|
8.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 123/38 |
CINNEADH Uimh. 1/2023 ÓN gCOISTE COMHLACHAIS IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN ÚCRÁIN I gCUMRAÍOCHT TRÁDÁLA
an 24 Aibreán 2023
lena modhnaítear Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile [2023/930]
TÁ AN COISTE COMHLACHAIS I gCUMRAÍOCHT TRÁDÁLA (dá ngairtear an “Coiste Trádála” anseo feasta),
Ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 465(3) de agus Airteagal 11 d’Iarscríbhinn XVII de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thánig an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (“an Comhaontú”) i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017. |
|
(2) |
Le hAirteagal 1(2), pointe (d), den Chomhaontú foráiltear gurb é is aidhm don Chomhaontú, inter alia, tacú le hiarrachtaí na hÚcráine an t-aistriú go geilleagar margaidh feidhmiúil a thabhairt chun críche trí bhíthin, inter alia, a reachtaíocht a chomhfhogasú de réir a chéile do reachtaíocht an Aontais. |
|
(3) |
In Airteagal 124 den Chomhaontú, aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé reachtaíocht na hÚcráine atá ann cheana a chomhfhogasú do reachtaíocht an Aontais in earnáil na seirbhísí teileachumarsáide. Tá gealltanas tugtha ag an Úcráin go n-áiritheoidh sí go ndéanfar na dlíthe atá aici faoi láthair agus an reachtaíocht a bheidh aici amach anseo a chomhoiriúnú le acquis an Aontais de réir a chéile. Foráiltear leis an gcomhfhogasú sin go leathnófar de réir a chéile gníomhaíochtaí uile acquis an Aontais dá dtagraítear i bhFoscríbhinní XVII-2 go XVII-5 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú agus ba cheart, a luaithe agus a chomhlíonfar na coinníollacha ina leith, go ndéanfaí an Úcráin a chomhtháthú de réir a chéile i margadh inmheánach an Aontais, go háirithe trí chóir margaidh inmheánaigh a dheonú go cómhalartach i gcomhréir le hAirteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(4) |
D’iarr an Úcráin tuilleadh comhtháthaithe maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas, go háirithe trí chóir margaidh inmheánaigh chun críche fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. |
|
(5) |
Is cuid d’acquis teileachumarsáide an Aontais iad na rialacha maidir le fánaíocht, ach níor áiríodh iad i bhFoscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. Dá bhrí sin, ba cheart Foscríbhinn XVII-3 a chomhlánú le gníomhartha ábhartha an Aontais a bhaineann le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. |
|
(6) |
Ag an gcéim reatha d’fhorbairt eacnamaíoch agus dhlíthiúil mhargadh inmheánach an Aontais a bhaineann le seirbhísí teileachumarsáide, is iad seo a leanas gníomhartha ábhartha an Aontais a bhaineann le fánaíocht: Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún (3), agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún (4). |
|
(7) |
Tá Treoir (AE) 2018/1972 san áireamh cheana féin i bhFoscríbhinn XVII-3 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. Is gá na gníomhartha eile is ábhartha maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste a áireamh san Fhoscríbhinn sin chun go bhféadfar an Úcráin a aistriú de réir a chéile chuig achtú iomlán agus chuig cur chun feidhme iomlán na bhforálacha uile is infheidhme maidir le hearnáil na teileachumarsáide, go háirithe na forálacha maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. |
|
(8) |
Measúnú dearfach ar reachtaíocht na hÚcráine, ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú na reachtaíochta sin, arna ndéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, is réamhchoinníoll riachtanach é sin le haghaidh aon chinneadh ón gCoiste Trádála i dtaca le cóir margaidh inmheánaigh a dheonú de bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII i ndáil le hearnáil ar leith. I gcomhthéacs acquis an Aontais maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, maidir leis an gceanglas i dtaca le hachtachán iomlán agus cur chun feidhme iomlán a bhaint amach sula nglacfar an cinneadh maidir le cóir margaidh inmheánaigh faoi Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII, níor cheart a thuiscint gurb é atá i gceist leis an gceanglas sin go gcuirfí teorainneacha coimirce i bhfeidhm idir na Páirtithe sa Chomhaontú maidir le meánmhuirir mhórdhíola chun seirbhísí rialáilte a sholáthar a bhaineann le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. Is amhlaidh atá maidir leis na huasrátaí foirceanta rialáilte do ghuthghlaonna i dtaca leis an tseirbhís chun glao a fhoirceannadh le húsáideoir deiridh ar a líonra. Deonófar iad sin go cómhalartach idir Páirtithe sa Chomhaontú amhail ón dáta a shonrófar i gcinneadh a dhéanfaidh an Coiste Trádála faoi dheireadh chun cóir margaidh inmheánaigh a dheonú le haghaidh fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste de bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII. |
|
(9) |
