|
20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/75 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 270/2022
an 23 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn XXII (Dlí na gCuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/799]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Treoir (AE) 2019/1151 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le húsáid uirlisí agus próiseas digiteach i ndlí na gcuideachtaí (1), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasófar pointe 1 (Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach: ‘, arna leasú le:
|
|
2. |
Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach tar éis oiriúnú (c):
|
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir (AE) 2019/1151 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Kristján Andri STEFÁNSSON
(1) IO L 186, 11.7.2019, lch. 80.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.