20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/14 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 234/2022
an 23 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/763]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1849 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/464 lena leagtar síos rialacha áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na doiciméid is gá chun tréimhsí a aithint go haisghníomhach chun tiontaithe, le táirgeadh táirgí orgánacha agus leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1921 ón gCoimisiún an 4 Samhain 2021 lena gceartaítear an leagan Cróitise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/464 lena leagtar síos rialacha áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na doiciméid is gá chun tréimhsí a aithint go haisghníomhach chun tiontaithe, le táirgeadh táirgí orgánacha agus leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sa réamhrá i gCaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 54be (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/464 ón gCoimisiún) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘— |
32021 R 1849: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1849 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 (IO L 374, 22.10.2021, lch. 10), |
— |
32021 R 1921: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1921 ón gCoimisiún an 4 Samhain 2021 (IO L 391, 5.11.2021, lch. 41).’ |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1849 agus (AE) 2021/1921 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Kristján Andri STEFÁNSSON
(1) IO L 374, 22.10.2021, lch. 10.
(2) IO L 391, 5.11.2021, lch. 41.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.