12.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 151/33


CINNEADH Uimh 1/2023 ÓN gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH AGUS STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ

an 26 Bealtaine 2023

maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe comhréireachta le haghaidh trealamh muirí lena leasaítear Iarscríbhinní I, II agus III [2023/1146]

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe comhréireachta le haghaidh trealamh muirí, agus go háirithe Airteagal 7 de;

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 7(3)(d) den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe comhréireachta le haghaidh trealamh muirí (“an Comhaontú”), féadfaidh an Comhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 7(1) den Chomhaontú na hIarscríbhinní a ghabhann leis a leasú.

(2)

Chun tacú le cur chun feidhme cuí na reachtaíochta atá laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe, tá sé tábhachtach léirmhínithe a d’fhorbair grúpa comhordúcháin na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra a bunaíodh faoi Threoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) chomh maith le treoraíocht bheartais arna n-eisiúint ag Garda Cósta na Stát Aontaithe a chur san áireamh ar liosta na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin a liostaítear in Iarscríbhinn I.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú a leasú dá réir sin.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 7(3)(a) den Chomhaontú, tá an Comhchoiste freagrach as an liosta in Iarscríbhinn II de tháirgí agus de na forálacha gaolmhara reachtacha, rialála agus riaracháin a chinn na Páirtithe a bheith coibhéiseach a fhorbairt agus a choinneáil ar bun.

(5)

Agus dul chun cinn teicniúil agus athruithe ar na hionstraimí idirnáisiúnta á gcur san áireamh, tháinig an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar chomhaontú maidir leis an gcumhdach táirgí le haghaidh aitheantas frithpháirteach a mhodhnú.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú a leasú dá réir sin.

(7)

Ba cheart liosta na n-údarás rialála agus a seoltaí a thabhairt cothrom le dáta agus ba cheart údarás rialála na Ríochta Aontaithe a bhaint.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS A CINNEADH MAR A LEANAS:

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann leis an gComhaontú.

Ionadaithe an Chomhchoiste atá údaraithe le gníomhú thar ceann na bPáirtithe chun an Comhaontú a leasú, déanfaidh siad an Cinneadh seo, arna dhéanamh i ndúblach, a shíniú. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón dáta is déanaí de na sínithe sin.

Thar ceann Stáit Aontaithe Mheiriceá

Sushan DEMIRJIAN

Arna shíniú sa Bhruiséil, an 26 Bealtaine 2023

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Lucian CERNAT

Arna shíniú sa Bhruiséil, an 26 Bealtaine 2023


(1)   IO L 257, 28.8.2014, lch. 146.


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN I

DLÍTHE, RIALACHÁIN AGUS FORÁLACHA RIARACHÁIN

Dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin an Aontais:

Treoir 2014/90/AE (dá ngairtear “MED” anseo feasta) agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 35(2) agus (3) den Treoir sin, a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus a chuirtear ar fáil ar https://portal.med.emsa.europa.eu/.

Treoirlínte maidir le cur chun feidhme na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a thagann faoi MED, agus maidir lena gcur chun feidhme go háirithe, soláthraítear iad sna háiteanna seo:

“Treoirleabhar Gorm” 2022 um chur chun feidhme rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le táirgí; agus

Léirmhínithe arna bhforbairt ag grúpa comhordúcháin na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra a bunaíodh faoi Threoir 2014/90/AE (MarED), arna bhformheas ag an gCoiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ón gComhairle (COSS) agus a chuirtear ar fáil don phobal ar https://portal.med.emsa.europa.eu/.

Dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na Stát Aontaithe:

Soláthraíonn Cód na Stát Aontaithe, Teideal 46 (46 U.S.C. 3306), údarás reachtúil do Gharda Cósta na Stát Aontaithe (trí tharmligean ag Rúnaí na Roinne Slándála Dúiche) rialacháin a eisiúint maidir le trealamh muirí a cheadú.

