20.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 106/69


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 266/2022

an 23 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/795]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/252 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1167 chun na ceanglais tástála a shonrú atá le cur i bhfeidhm maidir le mótar-ghineadóir éifeachtúil 48 Volta atá comhtháite sa chásáil tras-seolta agus atá cumaiscthe le tiontaire 48 Volta/DC 12 Volta/DC (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 21azd (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1167 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32022 D 0252: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/252 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2022 (IO L 41, 22.2.2022, lch. 33).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/252 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Kristján Andri STEFÁNSSON


(1)   IO L 41, 22.2.2022, lch. 33.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.