Chun an Úcráin a chomhtháthú de réir a chéile i margadh inmheánach an Aontais, go háirithe maidir le seirbhísí teileachumarsáide, beidh gá, inter alia, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 a chur chun feidhme go huile agus go hiomlán, i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin sin. Faoi láthair, níl an Úcráin in ann na huasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais a thrasuí agus a chur chun feidhme go hiomlán chun críche seirbhísí foirceanta náisiúnta san Úcráin. Maidir le cur chun feidhme na n-uasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais freisin chun críche seirbhísí foirceanta náisiúnta guthghlaonna san Úcráin, níl sé fíor-riachtanach, áfach, chun tuilleadh comhtháthaithe a dhéanamh i ndáil le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste. Dá bhrí sin, déantar foráil maidir le hamlíne dhifriúil don chur chun feidhme i dtaca leis an ngné sin de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654, rialachán a ngeallann an Úcráin ina leith go gcuirfidh sí chun feidhme go hiomlán laistigh de thrí bliana ó chinneadh a dhéanfaidh an Coiste Trádála faoi dheireadh maidir le cóir margaidh inmheánaigh a dheonú le haghaidh fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste de bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(10) |
Tá feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 freisin faoi choinníollacha áirithe maidir le glaonna a thionscnaítear ó uimhreacha tríú tír, agus é mar aidhm na huasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna a chur i bhfeidhm ar bhealach oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, agus eisiamh glaonna a thionscnaítear ó uimhreacha tríú tír a theorannú don mhéid atá fíor-riachtanach chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí margaidh inmheánaigh agus chun comhréireacht a áirithiú. Faoi láthair, níl an Úcráin in ann na huasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais a thrasuí agus a chur chun feidhme go hiomlán chun críche glaonna de thionscnamh uimhreacha tríú tír. Maidir le cur chun feidhme na n-uasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais freisin chun críoch foirceanta ó uimhreacha tríú tír, cé nach bhfuil sé fíor-riachtanach chun tuilleadh comhtháthaithe a dhéanamh i ndáil le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, bheadh gá le hachtachán iomlán agus le cur chun feidhme iomlán Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ag an Úcráin chun ailíniú leis na rialacha is infheidhme i margadh inmheánach an Aontais do sheirbhísí teileachumarsáide a áirithiú. Dá bhrí sin, déantar foráil maidir le hamlíne dhifriúil don chur chun feidhme i dtaca leis an ngné sin de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654, rialachán a ngeallann an Úcráin ina leith go gcuirfidh sí chun feidhme go hiomlán roimh aon chinneadh a dhéanfaidh an Coiste Trádála faoi dheireadh maidir le cóir margaidh inmheánaigh a dheonú le haghaidh sheirbhísí teileachumarsáide de bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(11) |
Le hAirteagal 1(4) de Rialachán (AE) 2022/612 agus Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654, déantar tagairt do rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní fhoilsíonn an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte do hryvnia na hÚcráine faoi láthair. Dá bhrí sin, tá gá le hoiriúnú i ndáil leis na forálacha sin chun foráil a dhéanamh maidir le húsáid na rátaí malairte idir an euro agus hryvnia na hÚcráine arna bhfoilsiú ag Banc Náisiúnta na hÚcráine fad is nach bhfoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte do hryvnia na hÚcráine. |
|
(12) |
Le hAirteagal 11 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, tugtar de chumhacht don Choiste Trádála na ceithre ghníomh eile de chuid an Aontais a chur le hIarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú trí mhodhnú a dhéanamh air. |
|
(13) |
A luaithe a mheasfaidh an Úcráin go ndearnadh gníomh dlí áirithe de chuid an Aontais a achtú agus a chur chun feidhme i gceart, déanfaidh an Úcráin na táblaí trasuímh ábhartha, mar aon le haistriúchán oifigiúil Béarla ar ghníomh dlí chur chun feidhme na hÚcráine, a chur faoi bhráid chomhrúnaí an Aontais ar an gCoiste Trádála chun go bhféadfaidh an Coimisiún Eorpach dul ar aghaidh leis an measúnú cuimsitheach dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn XVII-6 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(14) |
I bhfianaise cogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, d’fhéadfadh cur chun feidhme na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Chinneadh seo a bheith dodhéanta go hoibiachtúil nó thar a bheith deacair le baint amach laistigh de na hamlínte a chuirtear ar fáil. Sa chás sin, ba cheart don Úcráin an t-ábhar a chur faoi bhráid an Choiste Trádála i gcomhréir le hAirteagal 11 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, a dhéanfaidh an tsaincheist a mheas i gcomhréir le hAirteagail 3(4) agus (5) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déantar leis seo Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tá an Cinneadh seo leagtha síos sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Úcráinis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Aibreán 2023
Thar ceann an Choiste Comhlachais i gcumraíocht Trádála
An Cathaoirleach
Léon DELVAUX
Na Rúnaithe
Rikke MENGEL-JØRGENSEN
Oleksandra NECHYPORENKO
(1) Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36.)
(2) Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 115, 13.4.2022, lch. 1.)
