20.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 106/59


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 259/2022

an 23 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/788]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2238 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 a mhéid a bhaineann le deireadh a chur de réir a chéile le cásanna sonracha i leith an chomhartha cúil (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/721 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 lena gceartaítear an leagan Seicise den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le hinrochtaineacht chóras iarnróid an Aontais do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 37ma (Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún):

‘—

32022 R 0721: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/721 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 (IO L 134, 11.5.2022, lch. 14).’

2.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 37pd (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún):

‘—

32021 R 2238: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2238 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 (IO L 450, 16.12.2021, lch. 57).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2238 agus (AE) 2022/721 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Kristján Andri STEFÁNSSON


(1)   IO L 450, 16.12.2021, lch. 57.

(2)   IO L 134, 11.5.2022, lch. 14.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.