20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/61 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 260/2022
an 23 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/789]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1903 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/764 maidir leis na táillí agus na muirir is iníoctha le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus coinníollacha íocaíochta na dtáillí agus na muirear sin (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 42fa (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/764 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘, arna leasú le:
— |
32021 R 1903: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1903 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2021 (IO L 387, 3.11.2021, lch. 126).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1903 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Kristján Andri STEFÁNSSON
(1) IO L 387, 3.11.2021, lch. 126.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.