|
29.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 164/48 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 316/2022
an 9 Nollaig 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1258]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/677 ón gCoimisiún an 31 Márta 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an ngluais d’ainmneacha coitianta na gcomhábhar atá le húsáid i lipéadú táirgí cosmaideacha (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/677 aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/701 ón gCoimisiún (2), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirfear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 13a (Cinneadh (AE) 2019/701 ón gCoimisiún) de Chaibidil XVI d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘ 32022 D 0677: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/677 ón gCoimisiún an 31 Márta 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an ngluais d’ainmneacha coitianta na gcomhábhar atá le húsáid i lipéadú táirgí cosmaideacha (IO L 127, 29.4.2022, lch. 1).’
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/677 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 10 Nollaig 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Nollaig 2022.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Kristján Andri STEFÁNSSON
(1) IO L 127, 29.4.2022, lch. 1.
(2) IO L 121, 8.5.2019, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.