16.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 49/40 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 18/2020
an 7 Feabhra 2020
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/296]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/684 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2019 maidir le haitheantas a thabhairt do shocruithe dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin na Seapáine i dtaca le hidirbhearta díorthacha faoi maoirseacht Ghníomhaireacht Seirbhísí Airgeadais na Seapáine mar shocruithe atá coibhéiseach leis na ceanglais a bhaineann le luacháil, réiteach díospóidí agus éarlais in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 31bcaw (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2031 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘31bcax. |
32019 D 0684: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/684 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2019 maidir le haitheantas a thabhairt do shocruithe dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin na Seapáine i dtaca le hidirbhearta díorthacha faoi maoirseacht Ghníomhaireacht Seirbhísí Airgeadais na Seapáine mar shocruithe atá coibhéiseach leis na ceanglais a bhaineann le luacháil, réiteach díospóidí agus éarlais in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 115, 2.5.2019, lch. 11).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/684 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 8 Feabhra 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Feabhra 2020.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Clara GANSLANDT
(1) IO L 115, 2.5.2019, lch. 11.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.