20.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 106/74


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 269/2022

an 23 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/798]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1967 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2021 lena mbunaítear stóras sonraí éigeantach agus sásra éigeantach digiteach malartaithe faisnéise i gcomhréir le Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 32ga (Treoir (AE) 2015/996 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘32gb.

32021 D 1967: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1967 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2021 lena mbunaítear stóras sonraí éigeantach agus sásra éigeantach digiteach malartaithe faisnéise i gcomhréir le Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 400, 12.11.2021, lch. 160).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1967 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Kristján Andri STEFÁNSSON


(1)   IO L 400, 12.11.2021, lch. 160.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.