29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 164/39


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 312/2022

an 9 Nollaig 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1254]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2049 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2021 lena ndéantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach cipirmeitrin a athnuachan, mar shubstaint atá le hionadú, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2068 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beanflurailin, démhocsastróibin, fluasanam, flutolainil, meiceapróp-P, meipiocuat, meitiream, ocsaimil agus pireaclóstróibin (2), tá sé le hionchorprú i gcomhaontú LEE.

(3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2081 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2021 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí iondocsacarb, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/4 ón gCoimisiún an 4 Eanáir 2022 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach tréithchineál PL11 Purpureocillium lilacinum mar shubstaint a mbaineann riosca íseal léi i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/19 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2022 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí Purpureocillium lilacinum tréithchineál 251 a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(6)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/43 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2022 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí flumocsaisin a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(7)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/159 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2022 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach ísealriosca tréithchineál IT-45 Bacillus amyloliquefaciens i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (7), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 13a (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún):

‘–

32021 R 2049: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2049 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2021 (IO L 420, 25.11.2021, lch. 6),

32021 R 2068: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2068 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 (IO L 421, 26.11.2021, lch. 25),

32021 R 2081: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2081 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2021 (IO L 426, 29.11.2021, lch. 28),

32022 R 0004: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/4 ón gCoimisiún an 4 Eanáir 2022 (IO L 1, 5.1.2022, lch. 5),

32022 R 0019: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/19 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2022 (IO L 5, 10.1.2022, lch. 9),

32022 R 0043: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/43 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2022 (IO L 9, 14.1.2022, lch. 7),

32022 R 0159: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/159 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2022 (IO L 26, 7.2.2022, lch. 7).’

2.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas i bpointe 13zzzzt (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 ón gCoimisiún):

‘-

32022 R 0043: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/43 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2022 (IO L 9, 14.1.2022, lch. 7).’

3.

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 13zzzzzzzzzzzzf (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1451 ón gCoimisiún):

‘13zzzzzzzzzzzzg.

32021 R 2049: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2049 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2021 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí cipirmeitrin mar shubstaint atá le hionadú a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 420, 25.11.2021, lch. 6).

13zzzzzzzzzzzzh.

32021 R 2081: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2081 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2021 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí iondocsacarb, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 426, 29.11.2021, lch. 28).

13zzzzzzzzzzzzi.

32022 R 0004: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/4 ón gCoimisiún an 4 Eanáir 2022 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach tréithchineál PL11 Purpureocillium lilacinum mar shubstaint a mbaineann riosca íseal léi i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 1, 5.1.2022, lch. 5).

13zzzzzzzzzzzzj.

32022 R 0019: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/19 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2022 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí Purpureocillium lilacinum tréithchineál 251 a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 5, 10.1.2022, lch. 9).

13zzzzzzzzzzzzk.

32022 R 0043: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/43 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2022 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí flumocsaisin a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 (IO L 9, 14.1.2022, lch. 7).

13zzzzzzzzzzzzl.

32022 R 0159: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/159 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2022 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach ísealriosca Bacillus amyloliquefaciens tréithchineál IT-45 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 26, 7.2.2022, lch. 7).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2049, (AE) 2021/2068, (AE) 2021/2081, (AE) 2022/4, (AE) 2022/19, (AE) 2022/43 agus (AE) 2022/159 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 10 Nollaig 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Nollaig 2022.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Kristján Andri STEFÁNSSON


(1)   IO L 420, 25.11.2021, lch. 6.

(2)   IO L 421, 26.11.2021, lch. 25.

(3)   IO L 426, 29.11.2021, lch. 28.

(4)   IO L 1, 5.1.2022, lch. 5.

(5)   IO L 5, 10.1.2022, lch. 9.

(6)   IO L 9, 14.1.2022, lch. 7.

(7)   IO L 26, 7.2.2022, lch. 7.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.