|
4.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 117/4 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 279/2022
an 28 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/875]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/986 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2022 gan N-(3-aimíneapróipil)-N-dóideicealprópán-1,3-dé-aimín a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1005 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2022 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe a mhéid a bhaineann leis na téarmaí agus coinníollacha i ndáil le húdarú na fine táirgí bithicídeacha Alphachloralose Grain arna dtarchur ag an bhFrainc agus ag an tSualainn i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1006 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2022 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe a mhéid a bhaineann leis na téarmaí agus coinníollacha i ndáil le húdarú na fine táirgí bithicídeacha Alphachloralose Pasta arna dtarchur ag an bhFrainc agus ag an tSualainn i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 12zzzzzzzv (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/146 ón gCoimisiún) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘12zzzzzzzw. |
32022 D 0986: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/986 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2022 gan N-(3-aimíneapróipil)-N-dóideicealprópán-1,3-dé-aimín a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (IO L 167, 24.6.2022, lch. 111). |
|
12zzzzzzzx. |
32022 D 1005: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1005 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2022 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe a mhéid a bhaineann leis na téarmaí agus coinníollacha i ndáil le húdarú na fine táirgí bithicídeacha Alphachloralose Grain arna dtarchur ag an bhFrainc agus ag an tSualainn i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 168, 27.6.2022, lch. 86). |
|
12zzzzzzzy. |
32022 D 1006: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1006 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2022 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe a mhéid a bhaineann leis na téarmaí agus coinníollacha i ndáil le húdarú na fine táirgí bithicídeacha Alphachloralose Pasta arna dtarchur ag an bhFrainc agus ag an tSualainn i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 168, 27.6.2022, lch. 90).’ |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Chinntí Chur Chun Feidhme (AE) 2022/986, (AE) 2022/1005 agus (AE) 2022/1006 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 29 Deireadh Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Kristján Andri STEFÁNSSON
(1) IO L 167, 24.6.2022, lch. 111.
(2) IO L 168, 27.6.2022, lch. 86.
(3) IO L 168, 27.6.2022, lch. 90.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.