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2016 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an bheartais maidir le húsáid chóir agus maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar a inbhuanaithe agus atá sé deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola agus maidir leis an iarratas a bheidh le cur isteach ag soláthraí seirbhísí fánaíochta chun críocha an mheasúnaithe sin (IO L 344, 17.12.2016, lch. 46.)
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta a leagan síos (IO L 137, 22.4.2021, lch. 1.)
IARSCRÍBHINN
Déanfar Foscríbhinn XVII-3 (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) a mhodhnú tríd an méid seo a leanas a chur isteach faoi roinn “A. Beartas foriomlán Eorpach um chumarsáid leictreonach” agus i ndiaidh na hítime a bhaineann le “Treoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le bearta chun an costas a bhaineann le cur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a a laghdú”:
“Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (athmhúnlú)
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, léifear forálacha an Rialacháin in éineacht leis an oiriúnú a leanas: In Airteagal 1(4) déantar tagairt do rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Fad is nach bhfoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte do hryvnia na hÚcráine, úsáidfear rátaí malairte idir an euro agus hryvnia na hÚcráine arna bhfoilsiú ag Banc Náisiúnta na hÚcráine chun críocha Airteagal 1(4) a chur i bhfeidhm. Fágfar na tréimhsí tagartha agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 1(4) gan athrú.
|
— |
Na forálacha uile a chur chun feidhme cé is moite de na forálacha seo a leanas:
|
Tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán (AE) 2022/612 chun feidhme laistigh de 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh [1/2023].
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2016 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an bheartais maidir le húsáid chóir agus maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar a inbhuanaithe agus atá sé deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola agus maidir leis an iarratas a bheidh le cur isteach ag soláthraí seirbhísí fánaíochta chun críocha an mheasúnaithe sin
Tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh [1/2023].
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta a leagan síos
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, léifear forálacha an Rialacháin in éineacht leis na hoiriúnaithe seo a leanas: In Airteagal 3(2) agus Airteagal (3) déantar tagairt do rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Fad is nach bhfoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte do hryvnia na hÚcráine, úsáidfear rátaí malairte idir an euro agus hryvnia na hÚcráine arna bhfoilsiú ag Banc Náisiúnta na hÚcráine chun críocha Airteagal 3(2) agus Airteagal (3) a chur i bhfeidhm. Fágfar na tréimhsí tagartha agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(2) agus Airteagal (3) gan athrú.
Tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún chun feidhme roimh Rialachán (AE) 2022/612 agus laistigh de 11 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinnidh [1/2023], leis na heisceachtaí seo a leanas:
|
— |
Maidir le glaonna náisiúnta a thionscnaítear agus a fhoirceanntar ó uimhreacha na hÚcráine san Úcráin, beidh feidhm ag Airteagal 1(3) laistigh de 3 bliana ón dáta a shonraítear chinneadh a dhéanfaidh an Coiste Trádála faoi dheireadh chun cóir sa mhargadh inmheánach a dheonú le haghaidh fánaíocht a dhéanamh de bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII |
|
— |
Cuirfear Airteagal 1(4) chun feidhme sula ndéanfaidh an Coiste Trádála cinneadh faoi dheireadh chun cóir margaidh inmheánaigh a dheonú do sheirbhísí teileachumarsáide de bhun Airteagal 4(3) d’Iarscríbhinn XVII |
Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009.
|
— |
Beidh údarás rialála náisiúnta na hÚcráine ar a bhfuil an phríomhfhreagracht as maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na margaí ó lá go lá maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí rannpháirteach go hiomlán in obair Bhord Rialálaithe BEREC, mheithleacha BEREC agus Bhord Bainistíochta Oifig BEREC. Na cearta atá ag údaráis rialála náisiúnta Bhallstáit an Aontais agus na hoibleagáidí atá orthu, beidh na cearta sin ag údarás rialála náisiúnta na hÚcráine agus beidh na hoibleagáidí céanna air, cé is moite den cheart vótála agus an ceart chun Cathaoirleachta ar an mBord Rialálaithe agus ar an mBord Bainistíochta |
|
— |
Ina fhianaise sin, déanfar ionadaíocht ar údarás rialála náisiúnta na hÚcráine ar leibhéal iomchuí i gcomhréir le forálacha Rialachán BEREC. I gcomhréir le rialacha ábhartha rialachán an Aontais thuasluaite, tabharfaidh BEREC agus Oifig BEREC cúnamh, de réir mar a bheidh, d’údarás rialála náisiúnta na hÚcráine agus a chúramaí á gcomhlíonadh aige. |
|
— |
Tabharfaidh údarás rialála náisiúnta na hÚcráine lánaird ar aon treoirlíne, tuairim, moladh, comhsheasamh agus dea-chleachtais arna nglacadh ag BEREC d’fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach an chreata rialála do chumarsáid leictreonach a áirithiú. |
Tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán (AE) 2018/1971 chun feidhme laistigh de 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh [1/2023].”.