20.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 106/49


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 250/2022

an 23 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/779]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/629 ón gCoimisiún an 12 Eanáir 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 a mhéid a bhaineann le coigeartú ar na tairseacha leachtachta agus ar an bpeircintíl trádála a úsáidtear chun an méid atá sonrach don ionstraim is infheidhme maidir le hionstraimí neamhchothromais áirithe a chinneadh (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 31baz (Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32022 R 0629: Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/629 ón gCoimisiún an 12 Eanáir 2022 (IO L 115I, 13.4.2022, lch. 1).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/629 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Kristján Andri STEFÁNSSON


(1)   IO L 115I, 13.4.2022, lch. 1.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.