Cód Rialachán Cónaidhme na Stát Aontaithe

Teideal 46, Fochuid 2.75 agus Cuid 159, a bhaineann leis na húdaráis agus na nósanna imeachta maidir le trealamh muirí a fhormheas ag Garda Cósta na Stát Aontaithe;

Teideal 46, Codanna 160 go 164, maidir le trealamh tarrthála, trealamh leictreach, córais innealtóireachta;

Teideal 47, Cuid 80 maidir le trealamh raidió. Tá trealamh a bhfuil tarchuradóir raidió mar chuid de rialaithe ag Coimisiún Cumarsáide Cónaidhme na Stát Aontaithe (FCC) agus éilítear deimhniú cineáil FCC ina leith sula bhféadfar trealamh den sórt sin a chur ar an margadh, a dhíol nó a úsáid sna Stáit Aontaithe. Sainaithnítear na hearraí sin le ‡ in Iarscríbhinn II.

Treoraíocht bheartais arna n-eisiúint ag Garda Cósta na Stát Aontaithe

Ciorclán Loingseoireachta agus Cigireachta Soithí (NVIC) 02-19 a bhaineann le formheasanna arna n-eisiúint ag Garda Cósta na Stát Aontaithe faoin CAFP;

NVIC 08-01, maidir le trealamh loingseoireachta a fhormheas;

Treoraíocht bhreise a phostáiltear ar: https://www.dco.uscg.mil/CG-ENG-4/Equipment/.

‘IARSCRÍBHINN II

CUMHDACH TÁIRGÍ LE HAGHAIDH AITHEANTAS FRITHPHÁIRTEACH

Fearais tarrthála

Sainaithint earra an táirge

Uimhir earra AE

Uimhir earra SAM

Soilse a léiríonn suíomh le haghaidh fearais tarrthála:

d’árthaí marthanais agus báid tarrthála

MED/1.2a

161.101

Soilse a léiríonn suíomh le haghaidh fearais tarrthála:

do bhaoithe tarrthála

MED/1.2b

161.110

Soilse a léiríonn suíomh le haghaidh fearais tarrthála:

do sheaicéid tarrthála

MED/1.2c

161.112

Comharthaí deataigh féinghníomhachtúcháin baoithe tarrthála

Nóta: Ní bheidh an dáta éagtha níos déanaí ná 48 mí i ndiaidh mhí na monaraíochta.

MED/1.3

160.157

Bladhmanna paraisiúit roicéid (piriteicnic)

Nóta: Ní bheidh an dáta éagtha níos déanaí ná 48 mí i ndiaidh mhí na monaraíochta.

MED/1.8

160.136

Bladhmanna láimhe (piriteicnic)

Nóta: Ní bheidh an dáta éagtha níos déanaí ná 48 mí i ndiaidh mhí na monaraíochta.

MED/1.9

160.121

Comharthaí deataigh buacacha (piriteicnic)

Nóta: Ní bheidh an dáta éagtha níos déanaí ná 48 mí i ndiaidh mhí na monaraíochta.

MED/1.10

160.122

Fearais caite líne

Nóta: Ní bheidh an dáta éagtha níos déanaí ná 48 mí i ndiaidh mhí na monaraíochta.

MED/1.11

160.040

Raftaí tarrthála righne

Nóta: Ní chumhdaíonn an Comhaontú an pacáiste éigeandála

MED/1.13

160.118

Raftaí tarrthála uath-fhéincheartaithe (raftaí tarrthála righne amháin/ní chumhdaítear raftaí tarrthála inséidte)

Nóta: Ní chumhdaíonn an Comhaontú an pacáiste éigeandála

MED/1.14b

160.118

Raftaí tarrthála iniompaithe a bhfuil téastar orthu (raftaí tarrthála righne amháin/ní chumhdaítear raftaí tarrthála inséidte)

Nóta: Ní chumhdaíonn an Comhaontú an pacáiste éigeandála

MED/1.15

160.118

Cóirithe dobháite le haghaidh raftaí tarrthála (aonaid scaoilte hidreastatacha)

MED/1.16

160.162

Sásra scaoilte le haghaidh:

Báid tarrthála agus báid sábhála

(a lainseáiltear trí bhíthin titime)

Teoranta do chrúca scaoilte uathoibríoch rafta tarrthála a lainseáiltear le croch

MED/1.26a

160.170

Sásra scaoilte le haghaidh:

Raftaí tarrthála (a lainseáiltear trí bhíthin titime)

Teoranta do chrúca scaoilte uathoibríoch rafta tarrthála a lainseáiltear le croch

