20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/64 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 263/2022
an 23 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/792]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/594 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 66zab (Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘— |
32022 R 0594: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/594 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 49).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/594 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Kristján Andri STEFÁNSSON
(1) IO L 114, 12.4.2022, lch. 49.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.