|
16.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 78/39 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 89/2020
an 18 Meitheamh 2020
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/538]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/666 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 920/2013 a mhéid a bhaineann le hathnuachan ainmniúchán agus le faireachas agus faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 10 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 920/2013 ón gCoimisiún) de Chaibidil XXX d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘, arna leasú le:
|
— |
32020 R 0666: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/666 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2020 (IO L 156, 19.5.2020, lch. 2).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/666 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 18 Meitheamh 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Meitheamh 2020.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Clara GANSLANDT
(1) IO L 156, 19.5.2020, lch. 2.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.