MED/1.26b

160.170

Córais aslonnaithe muirí

MED/1.27

160.175

Dréimirí bordála

MED/1.29

160.117

Ábhair ais-fhrithchaiteacha

MED/1.30

164.018


Cosaint ar dhóiteáin

Sainaithint earra an táirge

Uimhir earra AE

Uimhir earra SAM

Clúdaigh príomhbhoird

MED/3.1

164.106

Sláine dóiteáin Rannáin aicme “A” agus “B:

Rannáin aicme “A”: Cóimeálacha deice A-60

MED/3.11a

164.105

Sláine dóiteáin Rannáin aicme “A” agus “B:

Rannáin aicme “A”: Insliú struchtúrtha A-60

MED/3.11a

164.107

Sláine dóiteáin Rannáin aicme “A” agus “B:

Rannáin aicme “B”: - bulcaidí.

MED/3.11b

164.108

Sláine dóiteáin Rannáin aicme “A” agus “B:

Rannáin aicme “B”: - síleálacha.

MED/3.11b

164.110

Ábhair neamhdhócháin

MED/3.13

164.109

Doirse dóiteáin

Teoranta do dhoirse dóiteáin gan fuinneoga nó nach bhfuil achar iomlán na fuinneoige iontu níos mó ná 645 cm2 i ngach duilleog dorais, ach amháin má dhéantar tástálacha srutha píobáin, teasfhlosca, agus/nó ardaithe teochta de réir treoraíocht formheasa Garda Chósta na Stáit Aontaithe.

Tá an ceadú teoranta do mhéid uasta an dorais a thástáiltear.

Ní mór doirse a úsáid le dearadh fráma a ndearnadh tástáil dóiteáin air.

MED/3.16

164.136

Comhpháirteanna córas rialála doirse dóiteáin.

MED/3.17

164.146

Ábhair dromchla agus clúdaigh don urlár a bhfuil saintréithe leata lasrach ísil ag baint leo:

veinírí maisiúcháin.

MED/3.18a

164.112

Ábhair dromchla agus clúdaigh don urlár a bhfuil saintréithe leata lasrach ísil ag baint leo:

córais phéinteála.

MED/3.18b

164.112

Ábhair dromchla agus clúdaigh don urlár a bhfuil saintréithe leata lasrach ísil ag baint leo:

clúdaigh urláir.

MED/3.18c

164.117

Ábhair dromchla agus clúdaigh don urlár a bhfuil saintréithe leata lasrach ísil ag baint leo:

scannán duchtanna indóite.

MED/3.18f

164.112

Éadaitheoireachtaí, cuirtíní agus ábhair agus scannáin teicstíle chrochta eile

MED/3.19

164.111

Troscán cumhdaithe:

Ábhar clúdaigh le haghaidh ábhar líonta lasairmhoillitheach

MED/3.20b

164.144

Troscán cumhdaithe:

Ábhar clúdaigh le haghaidh ábhar líonta lasairmhoillitheach

(arna thástáil i gcomhcheangal sonrach mar atá beartaithe don úsáid níos déanaí).

MED/3.20c

164.144

Comhpháirteanna leapa

MED/3.21

164.142

Maolairí dóiteáin

MED/3.22

164.139

Treánna trí aicme “A”:

tarphíobáin leictreacha.

MED/3.26a

164.138

Treánna trí aicme “A”:

treánna píopaí, duchtanna, truncaí etc.

MED/3.26b

164.138

Ábhair dhódhíonacha (seachas troscán) le haghaidh árthaí ardluais

MED/3.32

164.201

Ábhair dhódhíonacha do throscán le haghaidh árthaí ardluais

MED/3.33

164.201

Rannáin dhó-obacha le haghaidh árthaí ardluais

MED/3.34

164.207

Rannáin aicme “C”

MED/3.64

164.109


Trealamh loingseoireachta

Sainaithint earra an táirge

Uimhir earra AE

Uimhir earra SAM

Compás maighnéadach

Aicme A le haghaidh long

MED/4.1

165.101

Treoghléas tarchuir THD (modh maighnéadach)

MED/4.2

165.102

Trealamh sondála fuaime

MED/4.6

165.107

Trealamh tomhais luais agus faid (SDME)

MED/4.7

165.105

Táscaire ráta iompaithe

MED/4.9

165.106

Córas rialaithe treo-chinn (HCS)

