20.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 106/81


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 273/2022

an 23 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Prótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir le bacainní teicniúla ar thrádáil fíona a dhíothú [2023/802]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2017/2393 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), (AE) Uimh. 1306/2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, (AE) Uimh. 1307/2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta, (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus (AE) Uimh. 652/2014 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, cealú cosanta agus lipéadú agus cur i láthair (2), arna cheartú le IO L 269, 23.10.2019, lch. 13, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le limistéir fíonsaothrúcháin inar féidir an neart alcóil a mhéadú, le cleachtais fhíoneolaíocha údaraithe agus srianta is infheidhme maidir le táirgeadh agus caomhnú táirgí fíniúna, leis an íoschéatadán alcóil i gcás fotháirgí agus a ndiúscairt, agus le foilsiú comhad de chuid OIV (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/565 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 a mhéid a bhaineann le socruithe idirthréimhseacha maidir le stoic de tháirgí fíniúna a mhargú (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, clár na n-ainmneacha faoi chosaint, cealú cosanta agus úsáid siombailí, agus maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córas iomchuí seiceálacha (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(6)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/935 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le modhanna anailíse chun saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha táirgí fíniúna a chinneadh agus le fógraí faoi chinntí na mBallstát a bhaineann le méaduithe ar an neart alcóil nádúrtha (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(7)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún (7), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(8)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 ón gCoimisiún (8), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(9)

Is le reachtaíocht maidir le fíon a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le fíon, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sa seachtú mír den réamhrá i bPrótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Prótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Foscríbhinn 1 de Phrótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 8 (Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

“, arna leasú le:

32017 R 2393: Rialachán (AE) 2017/2393 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2017 (IO L 350, 29.12.2017, lch. 15).”

2.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 8b (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 ón gCoimisiún):

‘8c.

32019 R 0033: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí, cealú cosanta agus lipéadú agus cur i láthair (IO L 9, 11.1.2019, lch. 2), arna cheartú le IO L 269, 23.10.2019, lch. 13.

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin Tarmligthe oiriúnaithe mar a leanas:

(a)

Cuirfear an méid seo a leanas leis an tábla i gCuid A d’Iarscríbhinn I:

‘san Íoslainnis

‘súlfít’ nó ‘brennisteinsdíoxíð’

‘egg’, ‘eggjaprótín’, ‘eggjaafurð’, ‘lýsósím úr eggjum’ nó ‘eggjaalbúmín’

‘mjólk’, ‘mjólkurvörur’, ‘mjólkurkasein’ nó ‘mjólkurprótín’

san Ioruais

‘sulfitter; nó ‘svoveldioksid’

‘egg’, ‘eggprotein’, ‘eggprodukt’, ‘egglysozym’ nó ‘eggalbumin’

‘melk’, ‘melkeprodukt’, ‘melkekasein’ nó ‘melkeprotein’’

(b)

Cuirfear an méid seo a leanas leis an tábla in Iarscríbhinn II:

‘IS

‘vinnsluaðili’ nó ‘vínræktarmaður’

‘unnið af’

NO

‘bearbeidingsvirksomhet’ nó ‘vinprodusent’

‘bearbeidet av’’

8d.

32019 R 0034: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, clár na n-ainmneacha faoi chosaint, cealú cosanta agus úsáid siombailí, agus maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córas iomchuí seiceálacha (IO L 9, 11.1.2019, lch. 46).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin Cur Chun Feidhme oiriúnaithe mar a leanas:

D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1, an chumarsáid a dhéanfaidh údaráis inniúla Stáit CSTE chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 30(1), leanfaidh sí an nós imeachta a leagtar amach i bpointe (b). Ní bheidh feidhm ag pointe 4 de Phrótacal 1 maidir le hAirteagal 30.

8e.

32019 R 0934: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le limistéir fíonsaothrúcháin inar féidir an neart alcóil a mhéadú, le cleachtais fhíoneolaíocha údaraithe agus srianta is infheidhme maidir le táirgeadh agus caomhnú táirgí fíniúna, leis an íoschéatadán alcóil i gcás fotháirgí agus a ndiúscairt, agus le foilsiú comhad de chuid OIV (IO L 149, 7.6.2019, lch. 1), arna leasú le:

32020 R 0565: Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/565 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2020 (IO L 129, 24.4.2020, lch. 1).

8f.

32019 R 0935: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/935 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le modhanna anailíse chun saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha táirgí fíniúna a chinneadh agus le fógraí faoi chinntí na mBallstát a bhaineann le méaduithe ar an neart alcóil nádúrtha (IO L 149, 7.6.2019, lch. 53).’

3.

Scriostar téacs phointí 10 (Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 ón gCoimisiún) agus 11 (Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún).

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán (AE) 2017/2393, Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/33, arna cheartú le IO L 269, 23.10.2019, lch. 13, (AE) 2019/934 agus (AE) 2020/565 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 agus (AE) 2019/935 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 272/2022 ó Chomhchoiste LEE an 23 Meán Fómhair 2022 (9), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Kristján Andri STEFÁNSSON


(1)  IO L 350, 29.12.2017, lch. 15.

(2)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.

(3)  IO L 149, 7.6.2019, lch. 1.

(4)  IO L 129, 24.4.2020, lch. 1.

(5)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 46.

(6)  IO L 149, 7.6.2019, lch. 53.

(7)  IO L 193, 24.7.2009, lch. 60.

(8)  IO L 193, 24.7.2009, lch. 1.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(9)  Féach leathanach 78 den Iris Oifigiúil