20.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 106/18


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 236/2022

an 23 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/765]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2022/617 ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 maidir le huasleibhéil mearcair in éisc agus i salann (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/502 ón gCoimisiún an 29 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 maidir le hainm shealbhóir an údaraithe le haghaidh an táirge phríomhúil um blastán deataigh ‘Scansmoke PB 1110’ (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sa réamhrá i gCaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 54zzzz (Rialachán (CE) 1881/2006 ón gCoimisiún):

‘-

32022 R 0617: Rialachán (AE) 2022/617 ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2022 (IO L 115, 13.4.2022, lch. 60).’

2.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 84 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 ón gCoimisiún):

 

‘, arna leasú le:

32022 R 0502: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/502 ón gCoimisiún an 29 Márta 2022 (IO L 102, 30.3.2022, lch. 6).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán (AE) 2022/617 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/502 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Kristján Andri STEFÁNSSON


(1)  IO L 115, 13.4.2022, lch. 60.

(2)  IO L 102, 30.3.2022, lch. 6.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.