MED/4.16

165.110

Táscaire Uillinne Stiúrach

MED/4.20

165.167

Táscaire imrothlaithe liáin

MED/4.21

165.168

Táscaire Airde

MED/4.22

165.169

Taifeadán sonraí turais (VDR)

MED/4.29

165.150

Córas taispeána cairteacha leictreonacha agus faisnéise (ECDIS) agus cúltaca leis, agus córas taispeána cairteacha rastair (RCDS)

MED/4.30

165.123

165.124

Trealamh an chórais sainaitheanta uathoibríoch (AIS) uilíoch

MED/4.32

165.155

Córas rialaithe rianaithe

(ag obair ag luas an árthaigh ó íosluas ainlithe suas le 30 muirmhíle san uair)

MED/4.33

165.112

Frithchaiteoir radair – cineál éighníomhach

MED/4.39

165.160

Córas rialaithe treo-chinn le haghaidh árthaí ardluais

MED/4.40

165.210

Treoghléas tarchuir THD (modh GNSS)

MED/4.41

165.102

Solas cuardaigh le haghaidh árthaí ardluais

MED/4.42

165.252

Trealamh oíche le haghaidh árthaí ardluais

MED/4.43

165.251

Treoghléas tarchuir THD (modh gíreascópach)

MED/4.46

165.102

Taifeadán sonraí turais simplithe (S-VDR)

MED/4.47

165.151

Dréimire píolóta

MED/4.49

163.003

Lampa comharthaithe sholas an lae

MED/4.52

165.166

Córas Aláraim Faire Droichid Loingseoireachta (BNWAS)

MED/4.57

165.142

Córas glactha sondála

MED/4.58

165.165

Córas loingseoireachta comhtháite

MED/4.59

165.141

Trealamh GPS

MED/4.63

165.130

Trealamh GLONASS

MED/4.63

165.131

Trealamh DGPS

MED/4.63

165.132

Trealamh DGLONASS

MED/4.63

165.133

Trealamh radair CAT 1

(Ní mór deimhniúcháin AE agus SAM ar leithligh a bheith ag an trealamh radair a úsáidtear le ARPA)

MED/4.64

165.115

Trealamh radair CAT 2

(Ní mór deimhniúcháin AE agus SAM ar leithligh a bheith ag an trealamh radair a úsáidtear le ATA)

MED/4.64

165.116

Trealamh radair CAT 3

(Ní mór deimhniúcháin AE agus SAM ar leithligh a bheith ag an trealamh radair a úsáidtear le EPA)

MED/4.64

165.117

Trealamh radair le haghaidh feidhmiúchán árthaí ardluais (CAT 1H)

MED/4.64

165.216

Trealamh radair le haghaidh feidhmiúchán árthaí ardluais (CAT 2H)

MED/4.64

165.217

Gíreachompás

MED/4.65

165.103

Gíreachompás le haghaidh árthaí ardluais

MED/4.65

165.203

‘IARSCRÍBHINN III

ÚDARÁIS RIALÁLA

AN tAONTAS EORPACH

An Bheilg

SPF Mobilité

Rue du Progrès 56

1210 Bruxelles

FOD Mobiliteit

Vooruitgangstraat 56

1210 Brussel

An Bhulgáir

Министерство на транспорта, информационните технологии и съобщенията

ул. "Дякон Игнатий" № 9

София 1000,

Ministry of Transport, Information Technology and Communications

9, Dyakon Ignatiy str.

Sofia 1000

Poblacht na Seice

Ministerstvo dopravy (an Aireacht Iompair)

P.O. Box 9

Nábřeží Ludvíka Svobody 12

110 15 Praha 1

An Danmhairg

Erhvervsministeriet

(an Aireacht Tionsclaíochta, Gnó agus Gnóthaí Airgeadais)

Slotsholmsgade 10-12

DK-1216 Copenhagen K

An Ghearmáin

Bundesministerium für Verkehr und digitale Infrastruktur (an Aireacht um Bhonneagar Iompair agus Digiteach)

Invalidenstr. 44,

10115 Berlin

An Eastóin

Majandus- ja Kommunikat- siooniministeerium (an Aireacht Gnóthaí Eacnamaíocha agus Bonneagair)

