20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/56 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 256/2022
an 23 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/785]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/172 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 maidir le comhchuibhiú speictrim raidió lena úsáid ag gairis ghearr-raoin laistigh de bhandaí minicíochta 874-876 agus 915-921 MHz (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 5czq (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘, arna leasú le:
— |
32022 D 0172: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/172 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 (IO L 28, 9.2.2022, lch. 21).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/172 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Kristján Andri STEFÁNSSON
(1) IO L 28, 9.2.2022, lch. 21.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.