20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/54 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 254/2022
an 23 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/783]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/180 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir leis an nuashonrú ar choinníollacha teicniúla comhchuibhithe i réimse na húsáide speictrim raidió le haghaidh gairis gearr-raoin (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 5cz (Cinneadh 2006/771/CE ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘— |
32022 D 0180: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/180 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2022 (IO L 29, 10.2.2022, lch. 17 ).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/180 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Kristján AndriSTEFÁNSSON
(1) IO L 29, 10.2.2022, lch. 17.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.