4.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 117/9 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE UIMH. 282/2022
an 28 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/878]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1302 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun teorainneacha suímh a chur i bhfeidhm maidir le díorthaigh tráchtearraí agus nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar dhíolmhú ó theorainneacha suímh (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1302 aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/591 ón gCoimisiún (2), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 31bazh (Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/591 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
“32022 R 1302: |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1302 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun teorainneacha suímh a chur i bhfeidhm maidir le díorthaigh tráchtearraí agus nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar dhíolmhú ó theorainneacha suímh (IO L 197, 26.7.2022, lch. 52).” |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1302 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 29 Deireadh Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 213/2022 ó Chomhchoiste LEE an 8 Iúil 2022 (3), cibé acu is déanaí.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Kristján Andri STEFÁNSSON
(1) IO L 197, 26.7.2022, lch. 52.
(2) IO L 87, 31.3.2017, lch. 479.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.