29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 164/63


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 326/2022

an 9 Nollaig 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1268]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1011 ón gCoimisiún an 10 Márta 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an chaoi a gcinnfear na neamhchosaintí indíreacha ar chliant ó dhíorthacha agus ó chonarthaí díorthach creidmheasa i gcás nach ndearnadh an conradh go díreach leis an gcliant ach gur eisigh an cliant sin an ionstraim fholuiteach fiachais nó chothromais (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 14azzd (Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/676 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘14azze.

32022 R 1011: Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1011 ón gCoimisiún an 10 Márta 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an chaoi a gcinnfear na neamhchosaintí indíreacha ar chliant ó dhíorthacha agus ó chonarthaí díorthach creidmheasa i gcás nach ndearnadh an conradh go díreach leis an gcliant ach gur eisigh an cliant sin an ionstraim fholuiteach fiachais nó chothromais (IO L 170, 28.6.2022, lch. 22).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1011 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 10 Nollaig 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Nollaig 2022.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Kristján Andri STEFÁNSSON


(1)   IO L 170, 28.6.2022, lch. 22.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.