20.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 106/7


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 230/2022

an 23 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/759]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2171 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena leasaítear Treoir 66/402/CEE ón gComhairle maidir le luchtóg síl agus meáchain shamplacha Avena nuda (1), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Is le reachtaíocht maidir le cúrsaí fíteashláintíochta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí fíteashláintíochta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 3 (Treoir 66/402/CEE ón gComhairle) i gCuid 1 de Chaibidil III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32021 L 2171: Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2171 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 (IO L 438, 8.12.2021, lch. 84).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2171 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha. (*)

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Kristján Andri STEFÁNSSON


(1)  IO L 438, 8.12.2021, lch. 84.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.