10.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 73/46 |
CINNEADH Uimh. 01/2021 Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR
(tar éis an chomhairliúcháin i scríbhinn)
maidir le glacadh bhuiséad an Chomhphobail Iompair don bhliain 2021 (2023/559)
TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,
Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (1), agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 35 de,
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Leis seo, glactar buiséad an Chomhphobail Iompair don bhliain 2021, atá ceangailte den Chinneadh seo.
Airteagal 2
1. I gcomhréir le hAirteagal 10(1) de na rialacha airgeadais agus le nósanna imeachta iniúchta is infheidhme maidir leis an gComhphobal Iompair, féadfar leithreasuithe de líne bhuiséid ar leith ó bhuiséad 2021 a úsáid chun críocha a bhaineann le líne bhuiséid eile, laistigh den teorainn iomlán 10 % de leithreasuithe na líne buiséid ar leith sin. Ní bheidh feidhm aige sin maidir leis an líne bhuiséid i dtaca le buiséad na n-acmhainní daonna.
2. Maidir le leithreasuithe a thugtar anonn chun oibleagáidí a síníodh ag deireadh 2020 a chomhlíonadh, mar a shonraítear sa bhuiséad atá ceangailte de seo, ní bheidh siad incháilithe don úsáid dá dtagraítear i mír 1. Ní chuirfear san áireamh iad chun an t-uasmhéid a chomhfhreagraíonn don teorainn 10 % dá dtagraítear ann a chinneadh.
Airteagal 3
Leithreasuithe nár gealladh faoi dheireadh na mblianta airgeadais 2019 agus 2020, déanfar iad a chur ar ceal agus a íoc ar ais leis na Páirtithe i gcomhréir leis na céatadáin a leagtar síos in Iarscríbhinn V den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair agus leis na ranníocaíochtaí a íocadh iarbhír.
Arna dhéanamh i Sairéavó, an 28 Eanáir 2021.
Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh
An tUachtarán
BUISÉAD AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR DON BHLIAIN 2021
Líne bhuiséid |
Méid (EUR) |
||||||||||
|
|
||||||||||
|
1 465 706 |
||||||||||
|
172 560 |
||||||||||
|
353 080 |
||||||||||
|
303 080 |
||||||||||
|
50 000 |
||||||||||
|
247 590 |
||||||||||
|
530 000 |
||||||||||
|
400 000 |
||||||||||
|
130 000 |
||||||||||
|
|
||||||||||
|
60 000 |
||||||||||
|
|
||||||||||
|
20 950 |
||||||||||
|
|
||||||||||
|
99 100 |
||||||||||
|
|
||||||||||
|
13 300 |
||||||||||
Cúlchiste (thart ar 8 % de na creidmheasanna nua) |
217 714 |
||||||||||
Iomlán na gcreidmheasanna nua |
3 000 000 |
||||||||||
Iomlán na tabhartha anonn ón mbliain 2020 |
180 000 |
||||||||||
Comhiomlán |
3 180 000 |
||||||||||
Ranníocaíocht AE (80 % de na creidmheasanna nua) |
2 400 000 |
||||||||||
Ranníocaíocht Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa (20 % de na creidmheasanna nua: tá an dáileadh de réir tíre le fáil in Iarscríbhinn V de TCT) |
600 000 |