Suur- Ameerika 1

10122 Tallinn

Éire

Department of Transport

Leeson Lane

Dublin D02 TR60

An Roinn Iompair

Lána Líosáin

Baile Átha Cliath D02 TR60

An Ghréig

Υπουργείο Ναυτιλίας & Νησιωτικής Πολιτικής

Ακτή Βασιλειάδη, Πύλη Ε 1 - Ε 2,

Τ.Κ. 185 10, Πειραιάς

Ministry of Shipping and Island Policy

Akti Vassiliadi, Gates E1- E2

18510 Piraeus

An Spáinn

Ministerio de Fomento (an Aireacht Oibreacha Poiblí)

Paseo de la Castellana, 67

28071 Madrid

An Fhrainc

Ministère de la transition écologique et solidaire

246, Boulevard St. Germain

75007 Paris

An Chróit

Ministarstvo mora, prometa i infrastructure (an Aireacht Gnóthaí Mara, Iompair agus Bonneagair)

Prisavlje 14,

10 000 Zagreb

An Iodáil

Ministero delle Infrastrutture e dei Trasporti (an Aireacht Bonneagair agus Iompair)

Piazzale di Porta Pia 1

00198 Roma

An Chipir

Υπουργείο Μεταφορών, Επικοινωνιών και Έργω

Αχαιών 28,

1424 Λευκωσία

Ministry of Transport, Communications and Works

Axaion 28

1424 Nicosia

An Laitvia

Satiksmes ministrija (an Aireacht Iompair agus Cumarsáide)

Gogola iela 3,

Riga 1743

An Liotuáin

Susisiekimo ministeriją (an Aireacht Iompair agus Cumarsáide)

Gedimino av. 17

01505 Vilnius

Lucsamburg

Ministère du Développement durable et des Infrastructures

4, Place de l'Europe

1499 Luxembourg

An Ungáir

Nemzeti Fejlesztési Minisztérium (an Aireacht um Fhorbairt Náisiúnta)

Fő u. 44- 50.

1011 Budapest

Málta

Ministeru għat- Trasport, Infrastruttura u Proġetti Kapitali/ an Aireacht Iompair, Bonneagair agus Tionscadal Caipitil

Triq Francesco Buonamici

Floriana FRN1700

An Ísiltír

Ministerie van Infrastructuur en Waterstaat

(an Aireacht Bonneagair agus Bainistíochta Uisce)

Rijnstraat 8, 2515 XP ‘s Gravenhage

Postbus 20901

2500 EX's Gravenhage

An Ostair

Bundesministerium für Verkehr, Innovation und Technologie (an Aireacht Iompair, Nuálaíochta agus Teicneolaíochta)

Radetzkystraße 2

1030 Wien

An Pholainn

Ministerstwo Infrastruktury (an Aireacht Bonneagair agus Tógála)

ul. Chałubińskiego 4/6

00 928 Warszawa

An Phortaingéil

Direção-Geral de Recursos Naturais, Segurança e Serviços Marítimos (an Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Nádúrtha, Sábháilteacht agus Seirbhísí Muirí)

Av. Brasília

1449- 030 Lisboa

An Rómáin

Ministerul Transporturilor (an Aireacht Iompair)

38, Blvd. Dinicu Golescu

Sector 1 – Bucureşti

An tSlóivéin

Ministrstvo za infrastrukturo (an Aireacht Bonneagair)

Langusova 4

SI –1535 Ljubjana

An tSlóvaic

Ministerstvo dopravy a výstavby (an Aireacht Iompair agus Tógála)

Namestie slobody 6

810 05 Bratislava

An Fhionlainn

Liikenne- ja viestintäministeriö (an Aireacht Iompair agus Cumarsáide)

Eteläesplanadi 16, Helsinki

P.O. Box 31

00023 Government

Kommunikationsministeriet (an Aireacht Iompair agus Cumarsáide)

Södra esplanaden 16, Helsingfors

PB 31,

00023 Statsrådet

An tSualainn

Närings-departementet (an Aireacht Fiontair agus Nuálaíochta)

Mäster Samuelsgatan 70, Stockholm

103 33 Stockholm

 

 

An Coimisiún Eorpach

Directorate General Mobility and Transport (DG MOVE)

Maritime Safety Unit

Rue de la Loi 200

1049 Brussels, Belgium

STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ

United States Coast Guard

Office of Design and Engineering Standards (CG- ENG)

2703 Martin Luther King Jr Ave SE

STOP 7509

Washington DC 20593-7509