29.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 164/57 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 322/2022
an 9 Nollaig 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn VII (Aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1264]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cinneadh Tarmligthe (AE) 2021/2183 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cruthúnas ar cháilíochtaí foirmiúla agus teidil cúrsaí oiliúna (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn VII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1 (Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘- |
32021 D 2183: Cinneadh Tarmligthe (AE) 2021/2183 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2021 (IO L 444, 10.12.2021, lch. 16).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Tarmligthe (AE) 2021/2183 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 10 Nollaig 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Nollaig 2022.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Kristján Andri STEFÁNSSON
(1) IO L 444, 10.12.2021, lch. 16.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.