20.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 106/77


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 271/2022

an 23 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2023/800]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (1) a chumhdach.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeidh an comhar leathnaithe sin ann ón 1 Eanáir 2022,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 2r (Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Airteagal 4 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘2s.

Beidh Stáit CSTE, le héifeacht ón 1 Eanáir 2022, rannpháirteach sa ghníomhaíocht seo a leanas:

32021 D 2316: Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (IO L 462, 28.12.2021, lch. 1).’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*).

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Kristján Andri STEFÁNSSON


(1)   IO L 462, 28.12.2021, lch. 1.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.