20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/33 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 242/2022
an 23 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/771]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2078 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an mBunachar Eorpach Sonraí um Fheistí Leighis (Eudamed) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 11b (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2226 ón gCoimisiún) de Chaibidil XXX d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘11c. |
32021 R 2078: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2078 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an mBunachar Eorpach Sonraí um Fheistí Leighis (Eudamed) (IO L 426, 29.11.2021, lch. 9). Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas: D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, maidir leis na téarmaí ‘Ballstát/Ballstáit’ agus ‘údaráis inniúla’, tuigfear go bhfuil Stáit CSTE agus a n-údaráis inniúla ar áireamh iontu faoi seach, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Rialachán.’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2078 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Kristján Andri STEFÁNSSON
(1) IO L 426, 29.11.2021, lch. 9.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.