17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/86


MOLADH Uimh. 2/2023 ÓN gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an 24 Márta 2023

maidir le hAirteagal 13(3a) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann [2023/821]

AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), agus go háirithe Airteagal 166(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 166(3) den Chomhaontú um Tharraingt Siar gur de chomhthoil a dhéanfar moltaí.

(2)

Faoi Airteagal 182 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, is cuid lárnach den Chomhaontú sin é an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (“an Prótacal”).

(3)

I gcás inar rialaigh painéal eadrána gur theip ar an Ríocht Aontaithe na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(3a), an tríú fomhír, den Phrótacal a chomhlíonadh, ba cheart comhlíonadh tapa leis an rialú sin ón bpainéal eadrána a bhaint amach,

TÁ AN MOLADH SEO A LEANAS DÉANTA AIGE:

Airteagal 1

Tá an méid seo a leanas á mholadh ag an gComhchoiste don Aontas agus don Ríocht Aontaithe:

I gcás inar rialaigh an painéal eadrána, i gcomhréir le hAirteagal 175 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, nár chomhlíon an Ríocht Aontaithe Airteagal 13(3a), an tríú fomhír, den Phrótacal, comhaontaíonn an tAontas agus an Ríocht Aontaithe tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an fhógra sin, chun an rialú ón bpainéal eadrána a chomhlíonadh, agus de réir mar a bheidh, a mhéid a bheidh, go mbeidh feidhm ag an ngníomh de chuid an Aontais arna leasú nó arna ionadú le gníomh sonrach de chuid an Aontais, mar a shainmhínítear in Airteagal 13(3a) den Phrótacal, ón gcéad lá den dara mí tar éis an fógra faoin rialú ón bpainéal eadrána a thabhairt don Aontas agus don Ríocht Aontaithe.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an Moladh seo an lá tar éis an dáta a dhéanfar é.

Arna dhéanamh i Londain, an 24 Márta 2023.

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh

Maroš ŠEFČOVIČ

James CLEVERLY


(1)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.