainne

652,27

463,32

188,95

0,00

Púdar bainne bhearrtha

437,33

372,75

64,60

0,00

Im

1 168,37

648,74

519,65

0,00

Siúcra bán

-

-

-

-

Uibheacha

-

-

38,00

0,00

Prátaí úra

40,06

15,77

24,30

0,00

Saill phlandúil

-

-

170,00

0,00 ’.


IARSCRÍBHINN II

‘(b)

Méideanna bunúsacha le haghaidh amhábhair thalmhaíochta a chuirtear san áireamh chun na comhpháirteanna talmhaíochta a ríomh:

Amhábhar talmhaíochta

Bunmhéid i bhfeidhm ar thaobh na hEilvéise

Airteagal 3(2)

Bunmhéid i bhfeidhm ar thaobh an Aontais

Airteagal 4(2)

CHF in aghaidh an 100 kg glan

EUR in aghaidh an 100 kg glan

Cruithneacht bhog

17,10

0,00

Cruithneacht chrua

1,00

0,00

Seagal

11,05

0,00

Eorna

-

-

Arbhar Indiach

-

-

Plúr cruithneachta boige

28,15

0,00

Púdar bainne

154,00

0,00

Púdar bainne bhearrtha

52,65

0,00

Im

423,50

0,00

Siúcra bán

-

-

Uibheacha

30,95

0,00

Prátaí úra

18,55

0,00

Saill phlandúil

138,55

0,00 ’.