20.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 106/37


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 244/2022

an 23 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn V (Saorghluaiseacht oibrithe) agus Iarscríbhinn VIII (Ceart bunaíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/773]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1096 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Cóiré leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (1), arna cheartú le IO L 201, 1.8.2022, lch. 74, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1097 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Mhadagascar leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1098 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an gCosaiv leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1099 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Ríocht Bhairéin leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1100 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Eacuadór leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus VIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 10zl (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/726 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘10zm.

32022 D 1096: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1096 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Cóiré leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 176, 1.7.2022, lch. 64), arna cheartú le IO L 201, 1.8.2022, lch. 74.

10zn.

32022 D 1097: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1097 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Mhadagascar leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 176, 1.7.2022, lch. 67).

10zo.

32022 D 1098: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1098 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an gCosaiv leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 176, 1.7.2022, lch. 70).

10zp.

32022 D 1099: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1099 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Ríocht Bhairéin leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 176, 1.7.2022, lch. 73).

10zq.

32022 D 1100: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1100 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Eacuadór leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 176, 1.7.2022, lch. 76).’

Airteagal 2

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 11zl (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/726 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘11zm.

32022 D 1096: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1096 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Cóiré leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 176, 1.7.2022, lch. 64), arna cheartú le IO L 201, 1.8.2022, lch. 74.

11zn.

32022 D 1097: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1097 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Mhadagascar leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 176, 1.7.2022, lch. 67).

11zo.

32022 D 1098: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1098 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an gCosaiv leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 176, 1.7.2022, lch. 70).

11zp.

32022 D 1099: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1099 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Ríocht Bhairéin leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 176, 1.7.2022, lch. 73).

11zq.

32022 D 1100: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1100 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Eacuadór leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 176, 1.7.2022, lch. 76).’

Airteagal 3

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Chinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1096, arna cheartú le IO L 201, 1.8.2022, lch. 74, (AE) 2022/1097, (AE) 2022/1098, (AE) 2022/1099 agus (AE) 2022/1100 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 5

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Kristján Andri STEFÁNSSON


(1)  IO L 176, 1.7.2022, lch. 64.

(2)  IO L 176, 1.7.2022, lch. 67.

(3)  IO L 176, 1.7.2022, lch. 70.

(4)  IO L 176, 1.7.2022, lch. 73.

(5)  IO L 176, 1.7.2022, lch. 76.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.