|
20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/28 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 241/2022
an 23 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/770]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/723 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le clár poiblí a chur ar bun ina liostófar na comhlachtaí arna gceapadh ag gach Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe le haghaidh deochanna biotáilleacha (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le hiarratais ar chlárú tásc geografach deochanna biotáilleacha, maidir le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, maidir le cealú an chláraithe agus maidir leis an gclár (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1334 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tagairtí d’ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha nó tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú deochanna biotáilleacha eile (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1335 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú deochanna biotáilleacha a eascraíonn as teaglaim de dheoch bhiotáilleach agus táirge bia amháin nó níos mó (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(5) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1465 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sainmhíniú na dtagairtí d’ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha nó tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha agus a n-úsáid i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú deochanna biotáilleacha seachas na deochanna biotáilleacha dá dtagraítear (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(6) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/198 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bunú an chláir um thásca geografacha faoi chosaint in earnáil na dtáirgí fíona cumhraithe agus liostú na sonrúchán geografach atá ann cheana sa chlár sin (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(7) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/717 ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2021 lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is é sin, ‘Nagykunsági szilvapálinka’ (7), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(8) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/724 ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cumarsáidí is gá do na Ballstáit a chur chuig an gCoimisiún maidir leis na comhlachtaí arna gceapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe le haghaidh deochanna biotáilleacha agus na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán sin (8), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(9) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1236 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le hiarratais ar chlárú tásc geografach deochanna biotáilleacha, leis an nós imeachta freasúra, le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, leis an gclárú a chealú, le siombail a úsáid agus le rialú (9), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(10) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1265 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2021 lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Bayerischer Bärwurz’) (10), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(11) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1291 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2021 lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Demerara Rum’) (11), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(12) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1343 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2021 lena bhformheastar leasuithe ar na sonraíochtaí a bhaineann le tásc geografach na dí biotáillí cláraithe (Újfehértói meggypálinka) (12), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(13) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1419 ón gCoimisiún an 24 Lúnasa 2021 lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Nagykunsági birspálinka’) (13), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(14) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1687 ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2021 lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is é sin, ‘Madarasi birspálinka’ (14), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(15) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2262 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is é sin, ‘Bayerischer Blutwurz’ (15), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(16) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235 aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 ón gCoimisiún (16), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
|
(17) |
Is le reachtaíocht maidir le deochanna biotáilleacha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le deochanna biotáilleacha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sa réamhrá i gCaibidil XXVII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(18) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil XXVII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 9 (Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):
|
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 9ak (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/518 ón gCoimisiún):
|
|
3. |
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 9ba (Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/670 ón gCoimisiún):
|
|
4. |
Scriostar téacs phointe 9a (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 ón gCoimisiún). |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Tarmligthe (AE) 2021/723, (AE) 2021/1235, (AE) 2021/1334, (AE) 2021/1335 agus (AE) 2021/1465 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/198, (AE) 2021/717, (AE) 2021/724, (AE) 2021/1236, (AE) 2021/1265, (AE) 2021/1291, (AE) 2021/1343, (AE) 2021/1419, (AE) 2021/1687 agus (AE) 2021/2262 san Íoslainnis agus san Ioruais, atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Kristján Andri STEFÁNSSON
(1) IO L 155, 5.5.2021, lch. 1.
(2) IO L 270, 29.7.2021, lch. 1.
(3) IO L 289, 12.8.2021, lch. 1.
(4) IO L 289, 12.8.2021, lch. 4.
(5) IO L 321, 13.9.2021, lch. 12.
(6) IO L 42, 14.2.2020, lch. 8.
(7) IO L 151, 3.5.2021, lch. 8.
(8) IO L 155, 5.5.2021, lch. 3.
(9) IO L 270, 29.7.2021, lch. 10.
(10) IO L 277, 2.8.2021, lch. 32.
(11) IO L 281, 4.8.2021, lch. 1.
(12) IO L 292, 16.8.2021, lch. 25.
(13) IO L 305, 31.8.2021, lch. 8.
(14) IO L 332, 21.9.2021, lch. 4.
(15) IO L 455, 20.12.2021, lch. 18.
(16) IO L 201, 26.7.2013, lch. 21.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.