20.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 106/44


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 247/2022

an 23 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/776]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/631 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 a mhéid a bhaineann le neamhchosaintí ar phriacal an ráta úis a nochtadh i ndáil le suíomhanna nach sealbhaítear sa leabhar trádála (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 14ag (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32022 R 0631: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/631 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2022 (IO L 117, 19.4.2022, lch. 3).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/631 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Kristján Andri STEFÁNSSON


(1)   IO L 117, 19.4.2022, lch. 3.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.